An Mhacadóin Thuaidh
Rinne an Mhacadóin Thuaidh iarratas ar bhallraíocht san Aontas i mí an Mhárta 2004 agus tugadh stádas tír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas di i mí na Nollag 2005. Thionóil an tAontas a chéad chomhdháil idir-rialtasach leis an Macadóin Thuaidh i mí Iúil 2022.
Méadú
Iarratas ar bhallraíocht san Aontas Eorpach
Tíolacadh iarratas na Macadóine Thuaidh ar bhallraíocht san Aontas an 22 Márta 2004.
An 9 Samhain 2005, d’eisigh an Coimisiún tuairim maidir leis an iarratas ón Macadóin Thuaidh ar bhallraíocht san Aontas Eorpach, agus mhol sé go ndeonófaí stádas tír is iarrthóir don Mhacadóin Thuaidh.
Tugadh stádas tír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas don Mhacadóin Thuaidh i mí na Nollag 2005.
- Tuairim maidir le hiarratas Phoblacht iar-Iúgslavach na Macadóine ar bhallraíocht san Aontas Eorpach (EUR-Lex)
- Conclúidí ón gComhairle Eorpach, an 15 agus an 16 Nollaig 2005
An 18 Feabhra 2008, ghlac an Chomhairle an Chomhpháirtíocht Aontachais athbhreithnithe leis an Macadóin Thuaidh, lenar sainaithníodh tosaíochtaí nua atá fós ann le haghaidh gníomhaíochta, a cuireadh in oiriúint do riachtanais shonracha na tíre agus do chéim ullmhúcháin na tíre.
An chaibidlíocht maidir le haontachas
I mí Dheireadh Fómhair 2009 a mhol an Coimisiún Eorpach i dtosach tús a chur le caibidlíocht aontachais le Poblacht na Macadóine Thuaidh. In 2015 agus 2016, rinneadh an moladh coinníollach ar dhul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir leis na ‘Tosaíochtaí Athchóirithe Práinneacha’ a chur chun feidhme agus go leanfaí de chomhaontú Pržino a chur chun feidhme, comhaontú polaitiúil inar gheall na príomhpháirtithe sa Mhacadóin Thuaidh go n‑urramóidh siad na prionsabail dhaonlathacha agus inar chomhaontaigh siad idirthréimhse a bhunú a mbeadh saorthoghcháin chóra ag a deireadh.
Ghlac an Chomhairle conclúidí i mí an Mheithimh 2018 inar chomhaontaigh sí freagairt dhearfach a thabhairt ar an dul chun cinn atá déanta ag an Macadóin Thuaidh, agus inar leag sí amach an bealach chun tús a chur leis an gcaibidlíocht aontachais i mí an Mheithimh 2019. Chuir an Chomhairle i dtreis a ríthábhachtaí atá sé go leanfadh an Mhacadóin Thuaidh de dhul chun cinn nithiúil a dhéanamh maidir le príomhréimsí áirithe, mar shampla comhrac an éillithe, an t-athchóiriú breithiúnach, athchóiriú na seirbhísí faisnéise agus slándála agus athchóiriú an riaracháin phoiblí.
- Conclúidí ón gComhairle maidir le méadú agus an próiseas cobhsaíochta agus comhlachais, an 26 Meitheamh 2018
- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, an 26 Meitheamh 2018
An 24 Márta 2020, léirigh airí an Aontais atá freagrach as gnóthaí Eorpacha a gcomhaontú polaitiúil maidir le tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Albáin agus leis an Macadóin Thuaidh. Glacadh an comhaontú sin go foirmiúil trí nós imeachta i scríbhinn agus d’fhormhuinigh comhaltaí na Comhairle Eorpaí é an 26 Márta 2020.
Cruinnithe na comhdhála aontachais
Déantar an chaibidlíocht aontachais ag comhdhálacha idir-rialtasacha (ar a dtugtar ‘comhdháil aontachais’ go minic) idir airí agus ambasadóirí Bhallstáit an Aontais agus na tíre is iarrthóir. Cumhdaítear corpas na gceart coiteann agus an dlí choitinn (‘acquis an Aontais’) leis an gcaibidlíocht agus iad roinnte i gcaibidlí éagsúla, nó i gcnuasaigh caibidlí, a chumhdaíonn réimsí beartais éagsúla. Is féidir leis na comhdhálacha aontachais sin a bheith ar leibhéal na n-airí nó ar leibhéal na n-ionadaithe.
Thionóil an tAontas a chéad chomhdháil idir-rialtasach leis an Macadóin Thuaidh an 19 Iúil 2022.
An próiseas cobhsaíochta agus comhlachais
Tá ‘comhaontú cobhsaíochta agus comhlachais’ ag comhpháirtithe uile na mBalcán Thiar, a leagann síos an creat foriomlán dá gcaidreamh leis an Aontas. Tá sé ar siúl i gcomhthráth le caibidlíocht aontachais an Aontais agus tacaíonn sé léi.
Daingníodh comhaontú cobhsaíochta agus comhlachais na Macadóine Thuaidh, agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Aibreán 2004.
An Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas agus an Mhacadóin Thuaidh
Chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta sa chaidreamh idir an tAontas agus an Mhacadóin Thuaidh faoin bpróiseas cobhsaíochta agus comhlachais, tagann ionadaithe ón Aontas agus ón Macadóin Thuaidh le chéile sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas agus Poblacht na Macadóine Thuaidh.
Ó mhí an Mhárta 2023 i leith, tionóladh 16 chruinniú den Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas agus an Mhacadóin Thuaidh. Ag an gcruinniú is déanaí, a tionóladh an 17 Márta 2023 i Scóipé, phléigh na rannpháirtithe an caidreamh idir an tAontas agus an Mhacadóin Thuaidh agus thug siad dá n-aire an dul chun cinn atá déanta sa straitéis aontachais, critéir pholaitiúla, eacnamaíocha agus dlí an Aontais maidir le ballraíocht san Aontas san áireamh.
Athbhreithniú bliantúil ar an dul chun cinn
Gach bliain, déanann an Chomhairle a marana ar an dul chun cinn a rinneadh sna tíortha is iarrthóirí agus sna comhpháirtithe araon, an Mhacadóin Thuaidh san áireamh, ar a gconair Eorpach.
An 16 Nollaig 2025, d’eisigh Uachtaránacht na Danmhairge ar an gComhairle conclúidí ar thacaigh 26 Bhallstát de chuid an Aontais leo go polaitiúil.
Comhar maidir le bainistiú teorainneacha
Chun sreabha imirce a bhainistiú, chun cur i gcoinne na himirce neamhdhleathaí agus chun dul i ngleic leis an gcoireacht trasteorann, tá comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas agus ag an Macadóin Thuaidh maidir le comhar níos leithne i ndáil le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex). Leis an gcomhaontú, ceadaítear do Frontex agus don Mhacadóin Thuaidh oibríochtaí comhpháirteacha a dhéanamh agus ceadaítear d’fhoireann Frontex seiceálacha teorann a dhéanamh agus daoine a chlárú.
An 1 Aibreán 2023, tháinig an comhaontú leis an Macadóin Thuaidh i bhfeidhm.
An tSaoráid Eorpach Síochána
Faoin tSaoráid Eorpach Síochána, ionstraim arb é is aidhm di coinbhleacht a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú, ghlac an tAontas bearta cúnaimh chun tacú le harm na Macadóine Thuaidh. Cuideoidh na bearta freisin le hacmhainneachtaí na Macadóine Thuaidh a neartú chun páirt a ghlacadh in oibríochtaí slándála agus cosanta an Aontais agus léiríonn siad ailíniú iomlán na hAlbáine le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais.
Ó 2023 i leith, tá €38 milliún leithdháilte ag an Aontas tríd an tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le nuachóiriú an airm. I mí an Mheithimh 2022, ghlac an Chomhairle beart cúnaimh freisin chun tacú le tascfhórsa leighis na mBalcán, an trealamh agus an t-ábhar is gá a sholáthar d’aonaid leighis fhórsaí armtha na Macadóine Thuaidh san áireamh.
- An tSaoráid Eorpach Síochána: an tríú beart cúnaimh dhéthaobhaigh ón Aontas chun tacú le hArm Phoblacht na Macadóine Thuaidh glactha ag an gComhairle (preaseisiúint, an 25 Aibreán 2025)
- An tSaoráid Eorpach Síochána: beart cúnaimh mar thacaíocht do thascfhórsa leighis na mBalcán glactha ag an gComhairle (preaseisiúint, 10 Meitheamh 2022)
An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Nollaig 2025