Skip to content

Acmhainní oideachais: teagasc, foghlaim, spraoi

Ábhar teagaisc agus foghlama réamhdhéanta agus saor in aisce maidir leis an gcaoi a n-oibríonn Ballstáit an Aontais le chéile sa Chomhairle Eorpach agus i gComhairle an Aontais Eorpaigh.

ábhar teagaisc agus foghlama na Comhairle dírithe ar aoisghrúpaí agus leibhéil oideachais éagsúla.

Oideachas réamhscolaíochta agus bunscolaíochta

An múinteoir réamhscoile nó bunscoile thú a bhfuil acmhainní á lorg agat atá oiriúnach do leanaí agus réidh le húsáid chun bunghnéithe an Aontais Eorpaigh a mhúineadh do do dhaltaí?

Cuirimid réimse ábhar foghlama ar fáil atá deartha go sonrach do dhaltaí atá suas le 10 mbliana d’aois. Ina measc tá:

  • scéalta maisithe
  • leabhair chleachtaidh
  • uirlisí foghlama idirghníomhacha atá cosúil le tráth na gceist
  • leabhair dhathúcháin
  • treoirleabhair an mhúinteora
Léaráid dhaite de Yooki an lampróigín le haeróga glasa, sciatháin théala agus léine ghorm ar foluain san aer le luí na gréine, agus crann péine agus scamaill bhoga chorcra sa chúlra.
Buail leis an lampróigín Yooki agus na hainmhithe is cairde leis agus faigh níos mó amach faoi Aontas na Coille.

Oideachas meánscoile agus ardoideachas

An múinteoir, léachtóir ollscoilegairmí eile san oideachas saoránach thú a bhfuil acmhainní iontaofa úsáideacha á lorg agat faoin gComhairle Eorpach agus faoi Chomhairle an Aontais Eorpaigh?

I measc na n-acmhainní a chuirimid ar fáil don mheánoideachas agus don ardoideachas, tá:

  • an ‘pacáiste oideachais saoránachta’ – ceachtanna teagaisc réamhullmhaithe atá curtha in oiriúint do dhaltaí agus scoláirí sna haoisghrúpaí 12-19 agus 17-25
  • ‘aire ar feadh lae’ –cluiche ionsamhlúcháin na Comhairle do dhaltaí meánscoile agus mic léinn ollscoile atá 16 bliana déag d’aois nó níos sine
  • ‘Europa Quest’ – uirlis foghlama atá cosúil le tráth na gceist atá oiriúnach do dhaltaí meánscoile agus do mhic léinn ollscoile, agus í ceaptha chun comhoibriú agus comhfhoghlaim a spreagadh
Múinteoir ina seasamh os comhair rang leanaí, maille le líníochtaí de leabhar oscailte, comhartha ceiste, ciorcal réaltaí an Aontais, agus siombail euro, a thugann ceacht faoin Eoraip le fios.
Faigh amach faoin ábhar atá ar fáil do dhaltaí atá 12 bhliain d’aois nó níos sine.

Cluichí agus quizeanna

An féidir leat teacht ar chomhaontú?

Déan cluiche de do thaithí foghlama le EUcraft — cluiche digiteach ionsamhlúcháin. Glac ról aire agus déan cinntí i gComhairle an Aontais Eorpaigh — fútsa atá sé!

Céard atá ar eolas agat faoin Aontas?

Oibrigh ort agus tabhair faoi na quizeanna! É oiriúnach do dhaltaí atá 12 bhliain d’aois nó níos sine.

Léaráid de lógó EUcraft, ina bhfuil abhatáir daoine a bhfuil bratacha náisiúnta acu ina seasamh timpeall bhord Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Foghlaim tuilleadh faoin Aontas Eorpach agus bain sult as ár gcluichí agus as ár quizeanna

Foilseacháin agus físeáin

An bhfuil fíricí agus figiúirí á lorg agat faoin Aontas, faoina stair agus faoina institiúidí?

Ar mhaith leat fios a bheith agat cé mar a chinntear dlíthe an Aontais? Ar mhaith leat tuiscint a bheith agat ar ról na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle?

Tá a bhfuil uait le fáil sna bróisiúir, sna bileoga eolais agus sna físeáin. É oiriúnach do dhaltaí atá 14 bliana d’aois nó níos sine.

Tabhair cuairt ranga ar an gComhairle

Tig leat cuairt a thabhairt ar fhoirgnimh na Comhairle sa Bhruiséil nó tabhairt faoi thuras fíorúil. Bain lán do shúl amach – cuirfidh sé le do chuid teagaisc agus do chuid foghlama faoin Aontas.

Bíodh an tAontas sa seomra ranga; cuir seisiún eolais (fíorúil) in áirithe.

Cuairteoirí ar turas sa Chomhairle.
Cuireann an Chomhairle gníomhaíochtaí éagsúla ar fáil do chuairteoirí.

Fan i dteagmháil linn

An mian leat fanacht ar an eolas faoi chinntí polaitiúla, imeachtaí, deiseanna fostaíochta agus na hacmhainní oideachais is déanaí atá ag an gComhairle? Is féidir leat clárú chun ár ríomh-nuachtlitir mhíosúil, The Pulse, a fháil agus fanacht i dteagmháil leis an gComhairle.

An t-athbhreithniú deireanach: an 28 Lúnasa 2026