Skip to content

Beartais chorparáideacha

Cosaint sonraí pearsanta

Déanann Comhairle an Aontais Eorpaigh agus a hArdrúnaíocht na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta a urramú go docht. Cinntíonn an tOifigeach Cosanta Sonraí go gcuirtear na rialacha sin i bhfeidhm mar is ceart.

Trédhearcacht

De réir na rialacha maidir le trédhearcacht, feidhmíonn institiúidí an Aontais go hoscailte agus i ndlúthchomhar, a mhéid is féidir, leis na saoránaigh. Déanann airí na Comhairle dlíthe a achtú go poiblí agus tá sé de cheart ag na saoránaigh rochtain ar dhoiciméid na Comhairle a iarraidh.

Bainistíocht comhshaoil

Féachann Ardrúnaíocht na Comhairle leis an tionchar sin a laghdú agus an comhshaol a chosaint. Tá clár bainistíochta comhshaoil bunaithe aici a bhaineann le gníomhaíochtaí uile na hArdrúnaíochta sna foirgnimh ina bhfuil sí lonnaithe sa Bhruiséil.

Cumarsáid sheachtrach

Is ar Straitéis Cumarsáide Seachtraí Ardrúnaíocht na Comhairle a bhunaítear na gníomhaíochtaí cumarsáid, ina sonraítear spriocanna cumarsáide, spriocphobail, ról na cumarsáide in obair na hArdrúnaíochta chomh maith le príomh-mhodhanna oibre. Bunaítear sainaitheantas físeach ‘theaghlach na Comhairle’ ar lógó coiteann a sheasann don aontacht, an leanúnachas agus an éagsúlacht.

Ilteangachas

Oibríonn an Chomhairle agus an Chomhairle Eorpach i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais. Tá saoránaigh uile an Aontais i dteideal scríobh chuig an gComhairle Eorpach agus chuig an gComhairle in aon cheann de na teangacha oifigiúla sin.

Faisnéis rúnaicmithe a chosaint

Tá córas slándála cuimsitheach ag an gComhairle chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais a chosaint. Tá an córas sin infheidhme maidir leis an gComhairle, lena hArdrúnaíocht agus leis na Ballstáit.

An t-athbhreithniú deireanach: an 17 Iúil 2024