Skip to content

An Afganastáin

Seasann an tAontas le muintir na hAfganastáine agus tá sé tiomanta tacú le cearta mhná na hAfganastáine agus le hAfganastáin chobhsaí, shíochánta agus rathúil a fhorbairt.

An ghéarchéim san Afganastáin

Tar éis na mblianta fada de choinbhleacht, de ghuaiseacha nádúrtha athfhillteacha agus d’ardleibhéal bochtaineachta, bhí meath eacnamaíoch níos tapúla fós ann mar thoradh ar ghlacadh ceannais an Talaban i mí Lúnasa 2021, rud a mhéadaigh éiginnteacht an tsoláthair bia agus an díothacht fhorleathan.

Is iad gníomhaíochtaí agus cinntí an Talaban is cúis leis an eisiamh uafásach atá á dhéanamh go córasach ar mhná agus ar chailíní, agus is iad is cúis leis an meath ar staid pholaitiúil, eacnamaíoch, dhaonnúil agus chearta an duine do mhuintir na hAfganastáine.

Níl an Talaban toilteanach ná níl sé in ann dul i ngleic go héifeachtach le grúpaí sceimhlitheoireachta atá ar chríoch na hAfganastáine ná le hoibríochtaí na ngrúpaí siúd ach oiread.

In 2025, tá ar an Afganastáin dul i ngleic le ceann de na géarchéimeanna daonnúla is mó ar domhan, agus tá cúnamh de dhíth ar os cionn 22.9 milliún duine - os cionn leath de dhaonra na tíre. Faoi láthair, tá 10 milliún duine ag dul i ngleic le dian-éiginnteacht bia agus tá 3.5 milliún leanbh faoi chúig bliana d’aois thíos le míchothú tromchúiseach.

Triúr ban Afganastánacha ag siúl agus búrca á chaitheamh acu.
150 tona de chabhair curtha ar fáil ag an Aontas trí aerdhroichead daonnúil agus é ag tacú leis an aisdúichiú, mí na Nollag 2021

Níl rochtain ag na milliúin duine ar fud na tíre ar uisce sábháilte, ar a ndóthain bia, ná ar chúram sláinte iomchuí, rud a fhágann go bhfuil siad níos leochailí i leith galar agus míchothaithe.

Tá géarchéim fós ann san Afganastáin ina dteastaíonn cosaint, go háirithe ó mhná, leanaí, daoine a bhfuil riachtanais shonracha acu, agus grúpaí imeallaithe, arb iad is mó atá faoi riosca.

Cearta na mban san Afganastáin

Níl aon áit ar domhan ina dtugtar dúshlán do chearta na mban agus na gcailíní mar a thugtar san Afganastáin. Is cúis mhór imní é an staid mar atá ó thaobh an méid atá bainte amach ag mná na hAfganastáine le scór bliain anuas a urramú agus a fhorbairt a thuilleadh.

D’eisigh an Talaban níos mó ná 70 forógra lena ngabhann an t-uafás srianta nó toirmeasc a bhaineann leis an méid seo a leanas:

  • cailíní ag freastal ar mheánscoileanna
  • gnáis feistis (ina measc iallach a chur ar mhná a gcorp agus a n-aghaidh a chlúdach go poiblí)
  • leithscaradh in áiteanna oibre
  • saoirse gluaiseachta na mban gan caomhnóir fireann (mahram)
  • rochtain na mban ar áiteanna poiblí

Mar thoradh ar an gcosc ar an meánoideachas, fágadh 1.5 milliún cailín sna déaga as an scoil.

Rinneadh mná a eisiamh go hiomlán ón gcóras dlí, córas a tarraingíodh ó chéile nach mór, nuair a cuireadh bunreacht 2004 ar fionraí agus toisc nach bhfuil neamhspleáchas an chórais dlí á chinntiú a thuilleadh.

Ag deireadh mhí na Nollag 2022, chinn an Talaban freastal ar ollscoileanna agus obair le heagraíochtaí neamhrialtasacha a thoirmeasc ar mhná. Ní hamháin go bhfuil na forógraí sin idirdhealaitheach, is amhlaidh a bhíonn iarmhairtí díreacha acu, iarmhairtí marfacha uaireanta, ós measa é an soláthar cabhrach do na daoine is leochailí de bharr easpa oibrithe daonnúla baineanna.

I mí Lúnasa 2024, chuir an Talaban cosc ar ghuth na mban a bheith le cloisteáil go poiblí.

Tá sé curtha in iúl go soiléir ag an Aontas go minic go bhfuil rún daingean aige leanúint de thacaíocht a thabhairt do mhná agus do chailíní na hAfganastáine, i gcomhréir lena luachanna agus lena phrionsabail.

Sna conclúidí a glacadh i mí na Samhna 2022, rinne an Chomhairle an méid seo a leanas:

  • cháin sí an rolladh siar córasach atá ar bun ag an Talaban i leith cearta daonna agus saoirsí bunúsacha na mban agus na gcailíní
  • d’iarr sí ar an Ardionadaí, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit iarrachtaí spriocdhírithe agus substaintiúla a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an scéal agus a chinntiú go mbeidh mná na hAfganastáine lánpháirteach san idirphlé beartais maidir leis an Afganastáin
  • d’aithin sí a thábhachtaí atá tionscnaimh chun clár oibre maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil a chur chun cinn, mar shampla bunú Fhóram Cheannairí Ban na hAfganastáine arna éascú ag an Aontas

Tiomantas an Aontais don tsíocháin agus don chobhsaíocht san Afganastáin

I mí an Mhárta 2023, ghlac an Chomhairle conclúidí lena n-athdhearbhaítear tiomantas an Aontais don tsíocháin agus don chobhsaíocht san Afganastáin agus do thacaíocht a thabhairt dá pobal.

Athdhearbhaítear leis na conclúidí tábhacht agus bailíocht na dtagarmharcanna a leagtar amach sna conclúidí ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021, do bheartais agus do ghníomhaíochtaí faoin gcomh-aireacht shealadach a bhí ceaptha ag an Talaban.

D’iarr an tAontas arís ar an Talaban, ar mhaithe le muintir na hAfganastáine, an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • cearta uile an duine a urramú, a chosaint agus a chomhlíonadh, agus aghaidh a thabhairt ar sháruithe agus ar mhí-úsáidí i réimse chearta an duine
  • rialtas cuimsitheach agus ionadaíoch a bhunú
  • a chinntiú nach mbeidh an Afganastáin ina bonn óstála ná maoiniúcháin don sceimhlitheoireacht ná lena heaspórtáil
  • rochtain dhaonnúil gan bhac agus neamh-idirdhealaitheach a chur ar fáil
  • leanúint de thaisteal slán sábháilte ordúil chuig an Afganastáin agus ón Afganastáin a cheadú

Ina theannta sin, chuir an tAontas in iúl gur chun leasa an chomhphobail idirnáisiúnta ina iomláine é go mbeadh an Afganastáin cobhsaí, chun éagobhsaíocht réigiúnach, bagairtí sceimhlitheoireachta, easáitiú éigeantach agus imirce neamhrialta a chosc.

Is iad gníomhaíochtaí agus cinntí an Talaban is cúis leis an meath tubaisteach atá tagtha ar staid pholaitiúil, eacnamaíoch agus dhaonnúil mhuintir na hAfganastáine agus ar chearta an duine sa tír, go háirithe i gcás na mban agus na gcailíní.

Mar sin féin, tá an tAontas tiomanta i gcónaí leanúint dá chúnamh chun an ghéarchéim thromchúiseach dhaonnúil agus shocheacnamaíoch a mhaolú, trí thacaíocht a thabhairt do riachtanais dhaonnúla agus bhunúsacha agus do shlite beatha mar chuid de chur chuige bunaithe ar phrionsabail agus inar féidir le mná páirt fhónta a ghlacadh agus bheith ina dtairbhithe.

Ina theannta sin, tá an tAontas réidh chun tuilleadh feabhais a chur ar an tacaíocht a thugtar do chomharsana agus comhpháirtithe na hAfganastáine ar fud an réigiúin i gcoitinne chun éifeachtaí diúltacha iarmharta a chosc.

D'athdhearbhaigh an tAontas a thiomantas diongbháilte tacú le rannpháirtíocht iomlán na nAfganastánach uile, lena n-áirítear mná agus cailíní agus daoine ar de mhionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha iad, i ngach réimse den saol san Afganastáin.

Tacaíocht dhaonnúil do mhuintir na hAfganastáine

Ó bhí 1994 ann, tá cúnamh daonnúil dar luach tuairim is €2 bhilliún curtha ar fáil ag an Aontas don Afganastáin. Is é an méid a leanas príomhsprioc chúnamh daonnúil an Aontais don Afganastáin:

  • cúnamh tarrthála a chur ar fáil
  • rochtain ar sheirbhísí bunúsacha a chinntiú
  • athléimneacht an daonra i leith géarchéimeanna a fhorbairt

Idir 2024 agus 2025, mhaoinigh an tAontas tionscadail dhaonnúla dar luach €320 mhilliún.

I measc na nithe ar a ndírítear leis na hidirghabhálacha tá an cúnamh éigeandála bia, an cúram sláinte agus an cothú, an t-oideachas i gcásanna éigeandála, rochtain ar uisce glan, saoráidí sláinteachais agus sláintíochta, foscadh agus earraí nach bia iad, agus seirbhísí cosanta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí dímhianaithe.

Cuirtear cabhair dhaonnúil an Aontais san Afganastáin ar fáil trí chomhpháirtithe daonnúla ar an láthair, mar shampla gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha. Cloíonn an maoiniú go docht le prionsabail dhaonnúla an neamhspleáchais, na neamhchlaontachta agus na neodrachta lena chinntiú gurb iad na daoine san Afganastáin is mó atá ina ghátair a fhaigheann é.

D’iompar an tAontas breis agus 2 240 tona d’earraí fóirithinte trí 41 eitilt faoin 'aerdhroichead daonnúil' go Cabúl ó mhí Lúnasa 2021 i leith chun seachadadh na cabhrach tarrthála a éascú.

Smachtbhannaí a bhaineann leis an Afganastáin

Bearta i gcoinne an Talaban

D’fhorchuir an tAontas smachtbhannaí orthu siúd atá ina mbagairt ar shíocháin, ar chobhsaíocht agus ar shlándáil na hAfganastáine, lena n-áirítear an Talaban, mar aon le daoine agus grúpaí a bhfuil baint acu leo.

Leis na bearta sin, cuirtear rún 1988 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe chun feidhme agus áirítear orthu:

  • trádbhac arm
  • toirmeasc ar chúnamh teicniúil a bhaineann le hearraí míleata agus teicneolaíocht mhíleata
  • toirmisc taistil ar dhaoine ar leith
  • reo sócmhainní i gcás daoine agus eintiteas

Faoi láthair, tá feidhm ag an gcóras smachtbhannaí sin maidir le 135 dhuine aonair agus 5 eintiteas.

Smachtbhannaí i gcoinne ISIL/Da’esh agus al-Qaeda

An 20 Meán Fómhair 2016, bhunaigh an tAontas creat tiomnaithe de smachtbhannaí i gcoinne ISIL/Da’esh agus al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo.

Tá na smachtbhannaí uathrialacha sin comhlántach leis na bearta a glacadh faoi ‘liosta sceimhlitheoirí an Aontais’, reachtaíocht an Aontais lena gcuirtear rún 1373 (2001) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe chun feidhme.

Is éard atá i gceist le smachtbhannaí an Aontais:

  • toirmisc taistil ar dhaoine ar leith
  • reo sócmhainní i gcás daoine agus eintiteas
  • toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh siúd atá ar an liosta

Tá feidhm ag na smachtbhannaí sin faoi láthair maidir le 15 dhuine ar leith agus seacht ngrúpa san iomlán.

Féach freisin

An fhreagairt chomhtháite pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (IPCR)

An fhreagairt chomhtháite pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (IPCR)

Cabhair dhaonnúil

Cabhair dhaonnúil

An fáth a nglacann an tAontas smachtbhannaí

An fáth a nglacann an tAontas smachtbhannaí

An t-athbhreithniú deireanach: an 29 Deireadh Fómhair 2025