Skip to content

Beartas modhnóireachta Chomhairle an Aontais Eorpaigh i ndáil leis na meáin shóisialta

Tugtar cuireadh duit cur leis na comhráite ar chuntais meán sóisialta sin againne agus ár n-inneachar a chomhroinnt. Cé gur mór againn na dearcthaí éagsúla agus na tuairimí sin a nochtar, ní ghlacfar le caint ar díol masla í ná leis an gcaint sin ar léir í a bheith maslach do dhaoine eile.

Iarrtar ort caint ghríosaitheach tharcaisneach mhaslach a sheachaint. Bíodh meas agat ar na húsáideoirí eile agus ar na bunphrionsabail atá againn go léir. Níl aon ghlacadh againn leis an gciníochas, leis an tseineafóibe, ná le hidirdhealú bunaithe ar reiligiún, bunadh eitneach, inscne agusgnéaschlaonadh. Tá cosc ar ghlaonna ar fhoréigean agus mar sin de.

Ina theannta sin, iarrtar ort cloí le hábhar na cainte. Is féidir leat naisc chuig leathanaigh eile a chomhroinnt, ach, le do thoil, ná seol an nasc as féin - ní mór cúpla focal a chur leis.

Ní ghlacfar le turscar. Tá sé de cheart againn gach aon nóta tráchta nach n-urramaíonn na treoirlínte sin a scriosadh.

Tá sé mar aidhm againn aghaidh a thabhairt ar an oiread sin ceisteanna is féidir chomh tapa agus is féidir. Ar fágadh do cheannsa ar lár? Bí i dteagmháil linn ag [email protected]

Grianghraif

Mura dtugtar a mhalairt le fios, is ag an Aontas Eorpach atá an cóipcheart ar gach aon ghrianghraf a fhoilsítear ar ár gcainéil. Is féidir grianghraif a ngabhann an mharcáil "©An tAontas Eorpach" leo a úsáid gan srian ar choinníoll go ndéantar an fhoinse a admháil. Ní féidir iad a úsáid chun críocha tráchtála nó ar shlí mhaslach.

Ceisteanna

Bí i dteagmháil leis an tSeirbhís um Fhaisnéis don Phobal má tá ceisteanna agat faoi Chomhairle an Aontais Eorpaigh nó faoin gComhairle Eorpach.

Cuir do cheist

Sonraí pearsanta

Is chun críocha staidrimh a bhailímid sonraí comhiomlánaithe faoinár n-úsáideoirí ar ardáin na meán sóisialta. Úsáidimid Emplify chun sonraí comhiomlánaithe a bhailiú agus a léirshamhlú chun críocha taighde staidrimh. Níl baint ná páirt ag ARC i gcás ar bith le sonraí pearsanta úsáideoirí na meán sóisialta a phróiseáil.

Cumhdaítear bailiú na sonraí le téarmaí an úsáideora agus leis an gcomhaontú ceadúnais.

An t-athbhreithniú deireanach: an 12 Eanáir 2024