An tslándáil agus an chosaint
An chaoi a gcosnaíonn an tAontas a shaoránaigh, an chaoi a bhfreagraíonn sé do choinbhleachtaí agus do ghéarchéimeanna lasmuigh dá theorainneacha agus conas a thacaíonn sé lena thíortha comhpháirtíochta a n-acmhainneachtaí cosanta a fhorbairt.
Tá dlús á chur ag an Aontas lena ullmhacht cosanta agus tá níos mó infheistíochta á déanamh aige sa chosaint chun dul i ngleic le dúshláin agus bagairtí atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.
Tá bearta láidre á ndéanamh, lena n-áirítear i gcomhthéacs an dúshláin eiseach a bhaineann le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.
An caiteachas cosanta a mhéadú
Tá an tAontas agus a Bhallstáit ag cur lena gcaiteachas agus lena n-infheistíocht i réimse na cosanta i bhfianaise staid slándála atá athraithe ó bhonn.
In 2024, b’fhiú €326 bhilliún méid chaiteachas cosanta na mBallstát. Caitheadh €106 bhilliún ar infheistíochtaí. In 2025, meastar go sroichfidh an caiteachas sin €381 bhilliún.
Plean an Aontais maidir le hullmhacht cosanta
Is inniúlachtaí náisiúnta i gcónaí iad an tslándáil agus an chosaint. Déanann an tAontas iarrachtaí aonair na mBallstát a chomhlánú agus a mhéadú, tacaíonn sé le caiteachas cosanta náisiúnta méadaithe agus baineann sé úsáid as acmhainní buiséadacha an Aontais in earnáil na cosanta. I measc na dtionscnamh de chuid an Aontais a rinneadh le déanaí tá:
Ionstraim airgeadais lena gcuirtear iasachtaí suas le €150 billiún ar fáil chun cabhrú leis na Ballstáit a n-infheistíochtaí cosanta a mhéadú trí sholáthar comhoibríoch.
Ceadaíonn an tAontas do na Ballstáit an clásal éalaithe náisiúnta a úsáid chun solúbthacht bhuiséadach bhreise a thabhairt dóibh agus, dá bhrí sin, níos mó airgid a chaitheamh ar chosaint.
Le clár cistiúcháin, cuirfear €1.5 billiún ar fáil i bhfoirm deontas chun tacú letionscal cosanta an Aontais sa tréimhse 2025-2027.
Cuireann an ciste sin comhar trasteorann chun cinn maidir le taighde agus forbairt i réimse na cosanta. Tá buiséad €8.8 billiún aige don tréimhse 2021-2027.
Le bearta nua de chuid an Aontais, simpleofar an creat dlíthiúil agus riaracháin maidir le hearnáil na cosanta. Is cuid de chlár oibre an Aontais maidir le simpliú é an pacáiste reachtach.
Tá sé d’aidhm ag an Aontas infheistíocht phríobháideach a shlógadh in earnáil na cosanta tríd an mBanc Eorpach Infheistíochta agus trí dhlús a chur leis an aontas coigiltis agus infheistíochta.
Ag obair ar mhaithe le hEoraip shábháilte agus domhan cobhsaí
Níl aon arm seasta ag an Aontas. Is amhlaidh a bhraitheann sé ar na sócmhainní a chuireann Ballstáit an Aontais ar fáil chun misin agus oibríochtaí sibhialta agus míleata a imscaradh ar fud an domhain, faoi chuimsiú Chomhbheartas Slándála agus Cosanta an Aontais (CBSC).
Baineann misin agus oibríochtaí míleata tairbhe asmaoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána; is ionstraim í seo a chuireann bearta cúnaimh ar fáil do fórsaí armtha thíortha nach tíortha de chuid an Aontais iad agus a thacaíonn leo.
An comhar leis na Náisiúin Aontaithe, le ECAT agus le tíortha nach tíortha de chuid an Aontais iad
Is colún fíor-riachtanach d’iarrachtaí an Aontais maidir leis an tsíocháin a chur chun cinn ar fud an domhain iad comhpháirtíochtaí i réimse na slándála agus na cosanta. Oibríonn an tAontas i ndlúthchomhar leis na Náisiúin Aontaithe maidir le hoibríochtaí síochána agus bainistiú géarchéime agus tá ECAT fós ríthábhachtach don tslándáil agus don chobhsaíocht Eora-Atlantach.
Coinníonn an tAontas cineálacha éagsúla socruithe ar bun le tíortha nach tíortha de chuid an Aontais iad, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí déthaobhacha slándála agus cosanta.
Tacaíocht mhíleata don Úcráin
Ó thús ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin, tá dlús suntasach curtha ag an Aontas agus a Bhallstáit lena dtacaíocht mhíleata d’fhórsaí armtha na hÚcráine.
Is é is aidhm do chúnamh míleata an Aontais cumais agus athléimneacht fhórsaí armtha na hÚcráine a neartú agus an pobal sibhialta a chosaint ar fhogha míleata na Rúise.
Réimsí eile comhair maidir leis an tslándáil agus cosaint
An scéala is déanaí
- An tSaoráid Eorpach Síochána: an 4ú beart cúnaimh dhéthaobhaigh glactha ag an gComhairle chun tacú leis an Máratáin
- Tacaíocht ón Aontas don Úcráin: €4.9 billiún slógtha ag an gComhairle faoin tSaoráid Eorpach Síochána
- An tSaoráid Eorpach Síochána: Beart cúnaimh glactha ag an gComhairle chun tacú le hacmhainneachtaí cosanta na Nigéire
Na blaisíní breise is déanaí
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Aibreán 2026