An tSiria
Seasann an tAontas le muintir na Siria. Tacaíonn sé le haistriú síochánta cuimsitheach sa tSiria, le hurraim do chearta an duine agus le téarnamh socheacnamaíoch na tíre.
Caidreamh athnuaite leis an tSiria
Tar éis thitim réimeas coiriúil Al-Assad in 2024 agus forbairtí polaitiúla eile sa tSiria, tá céimeanna tábhachtacha glactha ag an Aontas chun a chaidreamh déthaobhach leis an tSiria a neartú, lena n-áirítear:
- cur i bhfeidhm iomlán an chomhaontaithe comhair idir an tAontas agus an tSiria a athbhunú (2026)
- na smachtbhannaí eacnamaíocha uile a chur ar fionraí, cé is moite díobh siúd atá bunaithe ar fhorais slándála (2025)
Conclúidí ón gComhairle maidir leis an tSiria
Tá beartas an Aontais i leith na Siria á threorú ag na conclúidí ón gComhairle an 23 Meitheamh 2025, inar athdhearbhaigh an tAontas go bhfuil sé tiomanta seasamh le muintir na Siria agus tacú le haistriú síochánta cuimsitheach, faoi stiúir na Siria agus faoi úinéireacht na Siria chun cabhrú le todhchaí níos fearr a thógáil do mhuintir uile na Siria.
Tá an tAontas réidh chun oibriú leis an rialtas idirthréimhseach i bhfóraim réigiúnacha agus iltaobhacha, agus tathantaíonn sé ar na gníomhaithe seachtracha uile, gan eisceacht, urraim iomlán a thabhairt d’aontacht, neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na Siria.
Cáineann an tAontas aon ghníomhaíochtaí míleata aontaobhacha eachtracha agus aon láithreacht mhíleata aontaobhach eachtrach agus aon iarracht chun an bonn a bhaint de chobhsaíocht agus d’ionchais na Siria maidir le haistriú síochánta, lena n-áirítear trí ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis.
Cur i bhfeidhm iomlán an chomhaontaithe comhair idir an tAontas agus an tSiria a athbhunú
I mí na Bealtaine 2026, chinn an Chomhairle deireadh a chur le fionraí pháirteach an chomhaontaithe comhair idir an tAontas agus an tSiria, a tugadh isteach in 2011 mar fhreagairt ar an mbrú faoi chois a bhí á dhéanamh ag réimeas Al-Assad ar dhaonra na Siria agus ar sháruithe an réimis ar chearta an duine.
Leis an gcomhaontú comhair, a tugadh i gcrích in 1977, cuirtear creat ar fáil don chaidreamh eacnamaíoch agus trádála idir an tAontas agus an tSiria. I measc nithe eile, cuireann sé deireadh le srianta cainníochtúla ar allmhairí táirgí áirithe ón tSiria san Aontas, lena n-áirítear ola, táirgí peitriliam, ór, miotail lómhara agus diamaint.
Smachtbhannaí eacnamaíocha i gcoinne na Siria a chur ar fionraí
I mí na Bealtaine 2025, chuir an tAontas deireadh leis na smachtbhannaí eacnamaíocha uile a bhaineann leis an tSiria, cé is moite díobh siúd atá bunaithe ar fhorais slándála, lena n-áirítear airm agus teicneolaíochtaí a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh brú faoi chois inmheánach.
Choinnigh an tAontas na smachtbhannaí a bhaineann le réimeas Al-Assad, i gcomhréir lena iarraidh go mbeadh cuntasacht ann do dhéantóirí coireanna, agus leanann sé d’fhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí ar an láthair.
Idirphlé ardleibhéil polaitiúil idir an tAontas agus an tSiria
Bhí an chéad idirphlé ardleibhéil polaitiúil idir an tAontas agus an tSiria ar siúl i mí Bealtaine 2026. Deis a bhí san idirphlé dul chun cinn a dhéanamh chun an caidreamh idir an tAontas agus an tSiria a normalú agus chun plé a dhéanamh ar thacaíocht an Aontais d’iarrachtaí údaráis aistrithe na Siria i dtreo chobhsú, théarnamh socheacnamaíoch agus aistriú polaitiúil cuimsitheach na Siria.
Cúnamh ón Aontas do mhuintir na Siria
D’fhulaing sibhialtaigh go mór mar gheall ar an gcoimhlint sa tSiria, a mhair níos mó ná 15 mbliana, agus is í an choimhlint sin is cúis le ceann de na géarchéimeanna daonnúla is measa ar domhan.
Mar gheall ar easáitiú leanúnach, ar chliseadh seirbhísí bunriachtanacha, agus ar scriosadh forleathan an bhonneagair, tá cúnamh daonnúil de dhíth go práinneach ar 15.6 milliún duine in 2026. Ciallaíonn sé sin go bhfuil cúnamh daonnúil de dhíth ar 6 as gach 10 Siriach
Tá 5.5 milliún duine fós easáitithe ina dtír féin agus tá breis agus 3.6 milliún dídeanaí as an tSiria cláraithe i dtíortha comharsanachta (an Tuirc, an Liobáin, an Iordáin).
Tá breis agus 13.3 milliún duine atá thíos le héiginnteacht an tsoláthair bia. Tá beagnach 2.7 milliún leanbh nach bhfuil ag freastal ar scoil.
Is iad an tAontas agus a Bhallstáit na príomhdheontóirí cabhrach daonnúla dóibh siúd atá thíos leis an gcoinbhleacht sa tSiria. Ó thosaigh an ghéarchéim in 2011, tá breis agus €41 bhilliún slógtha ag an Aontas agus a Bhallstáit chun tacú le muintir na Siria laistigh den tír agus ar fud an réigiúin araon.
Cumhdaítear leis an maoiniú sin cabhair dhaonnúil tarrthála, seirbhísí bunúsacha, amhail cúram sláinte agus oideachas, agus téarnamh agus atógáil shocheacnamaíoch fhadtéarmach.
Cuirtear an cúnamh ar fáil trí chomhpháirtithe daonnúla, ar nós eagraíochtaí neamhrialtasacha, gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe agus Gluaiseacht Idirnáisiúnta na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg, a sholáthraíonn cúram sláinte, cúnamh bia, uisce, seirbhísí sláintíochta agus sláinteachais, cosaint, dídean agus oideachas do na daoine is leochailí.
Smachtbhannaí i gcoinne réimeas Al-Assad
Chuir an tAontas Eorpach a chomhar déthaobhach ar fad le rialtas na Siria agus lena lucht tacaíochta ar fionraí i mí na Bealtaine 2011, tar éis an ghéaraithe ar an bhforéigean agus an staid neamh-inghlactha chearta an duine.
Idir 2011 agus 2024, ghlac an tAontas smachtbhannaí i gcoinne réimeas Al-Assad. Tar éis thurnamh an réimis, áfach, an 24 Feabhra 2025, chuir an tAontas roinnt smachtbhannaí ar fionraí, lena n-áirítear i réimse an fhuinnimh, an iompair agus na n-idirbheart airgeadais, chun rannpháirtíocht leis an tír, lena muintir agus lena gnólachtaí a éascú.
An 28 Bealtaine 2025, chuir an tAontas deireadh leis na smachtbhannaí eacnamaíocha uile ar an tSiria, cé is moite díobh siúd atá bunaithe ar fhorais slándála.
Áirítear an méid seo a leanas ar na smachtbhannaí eacnamaíocha atá fágtha:
- trádbhac arm
- srianta ar onnmhairiú earraí, trealaimh agus teicneolaíochta dé-úsáide le haghaidh brú faoi chois inmheánach agus bogearraí le haghaidh tascartha agus faireachais
- toirmeasc ar thrádáil in earraí ar cuid d’oidhreacht chultúrtha na Siria iad
Ag an am céanna, chinn an tAontas smachtbhannaí a choinneáil i gcoinne daoine aonair agus eintitis a bhaineann le réimeas Al-Assad agus atá freagrach as muintir na Siria a chur faoi chois go foréigneach agus as sáruithe ar chearta an duine.
Tá na daoine aonair agus na heintitis atá liostaithe faoi réir reo sócmhainní, agus ní féidir aon chistí ná acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh. Tá na daoine aonair atá ar an liosta faoi réir toirmeasc taistil freisin.
Ba é an síneadh is deireanaí a cuireadh leis na smachtbhannaí sin ná go dtí an 1 Meitheamh 2027.
Ina theannta sin, idir 2023 agus 2025, chuir an tAontas smachtbhannaí ar dhaoine aonair agus ar eintitis atá freagrach as sáruithe ar chearta an duine faoin gcóras domhanda smachtbhannaí i ndáil le cearta an duine.
Áirítear i reachtaíocht an Aontais maidir le smachtbhannaí i gcoinne réimeas Al-Assad eisceachtaí daonnúla chun a áirithiú go leanfar de chúnamh daonnúil a sholáthar d’aon chuid den tír.
- An tSiria: gníomhartha dlí glactha ag an Aontas chun deireadh a chur le smachtbhannaí eacnamaíocha ar an tSiria, agus comhaontú polaitiúil ar thángthas air le déanaí á chur chun feidhme (preaseisiúint, an 28 Bealtaine 2025)
- Cinneadh a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)
- Rialachán a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)
An sceimhlitheoireacht a chomhrac
Is bagairt an-mhór iad Da'esh agus na grúpaí sceimhlitheoireachta eile atá sa tSiria don tír í féin, don réigiún máguaird agus don chomhphobal idirnáisiúnta ina iomláine. Dá bhrí sin, i mí an Mhárta 2015, ghlac an tAontas straitéis réigiúnach an Aontais atá tiomnaithe don tSiria agus don bhagairt ó ISIL/Da’esh.
Tar éis chliseadh críochach Da’esh in 2019, lean an tAontas de thacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí idirnáisiúnta chun cosc a chur ar Da’esh teacht chun cinn arís. I mí na Nollag 2024, d’athdhearbhaigh an Chomhairle a tiomantas daingean an sceimhlitheoireacht a chomhrac sa tSiria agus d’obair na Comhghuaillíochta Domhanda in aghaidh Da’esh.
- Conclúidí ón gComhairle maidir le straitéis an Aontais Eorpaigh don tSiria (preaseisiúint, an 3 Aibreán 2017)
- Conclúidí ón gComhairle maidir le straitéis réigiúnach an Aontais Eorpaigh don tSiria agus don Iaráic agus don bhagairt ó Da'esh (an 23 Bealtaine 2016)
- Conclúidí ón gComhairle maidir le straitéis réigiúnach an Aontais Eorpaigh don tSiria agus don Iaráic agus don bhagairt ó SIIS/Da'esh (an 16 Márta 2015)
Féach freisin
Seasamh an Aontais maidir leis an staid sa Mheánoirthear
An fhreagairt chomhtháite pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (IPCR)
An fáth a nglacann an tAontas smachtbhannaí
An t-athbhreithniú deireanach: an 18 Bealtaine 2026