Skip to content

Cad atá ar siúl – taispeántais agus imeachtaí

Faigh amach faoinár dtaispeántais, ár n-ailt agus ár ngnéscéalta.

Taispeántais

Eagraíonn foireann na cartlanna taispeántais chun eolas ar stair na hEorpa agus ar lánpháirtiú na hEorpa a chothú. Anseo thíos tá roinnt de na taispeántais ar líne a chruthaigh an Chartlann roimhe seo ar ócáidí éagsúla.

An tSicil san Eoraip, an Eoraip sa tSicil

Taispeántas doiciméad ó Chartlann Stairiúil an Aontais, grianghraif ó Chartlann Alinari agus ábhar ó chartlann Uachtaránacht Phoblacht na hIodáile agus ó Sheanad na hIodáile. Is é is aidhm don taispeántas ceann de na cora cinniúnacha i bpróiseas na lánpháirtíochta Eorpaí a léiriú – Comhdháil Messina 1955.

Ochtar fear ina suí ag bord cruinnithe i seomra cruinnithe tar éis chomhdháil Messina
Comhdháil Messina in 1995.

Aontas buandlúite: tionchar Chonarthaí na Róimhe ar Eoraip na linne seo 1957-2017

Taispeántas grianghraf agus doiciméad a cruthaíodh i gcomhar le Cartlann Stairiúil an Aontais, leis an gCoimisiún Eorpach, le Parlaimint na hEorpa, le hUachtaránacht na hIodáile ar an gComhairle, le hAireacht Gnóthaí Eachtracha na hIodáile agus le ANSA chun Conarthaí na Róimhe a cheiliúradh (1957). Tugtar aird sa taispeántas ar fhréamhacha na gconarthaí sin i bhfianaise na bhfeiniméan sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch a raibh tionchar acu ar an Eoraip i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda agus rianaítear tionchar fadtéarmach phróiseas na lánpháirtíochta Eorpaí, próiseas a d’eascair as na feiniméin sin, ar shaol laethúil shaoránaigh na hEorpa.

Laistigh d’fhoirgneamh álainn, tá fir ina suí chun Conradh na Róimhe a shíniú
An 25 Márta 1957, bunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa le Conradh na Róimhe.

Colúin na hEorpa: Oidhreacht Chonradh Maastricht i ndiaidh 25 bliana a bheith caite

Cor cinniúnach i bpróiseas na lánpháirtíochta Eorpaí ab ea Conradh Maastricht. Den chéad uair riamh, rinneadh uaillmhian an aontais pholaitiúil a chur ar bhonn foirmiúil, ag bogadh ar aghaidh ó chuspóir tosaigh na lánpháirtíochta eacnamaíche mar ionstraim le haghaidh athmhuintearas polaitiúil. Leis an taispeántas, déantar ceiliúradh ar chomóradh theacht i bhfeidhm Chonradh Maastricht an 1 Samhain 1993 agus ar bhunú an Aontais Eorpaigh.

Taispeántas ar Chonradh Maastricht i bhfoirgneamh na Comhairle le cuairteoirí ag éisteacht ag an gcéad óráid
Oscailt oifigiúil an taispeántais ‘Colúin na hEorpa’ ar chomóradh 25 bliana Chonradh Maastricht in 2018.

Gnéscéalta

Féach ar ár scéalta idirghníomhacha thíos.

Ponte Vasco da Gama Bridge in Lisbon, at sunset.
Shaping the EU as we know it: the Lisbon Treaty

Shaping the EU as we know it: the Lisbon Treaty

A man and woman wrapped in an EU flag.
How Maastricht changed Europe

How Maastricht changed Europe

Íomhá den chruinniú stairiúil - an 9 Bealtaine 1950 - Robert Schuman i mbun óráide agus slua ina thimpeall.
Dearbhú Schuman

Dearbhú Schuman

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2026