Skip to content

Freagairt an Aontais ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin

Tá an tAontas agus a Bhallstáit ag seasamh gualainn le gualainn ina dtacaíocht bhuanseasmhach don Úcráin agus do mhuintir na hÚcráine agus cáineann siad go láidir fogha mhíleata na Rúise.

An scéala is déanaí

An cúigiú pacáiste dhéag smachtbhannaí glactha ag an Aontas i gcoinne na Rúise

An 16 Nollaig 2024, ghlac an Chomhairle an 15ú pacáiste smachtbhannaí i gcoinne na Rúise. Lagaíonn na bearta nua coimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise agus tugann siad aghaidh ar dhul timpeall ar smachtbhannaí trí dhíriú ar scáthchabhlach Putin.

Ina theannta sin, chuir an tAontas smachtbhannaí ar 54 dhuine aonair agus 30 eintiteas atá freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

Cad a deir an tAontas faoi ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin?

Cáineann an tAontas agus a Bhallstáit go géar cogadh foghach brúidiúil na Rúise ar an Úcráin agus ionghabháil neamhdhleathach réigiúin Donetsk, Luhansk, Zaporizhzhia agus Kherson na hÚcráine. Cáineann siad freisin rannpháirtíocht na Bealarúise i bhfogha míleata na Rúise.

Ó mhí Feabhra 2022 i leith, tá an Chomhairle Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh ag teacht le chéile go rialta chun an staid san Úcráin a phlé ó dhearcthaí éagsúla.

Athdhearbhaíonn an Chomhairle Eorpach an géarcháineadh a rinne sí ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, ar sárú follasach é ar Chairt na Náisiún Aontaithe, agus athdhearbhaíonn sí go dtacaíonn sí i gcónaí le neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine.

Conclúidí ón gComhairle, an 19 Nollaig 2024

D’éiligh ceannairí an Aontais arís is arís eile go gcuirfeadh an Rúis deireadh láithreach lena gníomhaíochtaí míleata, go dtarraingeodh sí siar as an Úcráin, gan choinníoll, na fórsaí agus an trealamh míleata uile, agus go n-urramódh sí iomláine chríochach, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine.

Leag siad béim ar an gceart atá ag an Úcráin a cinniúint féin a roghnú, agus mhol siad muintir na hÚcráine as a misneach agus a dtír á cosaint acu.

Mar fhreagairt ar an bhfogha míleata, tá na smachtbhannaí i gcoinne na Rúise leathnaithe go mór ag an Aontas, trí líon suntasach daoine agus eintiteas a chur leis an liosta smachtbhannaí, agus trí bhearta sriantacha, nach bhfacthas a leithéidí riamh cheana, a ghlacadh.

Tá neart agus cur le chéile léirithe ag an Aontas agus tá tacaíocht dhaonnúil, pholaitiúil, airgeadais agus mhíleata curtha ar fáil aige don Úcráin.

Athdhearbhaíonn an Chomhairle Eorpach go bhfuil rún daingean ag an Aontas Eorpach leanúint de thacaíocht pholaitiúil, airgeadais, eacnamaíoch, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta a thabhairt don Úcráin agus dá muintir a fhad agus a mhéad is gá. Ní ligfimid don Rúis an svae a bhreith léi.

Conclúidí ón gComhairle, an 19 Nollaig 2024

Gheall an tAontas go leanfadh sé de dhlúthpháirtíocht a léiriú agus de thacaíocht a chur ar fáil do na dídeanaithe atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin, agus do na tíortha atá á n-óstáil. Ina theannta sin, tá sé ag obair i gcomhar leis na comhpháirtithe agus na comhghuaillithe atá aige, laistigh de na Náisiúin Aontaithe, ESCE, ECAT agus G7.

Cháin an Chomhairle Eorpach go minic ionsaithe neamh-idirdhealaitheacha na Rúise ar shibhialtaigh agus ar bhonneagar sibhialtach, agus d’áitigh sí ar an Rúis stop a chur le hionsaithe córasacha diúracán ar bhonneagar fuinnimh na hÚcráine.

Déanfar an Rúis, an Bhealarúis agus iad siúd go léir atá freagrach as coireanna cogaidh agus na coireanna eile is tromchúisí a thabhairt chun cuntais as an méid atá déanta acu, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.

Conclúidí is déanaí ón gComhairle Eorpach:

Cad iad na bearta atá déanta ag an Aontas Eorpach i gcoinne na Rúise?

Smachtbhannaí aonair agus eacnamaíocha

Ghlac an tAontas smachtbhannaí an-suntasach nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus ar ionghabháil neamhdhleathach Donetsk, Luhansk, Zaporizhzhia agus Kherson na hÚcráine.

Tá na bearta ceaptha chun bonn eacnamaíoch na Rúise a lagú, teicneolaíochtaí agus margaí criticiúla a bhaint di, agus srian suntasach a chur lena cumas cogadh a fhearadh.

Tá dlúthchomhordú á dhéanamh ag an Aontas ar a chuid gníomhaíochtaí lena chomhpháirtithe agus lena chomhghuaillithe, cuir i gcás ECAT, G7, na Stáit Aontaithe, an Ríocht Aontaithe, Ceanada, an Iorua, an Chóiré Theas agus an Astráil.

Sa chomhthéacs sin, ghlac an tAontas smachtbhannaí i gcoinne na Bealarúise, na hIaráine agus na Cóiré Thuaidh freisin mar fhreagairt ar rannpháirtíocht na dtíortha sin i bhfogha na Rúise faoin Úcráin.

Sárú smachtbhannaí curtha le liosta de choireanna an Aontais

Tá an sainmhíniú maidir le cad is sárú ar bhearta sriantacha ann agus cad iad na pionóis ba cheart a chur i bhfeidhm i gcás sárú den chineál sin, éagsúil faoi láthair ó Bhallstát go Ballstát. D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith mar thoradh air sin:

  • forfheidhmeofar na smachtbhannaí níos déine i mBallstáit áirithe agus níos scaoilte i mBallstáit eile
  • an baol go rachfaí timpeall ar na bearta sin

Sin an fáth ar ghlac an Chomhairle an 28 Samhain 2022 cinneadh maidir le sárú ar bhearta sriantacha a chur le liosta de choireanna an Aontais Eorpaigh a luaitear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

An 12 Aibreán 2024, ghlac an Chomhairle rialacha nua chun a chinntiú go ndéanfar an sárú ar bhearta sriantacha a choiriúlú.

Leis an dlí, sainítear an t-iompar ar cion coiriúil é agus na pionóis iomchuí.

  • ar na cionta coiriúla tá: cabhrú le daoine teacht timpeall ar thoirmeasc taistil don Aontas Eorpach, earraí atá faoi réir smachtbhannaí a thrádáil nó idirbhearta a dhéanamh leo siúd atá faoi réir bearta sriantacha de chuid an Aontais
  • pionóis athchomhairleacha: bíonn éagsúlacht sna pionóis ag brath ar an gcion, ach ba cheart iad a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach
  • forfheidhmiú níos déine: beidh ar na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí le cinntiú go ndéantar smachtbhannaí an Aontais a urramú

Fionraí ar éascú víosaí

Ghlac an Chomhairle cinneadh lena gcuirtear fionraí iomlán ar an gcomhaontú um eisiúint víosaí a éascú idir an tAontas agus an Rúis. Dá bhrí sin, beidh feidhm ag rialacha ginearálta an chóid víosaí maidir le saoránaigh den Rúis. Dá thoradh sin:

  • tiocfaidh méadú ó €35 go €80 ar an táille iarratais ar víosa
  • beidh ceanglas ann fianaise dhoiciméadach bhreise a chur ar fáil
  • tiocfaidh méadú ar an am a ghlacann sé le víosaí a phróiseáil
  • beidh rialacha níos srianta ann i ndáil le víosaí il-iontrála a eisiúint

Tiocfaidh an cinneadh i bhfeidhm ar lá a ghlactha agus beidh feidhm aige ón 12 Meán Fómhair 2022.

Gan glacadh le doiciméid taistil na Rúise a eisítear san Úcráin

An 8 Nollaig 2022, ghlac an Chomhairle cinneadh maidir le gan glacadh le doiciméid taistil de chuid na Rúise a eisítear san Úcráin agus sa tSeoirsia.

Is freagra é an cinneadh seo ar chleachtas na Rúise pasanna idirnáisiúnta na Rúise a eisiúint do chónaitheoirí na réigiún atá faoi fhorghabháil. Leanann sé freisin cinneadh aontaobhach na Rúise aitheantas a thabhairt do neamhspleáchas chríocha Seoirseacha na hAbcáise agus na hOiséite Theas in 2008.

Maidir le doiciméid taistil Rúiseacha a eisítear i réigiúin san Úcráin atá faoi fhorghabháil ag an Rúis nó i gcríocha scarúnaíocha sa tSeoirsia, nó chuig daoine atá ina gcónaí iontu, ní ghlacfar leo mar dhoiciméid taistil bhailí chun víosa a fháil nó chun teorainneacha limistéar Schengen a thrasnú.

Cén chaoi a bhfuil an tAontas ag tacú leis an Úcráin agus le muintir na hÚcráine?

Tá an tAontas agus a shaoránaigh ag seasamh i ndlúthpháirtíocht iomlán leis an Úcráin agus lena muintir. Tá bearta nach bhfacthas a leithéidí riamh cheana glactha ag an Aontas chun tacú leis an Úcráin agus lena muintir. Ar na bearta sin tá:

  • cúnamh eacnamaíoch agus airgeadais
  • cabhair dhaonnúil
  • tacaíocht cosanta sibhialta
  • tacaíocht mhíleata
  • dídeanaithe a ghlacadh trí shásra sealadach cosanta an Aontais
  • tacaíocht i dtaca le coireanna cogaidh a imscrúdú agus a ionchúiseamh
  • tacaíocht chun Úcráin dhaonlathach a atógáil

Conas a d’fhreagair an tAontas ar thionchar an chogaidh ar an margadh?

Tá tionchar suaiteach imeartha ag ionradh na Rúise ar an Úcráin ar na margaí domhanda. Tháinig méadú as cuimse ar phraghsanna domhanda tráchtearraí in 2022, breoslaí agus leasacháin, mar shampla.

Tá an cogadh tar éis neamhchinnteacht a chruthú maidir le slándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas. Chuir ionsaithe na Rúise ar bharra agus ar bhonneagar iompair bac ar chumas na hÚcráine a táirgeadh agrabhia a onnmhairiú, rud a ghéaraigh anghéarchéim dhomhanda bhia.

Géarchéim fuinnimh

Tá tíortha an Aontais tar éis seasamh le chéile agus iad ag freagairt ar phraghsanna fuinnimh atá ag dul i méid agus ar bhagairtí ar shlándáil fuinnimh an Aontais. Na bearta éigeandála a ghlac an Chomhairle chun soláthar fuinnimh leordhóthanach agus inacmhainne a chinntiú, chuidigh siad leis na margaí a mhaolú. Tá praghas an gháis, a shroich buaicphointe nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin i mí Lúnasa 2022, réasúnta cobhsaí anois.

Dhírigh bearta comhordaithe an Aontais ar an méid seo a leanas:

  • éagsúlú a dhéanamh ar sholáthairtí fuinnimh agus ar a mbealaí
  • gás a chinntiú i gcúlchistí náisiúnta
  • billí fuinnimh a laghdú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí
  • feabhas a chur ar an dlúthpháirtíocht i measc thíortha an Aontais
  • arduithe tobanna ar praghsanna a chosc
  • bogadh níos tapúla i dtreo fuinneamh níos glaine

Tá tíortha an Aontais ag imeacht ó bhreoslaí iontaise na Rúise agus tá allmhairí gáis ón Rúis ag ísliú ó 40 % de na hallmhairí iomlána in 2021 go 15 % in 2023. Tá an tAontas ag bogadh go tapa i dtreo fuinneamh agus neamhspleáchas níos glaine.

Tugtar sa ghrafaic eolais sonraí úra faoi sholáthar gáis an Aontais.
Cá as a dtagann gás an Aontais? (Grafaic faisnéise)

Cá as a dtagann gás an Aontais? (Grafaic faisnéise)

Slándáil bia

Tá tíortha an Aontais tar éis dul i ngleic leis an ngéarchéim dhomhanda bhia tríd an méid seo a leanas:

  • fóirithint éigeandála a chur ar fáil dóibh siúd is mó atá i ngátar
  • cuidiú le tíortha i mbéal forbartha a dtáirgeadh bia a dhéanamh níos inbhuanaithe
  • tacú le trádáil oscailte atá saor ó bhacainní
  • comhoibriú go dlúth le comhpháirtithe domhanda

A bhuí leis na lánaí dlúthpháirtíochta, mar a thugtar orthu, a d’éascaigh an tAontas, onnmhairíodh na milliúin tona gráin agus olashíolta ón Úcráin ó mhí na Bealtaine 2022. Tá bia ag dul chuig na tíortha atá i ngátar san Afraic, sa Mheánoirthear agus san Áise.

Cuirtear fíricí agus sonraí i láthair sa ghrafaic faisnéise lena léirítear conas atá an ghéarchéim dhomhanda á déanamh níos measa ag an Rúis.
Conas a chuir ionradh na Rúise ar an Úcráin leis an ngéarchéim dhomhanda bhia (Grafaic faisnéise)

Conas a chuir ionradh na Rúise ar an Úcráin leis an ngéarchéim dhomhanda bhia (Grafaic faisnéise)