Skip to content
Page is loading

Foilseacháin

Foilseacháin

  • Environmental statement 2025

    On 25 January 2016, the General Secretariat of the Council of the European Union (GSC) obtained EMAS (Eco-Management and Audit Scheme) registration, validating the quality of the environmental management system in place since 2010.

    This statement contains updates on the GSC’s environmental performance up to 2024. Continuous and effective environmental management has, in particular, enabled the GSC to reduce its consumption of energy and water and to improve its waste management. These results enhance the credibility of the GSC’s environmental initiatives validated by the EMAS registration. The environmental management system enables the GSC to measure and monitor the impacts of its activities to better control those impacts and to continuously improve its performance.

    2026, 69 pages, Bileoigín/fógrán
  • An Chomhairle Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh (leagan 2025)

    Is iad an Chomhairle Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh an dá institiúid a dhéanann ionadaíocht ar na Ballstáit san Aontas Eorpach. Tugann siad ceannairí agus airí thíortha an Aontais le chéile chun todhchaí an Aontais Eorpaigh a mhúnlú. Tá ról ríthábhachtach acu araon i gcinnteoireacht an Aontais. Mínítear san fhoilseachán seo a gcumhachtaí, a bhfeidhmiú agus a gcomhdhéanamh faoi seach, cé a bhíonn i gceannas ar an dá institiúid agus conas a dhéantar cinntí.

    2025, 83 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • Tuarascáil ón Meitheal um an Dlí Idirnáisiúnta Poiblí (COJUR) i ndáil le treoirlínte an Aontais maidir le comhlíonadh an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta a chur chun cinn – Iúil 2025

    Cloch choirnéil de dhlí idirnáisiúnta na linne seo é an dlí daonnúil idirnáisiúnta (DDI), lena bhféachtar le héifeachtaí na coinbhleachta armtha a theorannú agus le sibhialtaigh agus daoine eile nach bhfuil páirteach i gcogaíocht a chosaint. Le treoirlínte an Aontais cuirtear i dtreis a thiomanta atá an tAontas do chomhlíonadh DDI a chur chun cinn agus leagtar amach na príomhuirlisí atá ar fáil aige chuige sin. D’ullmhaigh Meitheal na Comhairle um an Dlí Idirnáisiúnta Poiblí (COJUR) an t-ochtú tuarascáil bhliantúil maidir leis an ngníomhaíocht a rinne an tAontas Eorpach chun na treoirlínte sin a chur chun feidhme. Is ó mhí Eanáir 2024 go Nollaig 2024 an tréimhse thagartha atá i gceist.

    2025, 224 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • Stair Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus na Comhairle Eorpaí

    Is príomhghníomhaithe iad Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Chomhairle Eorpach i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais. Leagtar amach san fhoilseachán seo stair an dá Chomhairle ó bunaíodh iad – ó thús na 1950í i bPáras, trí Chonradh Liospóin (2009) agus imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (2020) – go dtí an lá atá inniu ann. Is é scéal an dá Chomhairle scéal an Aontais Eorpaigh ina iomláine, idir bheartais agus uaillmhianta, géarchéimeanna agus dul chun cinn.

    2025, 136 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • Limistéar Schengen

    Sa bhileog seo i sraith Schengen tugtar cur síos achomair ar stair limistéar Schengen agus na prionsabail lena rialaítear é. Áirítear leis léarscáil pholaitiúil den Eoraip agus eolas faoi stádais éagsúla na 26 thír atá i limistéar Schengen. Tá sé ar fáil i 24 theanga de chuid an Aontais.

    2025, 4 pages, Bileoigín/fógrán
  • Do thairseach don tsaorghluaiseacht san Eoraip

    Schengen, sráidbhaile i ndeisceart Lucsamburg ar bhruach abhainn Moselle, áit a dtagann críocha pháirtithe conarthacha tosaigh Chomhaontú Schengen le chéile (an Fhrainc, an Ghearmáin agus na Stáit Benelux), agus atá anois ina shiombail do chealú na rialuithe ag teorainneacha inmheánacha agus don tsaorghluaiseacht san Eoraip.

    2025, 15 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • An Chomhairle Eorpach

    Is í an Chomhairle Eorpach an institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh a leagann amach treo ginearálta agus tosaíochtaí an Aontais. Is iad a bhíonn ar an gComhairle: cinn stáit nó rialtais na mBallstát, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh. Is ionann an Chomhairle Eorpach agus an comhar polaitiúil is airde leibhéal i measc na mBallstát. Tagann sí le chéile gach ráithe, nó mar sin, sa Bhruiséil.

    2025, 8 pages, Bileoigín/fógrán
  • Limistéar Schengen - póstaer

    Léarscáil gheopholaitiúil atá sa phóstaer seo den tsraith faoi Schengen, ina léirítear na 27 thír atá i limistéar Schengen agus na stáit a bhfuil stádas eile acu. Tá gearrfhaisnéis ann freisin maidir le gluaiseachtaí daoine i ngach ceann de na tíortha a chuirtear i láthair.

     

    2024, 1 pages, Póstaeir
  • Leabhar gníomhaíochtaí “An Eoraip agus Tusa”

    Ar mhaith leat go bhfoghlaimeodh do dhaltaí níos mó faoi na 27 dtír atá san Aontas Eorpach?

    Leis an leabhar gníomhaíochtaí seo is féidir leo fíricí spraíúla fúthu a aimsiú, eolas a chur ar ainmneacha a bpríomhchathracha agus a mbratacha a dhathú.

    Tá sé ar fáil i 24 theanga.

    Oiriúnach do pháistí idir 7 agus 10 mbliana d'aois.

    2024, 40 pages, Acmhainní oideachais
  • Seo liom ag dathú na hEorpa!

    An bhfuil bealach spraíúil á lorg agat chun páistí óga a chur i láthair an Aontais Eorpaigh? D'fhéadfadh an leabhar dathúcháin oideachasúil seo a bheith ina thús maith. Is féidir le páistí bratacha thíortha an Aontais a dhathú trí úsáid a bhaint as na múnlaí a chuirtear ar fáil, a n-ainmneacha a scríobh síos leis na leideanna a thugtar, agus na greamáin a mheaitseáil leis na bratacha agus na cruthanna tíre comhfhreagracha.

    2024, 40 pages, Acmhainní oideachais
  • Environmental statement 2023

    Only the French version of the environmental statement has been validated by the EMAS verifier. An English translation is in progress

    Le 25 janvier 2016, le secrétariat général du Conseil de l'Union européenne (SGC) a obtenu l'enregistrement EMAS1, validant la qualité du système de gestion environnementale mis en place en 2010.

    La présente déclaration comporte une mise à jour des performances environnementales du SGC jusqu'en 2022. La mise en oeuvre continue d'une gestion environnementale performante a permis au SGC d'aller encore plus loin dans la réduction de sa consommation d'énergie et de maintenir la tendance à la baisse de la quantité annuelle de papier utilisée par personne. Ces résultats positifs donnent de la crédibilité à la démarche environnementale mise en place au SGC depuis plusieurs années, démarche qui a été validée par l'enregistrement EMAS. Le système de management environnemental permet au SGC non seulement de mesurer et de suivre les impacts de ses activités pour mieux les maîtriser, mais également d'améliorer ses résultats de manière continue.

    2023, 68 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • Tuarascáil ón Meitheal um an Dlí Idirnáisiúnta Poiblí (COJUR) i ndáil le treoirlínte an Aontais maidir le comhlíonadh an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta a chur chun cinn – Iúil 2023

    Cloch choirnéil de dhlí idirnáisiúnta na linne seo é an dlí daonnúil idirnáisiúnta (DDI), lena bhféachtar le héifeachtaí na coinbhleachta armtha a theorannú agus le sibhialtaigh agus daoine eile nach bhfuil páirteach i gcogaíocht a chosaint. Le treoirlínte an Aontais cuirtear i dtreis a thiomanta atá an tAontas do chomhlíonadh DDI a chur chun cinn agus leagtar amach na príomhuirlisí atá ar fáil aige chuige sin. D’ullmhaigh Meitheal na Comhairle um an Dlí Idirnáisiúnta Poiblí (COJUR) an séú tuarascáil bhliantúil maidir leis an ngníomhaíocht a rinne an tAontas Eorpach chun na treoirlínte sin a chur chun feidhme. Is ó mhí Eanáir 2022 go Nollaig 2022 an tréimhse thagartha atá i gceist.

    2023, 117 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • An tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a thuiscint

    Conas a oibríonn an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta? Cé hiad na príomhghníomhaithe atá páirteach? Cad ba chúis leis an ngéarchéim eacnamaíoch agus airgeadais agus conas a réitíodh í? Soláthraítear sa leabhrán seo faisnéis faoin Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, feidhmiú an aontais sin agus an fhreagairt don ghéarchéim eacnamaíoch. Sainmhínítear sa leabhrán na huirlisí a úsáideadh chun an ghéarchéim a réiteach agus chun nach dtarlóidh a leithéid amach anseo: comhordú beartais eacnamaíoch, cobhsaíocht airgeadais le sásraí maoirseachta agus réitigh, agus sásraí cobhsaíochta chun tacú le tíortha atá sa limistéar euro a mbíonn deacrachtaí acu.
    Tá an leabhrán le fáil i 24 theanga de chuid an Aontais.

    2023, 28 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • Yooki and the Union of the Forest

    This illustrated story about the adventures of Yooki the firefly and his animal friends is part of an educational package designed to explain to pupils aged 7 to 9 what the European Union is, why it was created and what role the Council and the member states play in it.

    Print versions can be requested via the Council’s website, subject to the conditions stated and availability.

    2023, 38 pages, Acmhainní oideachais
  • Seo leat. Bí ag foghlaim le Yooki

    Is cuid de phacáiste foghlama é an leabhar cleachtaidh seo a cuireadh i dtoll a chéile le léargas a thabhairt do dhaltaí idir 7 mbliana agus 9 mbliana d’aois ar a bhfuil i gceist leis an Aontas Eorpach, ar an gcaoi a tháinig sé chun cinn agus ar an ról atá ag an gComhairle agus ag na Ballstáit ann. Ní mór do na páistí an leabhar ‘Yooki agus Aontas na Coille’, a léamh ar dtús; ar an mbealach sin, bainfidh siad tairbhe iomlán as an leabhar cleachtaidh seo.

    Is féidir leaganacha clóite a iarraidh trí shuíomh gréasáin na Comhairle, faoi réir na gcoinníollacha a luaitear agus iad a bheith ar fáil.

    2023, 86 pages, Acmhainní oideachais
  • Léarscáil mhaisithe den Aontas Eorpach

    Is cuid de phacáiste foghlama í an léarscáil seo a cuireadh i dtoll a chéile le léargas a thabhairt do dhaltaí idir 7 mbliana agus 9 mbliana d’aois ar a bhfuil i gceist leis an Aontas, ar an gcaoi ar tháinig sé chun cinn agus ar an ról atá ag an gComhairle agus ag na Ballstáit ann. Tá sé le húsáid mar chuid de na gníomhaíochtaí a mholtar sa leabhar cleachtaidh ‘Bí ag foghlaim le Yooki’.

    Is féidir leaganacha clóite a iarraidh trí shuíomh gréasáin na Comhairle, faoi réir na gcoinníollacha a luaitear agus cóipeanna a bheith ar fáil.

    2023, 0 pages, Acmhainní oideachais
  • Treoirleabhar an mhúinteora (Yooki agus Aontas na Coille)

    Is cuid de phacáiste foghlama é treoirleabhar seo an mhúinteora a cuireadh i dtoll a chéile le léargas a thabhairt do dhaltaí idir 7 mbliana agus 9 mbliana d’aois ar a bhfuil i gceist leis an Aontas Eorpach, ar an gcaoi a tháinig sé chun cinn agus ar an ról atá ag an gComhairle agus ag na Ballstáit ann. Tá moltaí ann do cheachtanna don seomra ranga bunaithe ar a bhfuil sa scéal ‘Yooki agus Aontas na Coille’ agus sa leabhar cleachtaidh ‘Seo leat. Bí ag foghlaim le Yooki’.

    2023, 60 pages, Acmhainní oideachais
  • Obair leantach na Comhairle ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa

    Tugann an bróisiúr seo forléargas ar obair leantach na Comhairle ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Seoladh an Chomhdháil i mí an Mhárta 2021; is tionscnamh comhpháirteach de chuid Pharlaimint na hEorpa, Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus an Choimisiúin Eorpaigh í an Chomhdháil chun cluas a thabhairt do shaoránaigh na hEorpa agus ligean dóibh a dtuairimí a nochtadh faoi thodhchaí na hEorpa, trí shraith pléití faoi stiúir na saoránach. Tháinig deireadh leis an gComhdháil an 9 Bealtaine 2022 nuair a cuireadh an tuarascáil maidir le toradh deiridh na Comhdhála i láthair. Tá an bhéim á cur anois ar an obair leantach.

    2023, 6 pages, Bileoigín/fógrán
  • Rialacha Nós Imeachta na Comhairle agus nótaí tráchta faoi Rialacha Nós Imeachta na Comhairle

    Cén chaoi a n-ullmhaítear obair na Comhairle? Cad iad na socruithe vótála a bhfuil feidhm leo? Cad iad na rialacha maidir le díospóireachtaí poiblí? Tugtar freagra ar na ceisteanna sin agus ar chuid mhór ceisteanna eile a bhaineann le struchtúr na Comhairle, a himeachtaí agus an chinnteoireacht a dhéanann sí sa treoirleabhar praiticiúil seo. Dírítear an leabhrán go sonrach ar thoscaireachtaí agus ar uachtaránachtaí rothlacha na Comhairle, d’fhonn faisnéis a chur ar fáil maidir leis an timpeallacht dhlíthiúil agus d’fhonn cabhair a thabhairt chun uachtaránachtaí a ullmhú. Tá Rialacha Nós Imeachta na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle sa leabhrán, chomh maith le nótaí tráchta. Tá fáil ar an leabhrán i 23 theanga de chuid an Aontais Eorpaigh.

    2022, 178 pages, Leabhair faoi chlúdach bog
  • Environmental statement 2022

    On 25 January 2016, the General Secretariat of the Council of the European Union (GSC) obtained EMAS registration1, validating the quality of the environmental management system in place since 2010.

    This statement contains an update on the GSC’s environmental performance up to 2021. The continued implementation of an effective environmental management system has enabled the GSC to go even further in reducing its energy consumption and to maintain the downward trend in the amount of paper used annually per person. These positive results lend credibility to the environmental initiatives which have been in place at the GSC for a number of years, and which were validated by the EMAS registration. The environmental management system enables the GSC not only to measure and monitor the impact of its activities so as to better control it, but also to continuously improve its performance.

    2022, 71 pages, Leabhair faoi chlúdach bog