Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 24 Torthaí
Mar a fhreagraíonn an tAontas ar ghéarchéimeanna agus mar a chuireann sé le hathléimneacht
Tá an tAontas ag obair i réimsí éagsúla chun gur fearr a bheidh sé in ann freagairt ar ghéarchéimeanna agus chun feabhas a chur ar a athléimneacht i leith dúshláin a bheidh ann amach anseo.

An gníomh um éigeandáil agus athléimneacht sa mhargadh inmheánach
Ceapadh an gníomh um éigeandáil agus athléimneacht sa mhargadh inmheánach (IMERA), ar a dtugtaí an ionstraim éigeandála le haghaidh an mhargaidh aonair (SMEI) roimhe seo, chun a chinntiú go mbeidh an tAontas níos ullmhaithe do ghéarchéimeanna a bheidh ann amach anseo agus níos athléimní ina leith.

An fáth a nglacann an tAontas smachtbhannaí
Is ionstraim iad smachtbhannaí chun coinbhleacht a chosc nó chun freagairt ar ghéarchéimeanna atá ag teacht chun cinn nó atá ann faoi láthair, agus chun síocháin, daonlathas, urraim don smacht reachta, cearta an duine agus an dlí idirnáisiúnta a chur chun cinn.

An chaoi a n-oibríonn sásra IPCR um fhreagairt ar ghéarchéim
Ar cheann de na sásraí atá i bhfearas ag an Aontas chun freagairt ar ghéarchéim tá socruithe comhtháite i leith freagairt pholaitiúil ar ghéarchéim (IPCR). Féadfaidh uachtaránacht na Comhairle úsáid a bhaint as chun an fhreagairt pholaitiúil a chomhordú i gcás géarchéim mhór chasta, lena n-áirítear gníomhartha sceimhlitheoireachta.
