Comhpháirtithe ar son an iltaobhachais, an dlí idirnáisiúnta, na síochána agus an rathúnais
Sheol an tAontas, in éineacht le comhurraitheoirí na hAstráile, Barbadós, na Brasaíle, Cheanada, na hIndia agus na Céinia, an tionscnamh ‘Comhpháirtithe ar son an iltaobhachais’, do thíortha atá tiomanta oibriú le chéile chun tacú leis an tsíocháin, leis an gcobhsaíocht, leis an bhforbairt chuimsitheach inbhuanaithe, leis an rathúnas comhroinnte, le dínit an duine agus le cearta do chách an 21 Meán Fómhair 2026 ar imeall Sheachtain Ardleibhéil Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe.
Léirigh cruinniú an lae inniu rud a bhfuil tábhacht nach beag ag baint leis: i ndomhan ina bhfuil deighiltí ag dul i méid, tá tiomantas láidir comhroinnte ann i gcónaí don chomhar. Agus tá an tiomantas sin le brath ar fud na n-ilchríoch, na réigiún agus na dtraidisiún polaitiúil. Ní bheidh an bealach romhainn éasca. Ach tá sé léirithe againn inniu nach inár n-aonar atáimid.
An tUachtarán António Costa
Agus méadú ag teacht ar an mbrú atá ar na hinstitiúidí iltaobhacha i ngeall ar theannas geopholaitiúil, coinbhleachtaí agus dúshláin dhomhanda atá ag teacht chun cinn amhail an t-athrú aeráide agus an intleacht shaorga, féachadh le grúpa éagsúil tíortha as réigiúin éagsúla a thabhairt le chéile ag an gcruinniú mullaigh seo ar mhaithe leis an gcóras iltaobhach a neartú agus a chosaint agus an tsíocháin agus rathúnas cuimsitheacha chur chun cinn, trí dhíospóireacht a chothú ar an leibhéal polaitiúil is airde.
Sa lá atá inniu ann, tráth a bhfuil claochlú domhanda ag tarlú agus brú méadaitheach ar an ord idirnáisiúnta, roghnaímid comhar, urraim don dlí idirnáisiúnta, iltaobhachas agus freagracht chomhroinnte mar bhunchloch dár n-iarrachtaí comhchoiteanna.
Dearbhú comhpháirteach
Tacaíocht don iltaobhachas agus don dlí idirnáisiúnta
D’athdhearbhaigh na sínitheoirí go bhfuil an córas iltaobhach atá bunaithe ar Chairt na Náisiún Aontaithe fíor-riachtanach i gcónaí, ach gur cheart é a athnuachan agus a athchóiriú chun go mbeidh sé níos éifeachtaí, níos ionadaíche, níos cuimsithí agus níos oiriúnaí don fheidhm.
Oibreoidh na ceannairí le chéile chun institiúidí iltaobhacha a athchóiriú agus a neartú chun a áirithiú gur fearr a bheidh siad in ann coinbhleachtaí a chosc, freagairt ar ghéarchéimeanna, forbairt inbhuanaithe a chur ar fáil, trádáil chóir a chur chun cinn, cearta an duine agus an smacht reachta a chosaint, agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn.
Geallaimid go neartóimid an comhar iltaobhach atá oscailte, cóir, cothrom, cuimsitheach, líonraithe agus praiticiúil, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí níos dlúithe le heagraíochtaí réigiúnacha agus trí thacaíocht don lánpháirtiú réigiúnach.
Dearbhú comhpháirteach
Leag siad béim freisin ar a dtiomantas don dlí idirnáisiúnta agus do phrionsabail an chomhionannais cheannasaigh, na hiomláine críochaí, réiteach síochánta díospóidí agus toirmeasc ar bhagairt nó ar úsáid fornirt chomh maith le tábhacht an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta agus saoirsí bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint do chách.
Comhar eacnamaíoch
Tacaíonn na sínitheoirí le comhar eacnamaíoch atá cothrom, oscailte, athléimneach, intuartha agus cuimsitheach .
Áirítear sa mhéid sin:
- slabhraí soláthair domhanda níos éagsúlaithe agus níos athléimní
- athchóiriú ar an gcóras iltaobhach trádála
- ollstruchtúr airgeadais idirnáisiúnta feabhsaithe
- comhordú níos láidre maidir le hairgeadas idirnáisiúnta, an claochlú digiteach, an intleacht shaorga, an t-athrú aeráide agus saincheisteanna sláinte domhanda
Cúlra
Is ar imeall an 81ú seisiún de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe
a tionóladh an t-imeacht. Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí, António Costa aitheasc uaidh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, ar an Déardaoin an 24 Meán Fómhair.
Teagmhálacha Preasa
An t-athbhreithniú deireanach: an 22 Meán Fómhair 2026