Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 447 Torthaí
Iompar d’iarnród
Tá an tAontas agus na Ballstáit ag obair le chéile chun gréasán iarnróid níos nasctha, níos sábháilte agus níos inbhuanaithe a fhorbairt.

An trádáil idir an tAontas agus an tSín: fíricí agus figiúirí
Tá an tAontas agus an tSín i measc na gcomhpháirtithe trádála is mó ar domhan.

Trádáil idir an tAontas agus an Tuirc: fíricí agus figiúirí
Is é an tAontas an comhpháirtí trádála is mó atá ag an Tuirc.

Beartas tionsclaíoch an Aontais
Is é is aidhm do bheartas tionsclaíoch an Aontais iomaíochas thionscal an Aontais a neartú agus geilleagar níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos digitithe a chur chun cinn lena gcruthófar poist.

A bhfuil i gceist le scagadh infheistíochtaí díreacha coigríche
Fágann rialacha an Aontais maidir le scagadh infheistíochtaí coigríche gur féidir leis na Ballstáit infheistíochtaí coigríche san Aontas a rialú agus aghaidh a thabhairt ar riosca ar bith don tslándáil nó don ord poiblí. Déantar é seo i gcomhar le Ballstáit eile agus leis an gCoimisiún.

An Liobáin
Tacaíonn an tAontas le hiomláine chríochach, ceannasacht, cobhsaíocht agus neamhspleáchas polaitiúil na Liobáine agus le hiarrachtaí athchóirithe Rialtas na Liobáine.

An tAontas Custaim
Le haontas custaim an Aontais, cruthaítear limistéar taraife aonair le haghaidh na n-earraí uile a allmhairítear ó thíortha nach tíortha de chuid an Aontais iad, rud a fhágann gur féidir na hearraí a bhogadh faoi shaoirse idir na Ballstáit agus nach gá iad a chur tríd an gcustam.

An tAontas Custaim a nuachóiriú
Tá athchóiriú á dhéanamh ag an Aontas ar an aontas custaim chun nósanna imeachta a dhéanamh níos éifeachtúla, chun bearta slándála a neartú agus chun feabhas a chur ar bhainistiú riosca ar fud na mBallstát.

Gníomhaíocht an Aontais maidir le mórphlódú beartán beag
Tá an tAontas ag gníomhú chun bainistiú a dhéanamh ar an méadú tapa ar líon na mbeartán beag a thagann isteach sa mhargadh aonair, tríd an ríomhthráchtáil den chuid is mó.

Ról an Aontais sa trádáil dhomhanda
Is é an tAontas Eorpach an bloc trádála is mó ar domhan ó thaobh earraí agus seirbhísí le chéile, arb ionann é agus thart ar 15.9% den trádáil dhomhanda in 2025.
