Skip to content

An soláthar in Ardrúnaíocht na Comhairle

Is minic a úsáideann institiúidí an Aontais an téarma ‘glaonna’ agus iad ag tagairt do nósanna imeachta tairisceana. Cumhdaítear an méid seo a leanas leis an téarma sin:

  • Glaonna ar thairiscintí (fógraí conartha a fhoilsítear san Iris Oifigiúil)
  • Glaonna ar léiriú spéise i leith conarthaí soláthair, seirbhíse agus oibreacha a bhronnadh

Is ar an luach a mheastar a bheidh i gceist le conradh a bhraitheann an rogha a dhéantar maidir leis an nós imeachta tairisceana agus maidir leis na ceanglais fógraíochta.

Conarthaí dar luach is airde ná €143 000

Is i Sraith S d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a fhoilsítear na fógraí conartha le haghaidh glaonna ar thairiscintí dar luach is airde ná €143 000. Is féidir iad a cheadú ar líne i mbunachar sonraí TED an Aontais.

Ba cheart duit clárú ar an suíomh gréasáin seo agus foláireamh cuardaigh a chruthú más mian leat fógraí a fháil faoi ghlaonna ar thairiscintí atá ar na bacáin i réimse spéise.

Tá na doiciméid soláthair agus eolas eile maidir leis na glaonna leanúnacha ar thairiscintí ar fáil sa roinn maidir le soláthar ar Thairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ an Aontais.

Conarthaí dar luach €15 000 go €143 000

Faoi ‘glaonna reatha’ a fhoilsítear glaonna ar thairiscintí maidir le conarthaí dar luach idir €15 000 agus €143 000 ar an suíomh gréasáin seo.

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil, le do thoil, leis an duine a liostaítear mar phointe teagmhála san fhógra i leith an ghlao.

Conarthaí dar luach is ísle ná €15 000

Féadfar conarthaí dar luach is lú ná €15 000 a bhronnadh trí nós imeachta idirbheartaithe gan fógra conartha a fhoilsiú roimh ré. Bíodh is nach ndéantar na deiseanna sin a fhógairt, mar sin féin, má chuireann tú thú féin in iúl ar an margadh, d'fhéadfaí cuireadh a thabhairt duit tairiscint a chur isteach maidir leis an gcineál seo conartha.

Foirmeacha éigeantacha maidir le rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair na hArdrúnaíochta

D'fhonn a bheith rannpháirteach i nósanna imeachta soláthair na hArdrúnaíochta, ní mór duit foirm eintitis dhlíthiúil agus foirm aitheantais airgeadais a chomhlánú chun sonraí do chuideachta agus mionsonraí do chuntais bainc a chur ar fáil dúinn:

Foirmeacha éigeantacha maidir le rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair na hArdrúnaíochta

Cé a fhéadfaidh cur isteach orthu?

Is féidir leo seo a leanas páirt a ghlacadh:

  • oibreoirí eacnamaíocha atá cláraithe san Aontas
  • saoránaigh uile an Aontais
  • oibreoirí eacnamaíocha as tír nach tír den Aontas Eorpach í ach a bhfuil comhaontú aici leis an Aontas maidir leis na margaí soláthair phoiblí a oscailt

Más ó oibreoir eacnamaíoch a bheith incháilithe chun tairiscint a chur isteach, ní mór gur fíor an méid seo a leanas ina leith:

  • ní féimhigh iad
  • níor ciontaíodh iad i mí-iompar tromchúiseach gairmiúil
  • tá a gcuid dualgas comhlíonta acu maidir le cánacha agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta a íoc
  • níor ciontaíodh iad i gcoir, i gcalaois, i sciúradh airgid, i bhfostú leanaí, i bpáirt a ghlacadh in eagraíocht choiriúil ná in aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a bheadh i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais
  • níor thug siad bréagléiriú go calaoiseach nó go faillíoch ar eolas
  • níor eisiadh iad ó thairiscint a dhéanamh