Cruinnithe na Comhairle – a bhfuil i gceist
Aon Chomhairle amháin, 10 bhfoirmíocht
Is aon eintiteas dlíthiúil amháin í Comhairle an Aontais Eorpaigh. Ach go praiticiúil, tagann na hairí le chéile sa Chomhairle i ngrúpaí téamacha éagsúla, ar a dtugtar foirmíochtaí na Comhairle.
Is de réir réimsí beartais a eagraítear na 10 bhfoirmíocht. Tagann na hairí náisiúnta a bhfuil na sainchúraimí acu ar an leibhéal náisiúnta a chomhfhreagraíonn do réimse beartais foirmíochta de chuid na Comhairle le chéile chun beartais a phlé agus chun reachtaíocht a ghlacadh sa réimse sonrach sin.
Bíonn cruinnithe ag an gComhairle maidir le gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais, an comhshaol, fuinneamh, ceartas agus mar sin de; tugann gach ceann de na cruinnithe sin airí náisiúnta na mBallstát atá freagrach as an réimse beartais atá i gceist le chéile.
Cruinnithe na Comhairle – a mbíonn páirteach
Airí na mBallstát
Freastalaíonn ionadaithe ar leibhéal na n-airí ó rialtas gach Ballstáit ar chruinnithe na Comhairle. D’fhéadfadh sé gur airí nó státrúnaithe a bheadh sna rannpháirtithe.
Mar shampla, glacfaidh na hairí ceartais páirt sa Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile agus glacfaidh na hairí airgeadais páirt sa Chomhairle Geilleagair agus Gnóthaí Airgeadais.
Mar ionadaí ar rialtas an Bhallstáit, féadfaidh sé nó sí gealltanais a thabhairt thar ceann an rialtais agus vóta a chaitheamh ag na cruinnithe.
An cathaoirleach: uachtaránacht rothlach
Is é aire freagrach an Bhallstáit a bhfuil uachtaránacht rothlach 6 mhí na Comhairle aige a dhéanann cathaoirleacht ar chruinnithe fhoirmíochtaí na Comhairle.
Baineann sé seo le foirmíochtaí uile na Comhairle, cé is moite den Chomhairle Gnóthaí Eachtracha a bhfuil cathaoirleacht bhuan uirthi– Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.
Leagtar amach freisin in uachtaránacht na Comhairle clár oibre foriomlán na bhfoirmíochtaí agus eagraítear cruinnithe neamhfhoirmiúla na n-airí i gcomhthéacs a cuid gníomhaíochtaí.
Coimisinéirí Eorpacha agus aíonna eile
Tugtar cuireadh freisin do na Coimisinéirí Eorpacha atá freagrach as na réimsí beartais a chlúdaítear sna foirmíochtaí freastal ar chruinnithe na Comhairle.
Féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó institiúidí eile de chuid an Aontais, mar shampla, an Banc Ceannais Eorpach nó gníomhaireachtaí, ionadaithe ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta nó aíonna eile páirt a ghlacadh i gcruinniú de chuid na Comhairle.
Cruinnithe na Comhairle – a mbíonn ar bun
Ag na cruinnithe, déanann airí rialtais na mBallstát dlíthe an Aontais a chaibidil agus a ghlacadh, beartais a chomhordú, agus beartas eachtrach a fhorbairt.
Is é cúram na n-airí oibriú chun teacht ar réiteach, ar leibhéal an Aontais, ar fhadhbanna coiteanna, agus leasanna ar leith a dtíortha féin a chur san áireamh. Is minic a éilíonn sé sin an tsolúbthacht agus an comhréiteach.
Na cinntí sa Chomhairle
Bíonn clár oibre cruinnithe ag gach cruinniú den Chomhairle ina liostaítear na míreanna a bheidh le plé nó le cinneadh.
Ós rud é gur eintiteas dlíthiúil amháin í an Chomhairle, is féidir le haon cheann de na 10 gcinn d’fhoirmíochtaí gníomh ón gComhairle a ghlacadh fiú más faoi chuimsiú raon feidhme foirmíochta eile a thagann an gníomh sin.
Is le vóta a dhéanfaidh an Chomhairle cinntí. Is féidir cinntí reachtacha, polaitiúla nó riaracháin a bheith mar thoradh ar chruinnithe na Comhairle.
Dlíthe an Aontais Eorpaigh a ghlacadh
Plé nó vótáil ar thogra le haghaidh gníomh reachtach. Áirítear leis sin an cur chuige ginearálta, mar a thugtar air, (seasamh na Comhairle).
Conclúidí agus rúin
Conclúidí, moltaí, ráitis, rúin lena mbunaítear gealltanais nó seasaimh pholaitiúla.
Gníomhartha eile
Ainmniúcháin agus ceapacháin chuig poist oifigiúla de chuid an Aontais, comhaontuithe idirinstitiúideacha.
Is féidir teacht ar phríomhthorthaí chruinnithe na Comhairle san fhéilire cruinnithe a bhí ann roimhe seo. Cuirtear torthaí vótála de chuid na Comhairle ar fáil don phobal go huathoibríoch nuair a ghníomhaíonn an Chomhairle chun dlíthe an Aontais a ghlacadh.
Bí linn beo ag cruinniú: seisiúin phoiblí
Déantar seisiúin na Comhairle a shruthú go poiblí nuair a dhéanann an Chomhairle togra le haghaidh gníomh reachtach a phlé nó nuair a vótálann sí air (plé reachtach). Is plé poiblí é an chéad phlé a dhéantar ar thograí tábhachtacha neamhreachtacha.
Ina theannta sin, reáchtálann an Chomhairle díospóireachtaí poiblí go rialta maidir le saincheisteanna tábhachtacha a mbíonn tionchar acu ar leas an Aontais agus ar leas na saoránach. Tá siad seo iad féin beo ar líne.
Díospóireacht phoiblí (ar líne) a bhíonn i gceist freisin i ndáil le clár 18 mí na Comhairle Gnóthaí Eachtracha, tosaíochtaí fhoirmíochtaí eile na Comhairle, agus clár cúig bliana an Choimisiúin.
Nuair is seisiún poiblí é, féadfar é a leanúint ar líne ar shuíomh gréasáin na Comhairle.
Cruinnithe na Comhairle – an obair ullmhúcháin
Is iad buanionadaithe na 27 mBallstát in Coreper (coiste na mbuanionadaithe) - a bhfuil stádas ambasadóra chuig an Aontas acu – agus oifigigh agus saineolaithe náisiúnta eile i meithleacha agus i gcoistí éagsúla a ullmhaíonn cruinnithe na Comhairle. Sna cruinnithe seo, ullmhaítear an bealach do chinntí uile na Comhairle.
-
1
Na meithleacha
Déanfaidh saineolaithe náisiúnta as na Ballstáit gach togra reachtach nó gealltanas polaitiúil a scrúdú ar dtús ar an leibhéal teicniúil i meithleacha speisialaithe.
-
2
Coreper
Agus iad faoi threoir ag rialtas an Bhallstáit, féachfaidh ambasadóirí an Aontais ar chlár oibre chruinnithe na Comhairle le súil go mbeifear in ann teacht ar chomhthuiscint agus, ar deireadh thiar thall, ar chomhaontú.
Is céim dheiridh ríthábhachtach í seo chun go bhféadfar cruinnithe na Comhairle a eagrú go rianúil.
-
3
An Chomhairle
Ar deireadh, déanfaidh na hairí cinntí sna cruinnithe. Maidir leis na saincheisteanna polaitiúla is íogaire, d’fhéadfaidís plé a dhéanamh agus teacht ar chomhaontú sa Chomhairle freisin.
Leis an struchtúr il-leibhéil sin, ina bhfuil ionadaithe ó gach Ballstát rannpháirteach i gcumais éagsúla, is féidir tograí reachtacha a phlé agus a scrúdú agus é mar sprioc dheiridh aige obair na Chomhairle a éascú chun reachtaíocht an Aontais a ghlacadh agus cinntí a dhéanamh.
Clár oibre chruinniú Coreper
Bíonn mír ‘A’ agus mír ‘B’ ar chlár oibre na gcruinnithe. Is féidir plé reachtach agus gníomhaíochtaí neamhreachtacha a bheith sa dá mhír.
Is míreanna nach gá a phlé iad míreanna ‘A’.
Go ginearálta, is míreanna ‘A’ iad thart ar dhá thrian de na míreanna ar chlár oibre na Comhairle. Más rud é gur éirigh le Coreper an plé i dtaca le togra a thabhairt chun críche, is mír 'A' a bheidh ann ar chlár oibre na Comhairle, rud a chiallaíonn go bhfuiltear ag súil go dtiocfar ar chomhaontú gan díospóireacht a dhéanamh. Mar sin féin, is féidir an plé maidir leis na míreanna sin a athoscailt má iarrann Ballstát amháin nó níos mó é.
Is féidir le foirmíocht ar bith de chuid na Comhairle mír ‘A’ a ghlacadh, gan beann ar an ábhar.
Is míreanna iad míreanna ‘B’ a thugann le tuiscint go mbeidh plé le déanamh orthu ag an gcruinniú. Áirítear an méid seo i míreanna ‘B’ ar chlár oibre na Comhairle:
- pointí atá fós gan réiteach ó chruinnithe de chuid na Comhairle roimhe sin
- pointí nár thángthas ar chomhaontú ina leith in Coreper nó ar leibhéal na meithle
- míreanna atá ró-íogair i dtéarmaí polaitiúla lena socrú ar leibhéal níos ísle
Foilsítear cláir oibre chruinnithe na Comhairle roimh ré agus féadfar teacht orthu freisin i bhféilire na gcruinnithe.
Cruinnithe na Comhairle – cá háit agus cathain?
Tionóltar cruinnithe na Comhairle go rialta. Tagann roinnt d’fhoirmíochtaí na Comhairle le chéile gach mí, cuid eile a thagann le chéile 3 huaire nó 4 huaire in aghaidh na bliana, agus tagann roinnt eile acu le chéile ar bhonn ad hoc. Tionóltar thart ar 70 go 80 cruinniú den Chomhairle gach bliain.
Maireann formhór na gcruinnithe lá iomlán, seisiúin leathlae nó 2 lá is ea cuid eile díobh.
Is sa Bhruiséil a thionóltar cruinnithe na Comhairle, seachas i mí an Aibreáin, i mí an Mheithimh agus i mí Dheireadh Fómhair nuair is i Lucsamburg a thionóltar iad.
Féach freisin
A mbíonn ar bun ag an gComhairle
Ról na Comhairle i gcinnteoireacht an Aontais
Cén dóigh a vótálann an Chomhairle?