Skip to content

Mar a fhreagraíonn an tAontas ar ghéarchéimeanna agus mar a chuireann sé le hathléimneacht

Tá an tAontas ag obair i réimsí éagsúla chun gur fearr a bheidh sé in ann freagairt ar ghéarchéimeanna agus chun feabhas a chur ar a athléimneacht i leith dúshláin a bheidh ann amach anseo.

Ag dul i ngleic le héigeandálaí a bheidh ann amach anseo

Tá an tAontas Eorpach tar éis aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna iomadúla le linn a staire agus tá athruithe beartais agus institiúideacha curtha chun feidhme aige de réir a chéile le feabhas a chur ar a chumas déileáil le héigeandálaí amach anseo.

Mar a léiríodh le paindéim COVID-19, tá géarchéimeanna ag éirí níos casta agus ní chuireann teorainneacha srian leo. Tá sásraí comhair trasteorann agus dlúthpháirtíochta bunaithe cheana féin ag an Aontas agus a Bhallstáit chun géarchéimeanna a bhainistiú go héifeachtach agus daoine a chosaint.

Fós féin, caithfear freagairt an Aontais ar ghéarchéimeanna a fhorbairt. Amach anseo, beidh ar an Aontas a bheith ullamh chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna tromchúiseacha de chineál difriúil, géarchéimeanna a d'fhéadfadh a bheith ilghnéitheach nó hibrideach agus a bhféadfadh éifeachtaí cascáideacha a bheith ag baint leo nó a d'fhéadfadh tarlú ag an am céanna.

Chun feabhas a chur ar a athléimneacht i leith dúshláin a bheidh ann amach anseo, beidh ar an Aontas an bainistiú trasearnála agus trasteorann géarchéimeanna a neartú. Thairis sin, beidh ar an Aontas an chumarsáid ghéarchéime a neartú agus dlús a chur le comhrac na bréagaisnéise. Is éard is athléimneacht ann an cumas ní hamháin chun dúshláin a sheasamh agus aghaidh a thabhairt orthu, ach chun aistrithe a dhéanamh freisin ar dhóigh inbhuanaithe, chothrom agus dhaonlathach.

I mí na Samhna 2021, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le feabhas a chur ar an ullmhacht, ar an gcumas freagartha agus ar an athléimneacht i leith géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo. An 16 Nollaig 2021, ba dhíol sásaimh do cheannairí an Aontais na conclúidí agus d'iarr siad go ndéanfaí freagairt an Aontais ar ghéarchéimeanna a neartú i gcur chuige uile-ghuaise agus go gcothófaí an athléimneacht agus go ndéanfaí faireachán uirthi.

I bhfianaise ról fíor-riachtanach an mhargaidh aonair don Aontas, cuireann an Chomhairle in iúl go láidir gur cheart bearta a bhaineann le géarchéimeanna a bheith sealadach, comhréireach agus lánchomhordaithe, agus é mar chuspóir acu gnáthfheidhmiú an mhargaidh aonair a atosú a luaithe is féidir, saorghluaiseacht daoine, earraí, seirbhísí agus caipitil mar a fhoráiltear sna Conarthaí san áireamh. Conclúidí ón gComhairle, mí na Samhna 2021

Sásraí um fhreagairt ar ghéarchéim san Aontas

I gcás géarchéime nó tubaiste, bídís ina dtubaistí nádúrtha nó ina dtubaistí de dhéantús an duine, féadfaidh an tAontas roinnt sásraí um fhreagairt ar ghéarchéim a úsáid chun cúnamh a chur ar fáil agus an cás a réiteach.

An sásra Aontais um chosaint shibhialta

Déanann an sásra Aontais um chosaint shibhialta an fhreagairt ar thubaistí nádúrtha agus ar thubaistí de dhéanamh an duine a chomhordú ar leibhéal an Aontais. Is é is aidhm don Treoir:

  • an comhar a chothú idir údaráis náisiúnta cosanta sibhialta
  • feasacht agus ullmhacht an phobail i leith tubaistí a mhéadú
  • cúnamh tapa, éifeachtach agus comhordaithe a chur ar fáil do na pobail dá ndéantar difear

Is é an lárionad comhordaithe práinnfhreagartha (LCPF) croí oibríochtúil an tsásra um chosaint shibhialta: bíonn sé gníomhach ó cheann ceann na seachtaine de lá agus d’oíche agus déanann sé comhordú ar iarrachtaí an Aontais freagairt ar thubaistí.

Áirítear leis an sásra freisin Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta. Is comhthiomsú deonach sócmhainní é sin arna ngealladh roimh ré ag na Ballstáit le húsáid láithreach laistigh nó lasmuigh den Aontas.

Léirítear sa ghrafaic faisnéise ‘Sásra Aontais um chosaint shibhialta i bhfigiúirí’ líon na ngníomhachtuithe in aghaidh na tíre in 2021, líon iomlán na ngníomhachtuithe idir 2007 agus 2021 agus líon na ngníomhachtuithe de réir chineál na guaise idir 2007 agus 2021.
An sásra Aontais um chosaint shibhialta i bhfigiúirí (Grafaic faisnéise)

An sásra Aontais um chosaint shibhialta i bhfigiúirí (Grafaic faisnéise)

I mí an Mhárta 2022, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le hobair cosanta sibhialta san Aontas i bhfianaise an athraithe aeráide. I bhfianaise na dteagmhas adhaimsire atá ag éirí níos minice agus níos déine, d'iarr na hairí go ndéanfaí na córais cosanta sibhialta a chur in oiriúint do theagmhais den chineál sin ionas go mbeidh an tAontas níos athléimní agus aghaidh á tabhairt aige ar an athrú aeráide.

Ar na gníomhaíochtaí ar leagadh béim orthu bhí na nithe seo a leanas:

  • infheistíocht a dhéanamh sa taighde agus sa nuálaíocht
  • oibriú ar ghníomhaíochtaí leordhóthanacha maidir le cosc agus ullmhacht
  • acmhainní cosanta sibhialta a fhorbairt
  • ullmhacht na saoránach a fheabhsú trí eolas níos fearr a chur ar fáil
  • saoránaigh agus saorálaithe a spreagadh chun páirt a ghlacadh i dtionscnaimh cosanta sibhialta

Comhordú sa Chomhairle i gcás géarchéime

Tacaíonn na socruithe comhtháite i leith freagairt pholaitiúil ar ghéarchéim (IPCR) le cinnteoireacht mhear chomhordaithe ar leibhéal polaitiúil an Aontais i dtaobh géarchéimeanna móra casta, gníomhartha sceimhlitheoireachta san áireamh.

Tríd an sásra sin, déanann Uachtaránacht na Comhairle freagairt pholaitiúil a chomhordú i gcás géarchéime trí institiúidí an Aontais, Ballstáit dá ndéantar difear agus príomhghníomhaithe eile a thabhairt le chéile.

Tá sásra IPCR i ngníomh faoi láthair chun comhordú a dhéanamh ar bhearta an Aontais mar fhreagairt ar ghéarchéim na himirce agus ar ráig COVID-19. Féadfaidh an uachtaránacht sásra na Comhairle um chomhordú i gcás géarchéime a chur ar tinneall, nó féadfar sin a dhéanamh tar éis do Bhallstát an clásal dlúthpháirtíochta a agairt.

Míniú ar an gcaoi a n-oibríonn sásra IPCR um fhreagairt ar ghéarchéim
An chaoi a n-oibríonn sásra IPCR um fhreagairt ar ghéarchéim (Grafaic faisnéise)

An chaoi a n-oibríonn sásra IPCR um fhreagairt ar ghéarchéim (Grafaic faisnéise)

Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh

Bunaíodh Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh in 2002 chun freagairt ar mhórthubaistí nádúrtha agus dlúthpháirtíocht an Aontais a chur in iúl i dtaca le réigiúin san Eoraip ar bhuail tubaiste iad. Faoi Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, is féidir leis na Ballstáit cistí a iarraidh chun déileáil le teagmhais thurraingeacha, tuilte, dóiteáin foraoise, creathanna talún, stoirmeacha agus triomach san áireamh.

I mí Aibreáin 2020, ag eascairt as ráig phaindéim COVID-19, leathnaíodh raon feidhme an chiste dlúthpháirtíochta chun móréigeandálaí sláinte poiblí a chuimsiú.

Ó bunaíodh é, baineadh úsáid as an gCiste chun freagairt ar 118 thubaiste nádúrtha agus 20 éigeandáil sláinte poiblí.

Ullmhacht i leith éigeandálaí sláinte a bheidh ann amach anseo

Léirigh paindéim COVID-19 go bhfuil gá le gníomhaíocht chomhordaithe ón Aontas chun freagairt ar ghéarchéimeanna sláinte go tráthúil agus go héifeachtúil.

Agus na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19 á gcur san áireamh, ghlac an tAontas 4 rialachán faoi phacáiste Aontas Sláinte na hEorpa chun cur le cumas an Aontais éigeandálaí sláinte trasteorann a chosc, a bhrath agus freagairt go mear orthu:

  • rialachán nua maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte
  • sainorduithe athbhreithnithe don lárionad Eorpach um ghalair a chosc agus a rialú (ECDC) agus don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA)
  • creat éigeandála maidir le frithbhearta leighis

Ina theannta sin, bhunaigh an Coimisiún Eorpach an tÚdarás Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA) i mí Mheán Fómhair 2021. Is é is aidhm do HERA a chinntiú go ndéanfar frithbhearta barrthábhachtacha leighis a fhorbairt, a mhonarú, a sholáthar agus a dháileadh go cothrom laistigh den Aontas.

Plean géarchéime maidir le slándáil bia

Léirigh tús phaindéim COVID-19 leochaileacht shlabhra bia na hEorpa i ndáil le dúshláin mhóra soláthair. I mí na Samhna 2021, d'fhoilsigh an Coimisiún teachtaireacht inar leagadh amach plean teagmhasach chun slándáil bia a chinntiú san Eoraip le linn géarchéimeanna.

Is é is aidhm do na bearta atá beartaithe cabhrú leis an Aontas aghaidh a thabhairt ar dhúshláin, mar atá teagmhais adhaimsire, saincheisteanna a bhaineann le sláinte plandaí agus ainmhithe, agus ganntanais ionchur tábhachtach mar atá leasacháin, fuinneamh agus saothar. Orthu seo, tá sásra ullmhachta agus freagartha i gcás géarchéim Eorpach i ndáil le slándáil bia (EFSCM) a chruthú agus grúpa saineolaithe a bhunú a bheidh comhdhéanta de shaineolaithe de chuid na mBallstát, geallsealbhóirí ábhartha agus ionadaithe ó thíortha nach tíortha den Aontas iad a thiocfaidh le chéile go tráthrialta chun a chinntiú go mbeidh an tAontas ullamh go hiomlán do dhúshláin a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le soláthar bia.

Le linn na Comhairle Talmhaíochta agus Iascaigh i mí na Nollag, d'fhormheas airí an Aontais conclúidí maidir leis an bplean, agus aitheantas á thabhairt acu don ghá atá le córas bia na hEorpa a sheasfaidh an aimsir i gcoinne rioscaí agus géarchéimeanna a d'fhéadfadh a bheith ann. Chomhaontaigh na hairí gur cheart go mbeadh na ceachtanna a foghlaimíodh ó COVID-19 mar bhonn le cur chuige an Aontais i leith na dtubaistí a bheidh ann amach anseo.

Bhí físchomhdháil ag airí talmhaíochta an Aontais i mí an Mhárta 2022 chun plé a dhéanamh ar an mbaol go n-imreofar tionchar suntasach ar an earnáil agraibhia, i ndiaidh ionradh na Rúise ar an Úcráin. I measc na mbeart a pléadh, chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoina phlean chun an sásra ullmhachta agus freagartha i gcás géarchéim Eorpach i ndáil le slándáil bia a ghníomhachtú chun faireachán a dhéanamh ar staid an mhargaidh.

An gníomh um éigeandáil agus athléimneacht sa mhargadh inmheánach

I mí Mheán Fómhair 2024, ghlac an Chomhairle an Gníomh um Éigeandáil agus Athléimneacht sa Mhargadh Inmheánach (IMERA).

Is é is cuspóir don Ghníomh um Éigeandáil agus Athléimneacht sa Mhargadh Inmheánach tionchar na ngéarchéimeanna a bheidh ann amach anseo a réamh-mheas, ullmhú dó agus freagairt air, trí leas a bhaint as láidreacht an mhargaidh inmheánaigh.

Ag tógáil ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó éigeandálaí, mar shampla COVID-19, cogadh na Rúise ar an Úcráin agus géarchéim an tsoláthair fuinnimh, neartóidh an sásra nua an margadh inmheánach le linn géarchéime tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • gluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine a éascú
  • faireachán ar shlabhraí soláthair
  • rochtain ar earraí criticiúla a chinntiú
An gníomh um éigeandáil agus athléimneacht sa mhargadh inmheánach

An gníomh um éigeandáil agus athléimneacht sa mhargadh inmheánach

Ceadúnú éigeantach

Tá rialacha nua forbartha ag an Aontas maidir le ceadúnú éigeantach is infheidhme san Aontas ar fad i gcás géarchéime.

Leis an gceadúnú éigeantach is féidir le rialtas cead a thabhairt do thríú páirtí paitinn a úsáid gan údarú ó shealbhóir na paitinne.

I gcásanna géarchéime, is féidir le ceadúnú éigeantach cuidiú le rochtain a sholáthar ar phríomhtháirgí agus ar phríomhtheicneolaíochtaí, mar shampla mura bhfuil sé d’acmhainn ag sealbhóir paitinne na méideanna is gá de phríomhtháirge a tháirgeadh, agus mura bhfuil comhaontú deonach ar fáil ná indéanta.

Níor cheart an ceadúnú éigeantach a dheonú ach amháin tar éis modh éigeandála nó géarchéime a ghníomhachtú ar leibhéal an Aontais.

An 27 Deireadh Fómhair 2025, d’fhormheas an Chomhairle an rialachán nua lena ndéantar an méid seo a leanas:

  • leagtar béim ar chineál na rogha deiridh a bhaineann le ceadúnú éigeantach
  • fágtar gás, sliseanna agus táirgí cosanta lasmuigh de raon feidhme an rialacháin
  • cinntítear nach bhfuil aon oibleagáid ann rúin trádála a nochtadh

Athléimneacht i leith rioscaí fisiciúla agus digiteacha

Ag an gcruinniú a bhí aici an 20 agus an 21 Deireadh Fómhair 2022, cháin an Chomhairle Eorpach go láidir gníomhartha sabaitéireachta i gcoinne bonneagar criticiúil, píblínte Nord Stream san áireamh, agus dúirt sí go dtabharfadh an tAontas aghaidh ar aon chur isteach a dhéanfaí d’aon ghnó ar bhonneagar criticiúil nó ar ghníomhaíochtaí hibrideacha eile le freagairt aontaithe dhiongbháilte.

Chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a fheabhsú, d’iarr ceannairí an Aontais ar Bhallstáit an Aontais an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • bearta práinneacha agus éifeachtacha a dhéanamh
  • oibriú i gcomhar le chéile, leis an gCoimisiún Eorpach agus le gníomhaithe ábhartha eile

Tá an tAontas ag obair faoi láthair ar rialacha nua chun eintitis chriticiúla agus dhigiteacha a dhéanamh níos athléimní.

Cosaint córas gréasáin agus faisnéise

In 2016, ghlac an tAontas an treoir maidir le slándáil na gcóras gréasáin agus faisnéise (NIS), an chéad bheart reachtach uile-Aontais darb aidhm an comhar idir tíortha an Aontais maidir le saincheist ríthábhachtach na cibearshlándála a mhéadú.

Leagadh síos sa treoir oibleagáidí slándála d’oibreoirí seirbhísí riachtanacha in earnálacha criticiúla, mar shampla ospidéil, greillí fuinnimh, iarnróid, ionaid sonraí, riaracháin phoiblí, saotharlanna taighde agus monarchana a mhonaraíonn feistí leighis ríthábhachtacha agus cógais leighis. Ba chéim ríthábhachtach í freisin i dtreo cibear-athléimneacht a fheabhsú san Aontas.

Mar chuid de straitéis chibearshlándála an Aontais, i mí na Nollag 2020, mhol an Coimisiún Eorpach treoir NIS athbhreithnithe (NIS2). Freagraíonn an togra nua ar thimpeallacht na bagartha atá ag teacht chun cinn agus cuirtear san áireamh ann claochlú digiteach ár sochaí a bhfuil dlús curtha faoi mar gheall ar ghéarchéim COVID-19.

Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir leis na bearta nua a dhéanfaidh an méid seo a leanas:

  • bainistiú agus comhar níos láidre a chinntiú i ndáil le rioscaí agus teagmhais
  • raon feidhme na rialacha a leathnú

Bonneagar criticiúil a chosaint

I mí na Nollag 2022, ghlac an Chomhairle rialacha nua chun a chinntiú go mbeidh earnálacha ríthábhachtacha, mar atá earnálacha an fhuinnimh, an uisce, an iompair agus na sláinte in ann na nithe seo a leanas a chosc, cosaint a thabhairt ina gcoinne, freagairt orthu, déileáil leo agus téarnamh uathu:

  • ionsaithe hibrideacha
  • tubaistí nádúrtha
  • bagairtí sceimhlitheoireachta
  • éigeandálaí sláinte poiblí

Is é is aidhm do na rialacha leochaileachtaí a laghdú agus athléimneacht na n-eintiteas criticiúil a neartú.

Eintitis iad na heintitis chriticiúla a sholáthraíonn seirbhísí bunriachtanacha atá fíorthábhachtach chun feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha, gníomhaíochtaí eacnamaíocha, sláinte agus sábháilteacht phoiblí agus an comhshaol a choinneáil ar bun. Ceann de na príomhghnéithe d’eintiteas criticiúil is ea a bhonneagar. D'fhéadfadh sé go n-áireofaí air sin sócmhainn, saoráid, trealamh, líonra nó córas atá riachtanach chun seirbhís riachtanach a sholáthar.

Faoi na rialacha nua, beidh ar eintitis chriticiúla an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • aon rioscaí ábhartha a d'fhéadfadh cur isteach go mór ar sholáthar seirbhísí bunriachtanacha a shainaithint
  • bearta iomchuí a dhéanamh chun a n-athléimneacht a chinntiú
  • fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla faoi theagmhais shuaiteacha

Ghlac an Chomhairle moladh freisin maidir le hathléimneacht an bhonneagair chriticiúil i mí na Nollag 2022 chun freagairt ar ghníomhartha sabaitéireachta i gcoinne phíblíne Nord Stream.

Leis an moladh seo cuirtear dlús faoi chumas an Aontais a bhonneagar criticiúil a chosaint agus cumhdaítear leis 3 réimse tosaíochta: ullmhacht, freagairt agus comhar idirnáisiúnta.

Tá rialacha nua chun bonneagair chriticiúla a dhéanamh níos athléimní, níos frithsheasmhaí agus níos turraingfhriotaíche glactha ag an Aontas.

Slándáil TF na hearnála airgeadais

An 28 Samhain 2022, ghlac an Chomhairle an Gníomh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil (DORA), arb aidhm dó slándáil TF na n-eintiteas airgeadais a neartú.

Le DORA, leagtar síos ceanglais aonfhoirmeacha maidir le slándáil chórais gréasáin agus faisnéise na n-eintiteas seo a leanas:

  • cuideachtaí agus eagraíochtaí atá ag feidhmiú san earnáil airgeadais
  • tríú páirtithe criticiúla a chuireann seirbhísí TFC ar fáil dóibh

Le DORA, leagtar síos creat rialála maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil faoinar gá do gach gnólacht a chinntiú gur féidir leis gach cineál cur isteach agus bagartha a bhaineann le TFC a sheasamh, freagairt air, agus teacht slán uaidh.

Leis na rialacha nua, tugtar creat an-stóinseach a chuirfidh borradh faoi shlándáil TF na hearnála airgeadais, rud a dhéanfaidh cibearbhagairtí a chosc agus a mhaolú.

An t-airgeadas digiteach

An t-airgeadas digiteach

An t-athbhreithniú deireanach: an 26 Bealtaine 2025