Skip to content

Stair bhéil

Leis an tionscadal ‘Stair bhéil’, cothaíonn cartlann na Comhairle stair agus cuimhne na Comhairle Eorpaí agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh, trí theistiméireachtaí na ndaoine a raibh ról lárnach acu sna hinstitiúidí sin a bhailiú.

Sna hagallaimh, dírítear ar bhuaicphointí a dtaithí gairmiúla agus ar fheidhmiú agus ar chleachtais na Comhairle agus Ardrúnaíocht na Comhairle. Leis an tionscadal seo, tá seirbhís chartlann na Comhairle ag déanamh mar a rinne seirbhísí cartlainne eile de chuid institiúidí eile an Aontais agus cláir staire béil á gcur ar bun acu.

Annalisa Giannella

Chuaigh Annalisa Giannella isteach sa Chomhairle in 1972 agus chaith sí a saol gairmiúil ar fad ag obair in institiúidí an Aontais. Bhí sí ar na chéad oifigigh a chuaigh isteach i seirbhís an chomhbheartais eachtraigh agus slándála nuair a cruthaíodh í, in 1994. Ceapadh ina Stiúrthóir um an mBeartas Slándála agus Cosanta í in 1999. In 2003, ainmníodh í ina hionadaí pearsanta don Ardionadaí Javier Solana maidir le saincheisteanna a bhaineann le neamhleathadh agus dí-armáil. Bhí sí ina Leas-Ardrúnaí ar an gCoinbhinsiún Eorpach.

San agallamh, treoraíonn Annalisa Giannella sinn trí fhorbairt Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus a hArdrúnaíochta. Tríd an taithí a fuair sí ar an gcéad mhéadú ar an Aontas, ar Chonradh Maastricht, ar fhorbairt an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, agus ar an gCoinbhinsiún Eorpach, nochtann sí cuid d’oibriú inmheánach na Comhairle, agus na príomhdhaoine a raibh baint acu lena mhúnlú.

Grianghraf daite de Annalisa Giannella le linn an agallaimh an 20 Bealtaine 2022.
Annalisa Giannella le linn an agallaimh an 20 Bealtaine 2022.

Pierre de Boissieu

Chaith Pierre de Boissieu, pearsa cáiliúil de thaidhleoireacht na Fraince agus na hEorpa, a ghairm bheatha ag feidhmiú i róil ríthábhachtacha san Aontas Eorpach.

Léargas uathúil atá san agallamh seo ar bhlianta a chuid seirbhíse, ar a ról mar Ard-Rúnaí na Comhairle, mar a ndearna sé maoirseacht ar chomhaid fhíorthábhachtacha; déantar cur síos ann freisin ar a thaithí in Coreper. Mar a insíonn sé dúinn a scéal, tugann Pierre de Boissieu léargas dúinn ar na cruinnithe ardleibhéil, ar an gcaibidlíocht agus ar an taidhleoireacht. Cuirtear a fhís phearsanta don Aontas Eorpach in iúl dúinn freisin, mar aon lena chuid smaointe maidir le forbairt an Aontais san am a chuaigh thart agus a dhéanfar amach anseo.

Chomh maith le trácht a dhéanamh ar na blianta a chaith sé sa Chomhairle, labhraíonn Pierre de Boissieu faoina rannpháirtíocht chinntitheach sa chaibidlíocht ar Chonradh Maastricht, ócáid stairiúil don Aontas Eorpach agus tráth a cheap sé struchtúr na gcolún, rud a mhúnlaigh eagrú institiúideach an Aontais Eorpaigh.

Ón gcomhrá seo faighimid tuiscint níos fearr ar na dúshláin a bhí os a chomhair agus ar an tionchar ciúin ach cinntitheach a bhí aige ar lánpháirtiú na hEorpa.

Portráid dhubh agus bhán de Pierre de Boissieu.
Pierre de Boissieu

Liliane Simon

Léiríonn gairmréim Liliane Simon na blianta múnlaitheacha de lánpháirtiú na hEorpa. Thosaigh sí ag obair sa CEGC agus Euratom agus chaith sí na blianta fada sa Chomhairle, tráth a bhí na hinstitiúidí i mbun claochlaithe.

Bhí sí ina rúnaí in oifig an triúr leas-ardrúnaithe, agus preasoifigeach a bhí inti ina dhiaidh sin; bhí dearcadh chos istigh aici i gcaitheamh an ama go léir ar na géarchéimeanna, ar na méaduithe agus ar an gcaibidlíocht a mhúnlaigh an Eoraip.

Tugann a teistiméireacht léargas neamhchoitianta ar an obair laethúil agus ar an ngné dhaonna a bhaineann le cinnteoireacht na hEorpa.

Bean ina seasamh os comhair micreafóin, agus a lámha ag geáitsíocht aici, agus an chuma uirthi go labhróidh sí le lucht féachana i suíomh faoi dhíon.
Liliane Simon

Beathaisnéis Jim Cloos

Thosaigh Jim Cloos ag obair in Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh in 2001 i gcáil an Stiúrthóra um Chaidreamh Trasatlantach. Ghlac sé post an Ard-Stiúrthóra um an mBeartas Ginearálta agus Institiúideach in 2010, tar éis dó a bheith ina Stiúrthóir ar Cheisteanna Ginearálta Beartais ó 2006.

Ball an-tábhachtach den fhoireann é Jim Cloos, fear a oibríonn sa chúlra agus a bhfuil cruinnithe na Comhairle Eorpaí á gcomhordú aige le 15 bliana anuas, agus tacaíocht á cur ar fáil aige ina leith, agus tá sé ar dhuine den líon beag státseirbhíseach a bhí i láthair sa seomra le linn na seisiún.

Jim Cloos le feiceáil trí cheamara le linn a agallaimh
Beathaisnéis Jim Cloos

Charles Elsen

An 7 Feabhra 1994, ceapadh Charles Elsen ina Ard-Stiúrthóir, an chéad Ard-Stiúrthóir ar an Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Gnóthaí Baile i gComhairle an Aontais Eorpaigh .

Bhí an post sin aige go dtí 2004 ach bhí roinnt cúraimí á gcomhlíonadh aige fós sa chéad leath de 2005, le linn uachtaránacht Lucsamburg ar an Aontas Eorpach.

Grianghraf dubh agus bán de Charles Elsen le linn an agallaimh.
Charles Elsen le linn an agallaimh an 4 Iúil 2018.

An t-athbhreithniú deireanach: an 28 Bealtaine 2026