Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh
Tá sé de chumhacht ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) coireanna i gcoinne bhuiséad an Aontais a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thabhairt chun breithiúnais.
Ionchúisitheoir an Aontais
Is comhlacht neamhspleách de chuid an Aontais í Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), atá freagrach as coireanna i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thabhairt chun breithiúnais. Ar na coireanna sin, tá:
- an chalaois
- an t-éilliú
- an sciúradh airgid
- calaois CBL trasteorann
Chuaigh OIPE i mbun oibríochtaí an 1 Meitheamh 2021.
Ní mór d’institiúidí agus do chomhlachtaí an Aontais, chomh maith le húdaráis inniúla na 25 Bhallstát a chuaigh isteach in OIPE, aon iompar coiriúil a dhéanann difear do bhuiséad an Aontais a thuairisciú do OIPE. Is féidir le daoine aonair cásanna líomhnaithe calaoise agus coireanna eile a thuairisciú freisin.
Na Ballstáit rannpháirteacha
Go dtí seo, tá cinneadh déanta ag 25 Bhallstát páirt a ghlacadh san iarracht buiséad an Aontais a chosaint ar chalaois.
Is iad sin: an Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ostair, Poblacht na Seice, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Spáinn, an tSualainn agus an Ungáir.
Ag eascairt as iarraidh na hUngáire a bheith páirteach in OIPE, iarraidh a rinne sí i mí na Bealtaine 2026, dhearbhaigh an Coimisiún Eorpach a rannpháirtíocht an 10 Iúil 2026. Anois agus an Ungáir rannpháirteach ón 3 Lúnasa 2026, tá 25 Bhallstát in OIPE.
Níl an Danmhairg na Éire rannpháirteach in OIPE, ós rud é go bhfuil rogha an diúltaithe acu gan a bheith páirteach i gcomhar an Aontais maidir le ceartas agus gnóthaí baile.
An fáth ar bunaíodh OIPE
Sular cuireadh OIPE i bhfeidhm, ba iad na húdaráis náisiúnta amháin a bhí in ann imscrúdú a dhéanamh ar choireanna a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais – ach le huirlisí teoranta, toisc go dtagann deireadh lena gcumhachtaí ag teorainneacha náisiúnta.
Ar an gcaoi chéanna, ní féidir leis na comhlachtaí de chuid an Aontais a tháinig roimh OIPE sa réimse seo, amhail an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), imscrúduithe coiriúla a thionscnamh ná ionchúisimh a dhéanamh sna Ballstáit.
Cuidíonn OIPE leis na heasnaimh sin a leigheas agus le díriú ar bhealach níos déine ar choireanna i gcoinne bhuiséad an Aontais dá réir.
Ról agus struchtúr OIPE
An ról
Is é atá mar mhisean ag OIPE dul i ngleic le calaois a dhéantar ar airgeadas an Aontais. Tá sé de chumhacht aige coireanna a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh.
Déanann OIPE fiosrúcháin trasteorann maidir le calaois a bhaineann le cistí an Aontais a mbíonn os cionn €10 000 i gceist leo, nó maidir le cásanna calaoise trasteorann CBL a mbíonn damáiste os cionn €10 milliún i gceist leo. Oibríonn sé i gcomhar le húdaráis náisiúnta forfheidhmithe an dlí chomh maith. Oibríonn sé go dlúth le comhlachtaí eile ar nós Eurojust agus Europol fosta.
Struchtúr
Tá struchtúr dhá shraith ag OIPE, ina bhfuil leibhéal lárnach agus leibhéal náisiúnta.
An leibhéal lárnach
Tá an leibhéal lárnach lonnaithe i Lucsamburg agus tá an príomh-ionchúisitheoir Eorpach agus coláiste na n-ionchúisitheoirí ann.
Is é an príomh-ionchúisitheoir Eorpach atá i gceannas ar OIPE, a eagraíonn obair na hoifige agus a dhéanann ionadaíocht thar ceann na hoifige sin ina caidreamh le hinstitiúidí an Aontais, leis na Ballstáit agus le tríú tíortha.
I mí Dheireadh Fómhair 2019, ceapadh Laura Codruţa Kövesi mar an chéad Phríomh-Ionchúisitheoir Eorpach.
I mí an Mhárta 2026 chinn an Chomhairle Andrés Ritter a cheapadh mar an príomh-ionchúisitheoir Eorpach nua, le héifeacht ón 1 Samhain 2026. Ceaptar an príomh-ionchúisitheoir Eorpach trí chomhaontú idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa.
Is é coláiste na n-ionchúisitheoirí príomhchomhlacht straitéiseach agus maoirseachta OIPE. Sainíonn sé straitéis OIPE, glacann sé a rialacha inmheánacha agus cinntíonn sé cur chuige comhsheasmhach maidir le himscrúduithe agus ionchúisimh ar fud na mBallstát rannpháirteach uile.
Is é atá ann an príomh-ionchúisitheoir Eorpach agus ionchúisitheoirí na mBallstát atá ag glacadh páirte ann. Tá ról tábhachtach ag an gComhairle maidir le hionchúisitheoirí Eorpacha a cheapadh. Ainmníonn gach Ballstát rannpháirteach iarrthóirí don phost, agus tar éis measúnú neamhspleách a dhéanamh, ceapann an Chomhairle ionchúisitheoir Eorpach amháin do gach Ballstát.
Déanann na dlí-sheomraí buana faireachán agus treorú ar na himscrúduithe, chomh maith le cinntí oibríochtúla.
- OIPE: dearbhaithe ag an gComhairle gurb é Andrés Ritter a bheidh ina phríomh-ionchúisitheoir Eorpach nua (preaseisiúint, an 9 Márta 2026)
- OIPE: an chéad Phríomh-Ionchúisitheoir Eorpach, Laura Codruța Kövesi, dearbhaithe ag an gComhairle (preaseisiúint, an 14 Deireadh Fómhair 2019)
- CV Laura Codruţa Kövesi
An leibhéal náisiúnta
Ar an leibhéal náisiúnta, tá ionchúisitheoirí tarmligthe Eorpacha.
Tá na hionchúisitheoirí tarmligthe Eorpacha sna 25 Bhallstát rannpháirteacha freagrach as imscrúduithe coiriúla agus ionchúisimh choiriúla a dhéanamh. Oibríonn siad ar shlí atá go hiomlán neamhspleách ar a n-údaráis náisiúnta.
Bunú OIPE
In 2013, thíolaic an Coimisiún Eorpach togra chun Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a bhunú. Chun go bhféadfaí é a ghlacadh, bhí ar an gComhairle teacht ar chomhaontú d’aon ghuth agus toiliú Pharlaimint na hEorpa a fháil.
In ainneoin gur caitheadh 3 bliana i mbun caibidlíochta, chinn ar an gComhairle teacht ar chomhaontú d’aon toil maidir leis an togra. I mí Feabhra 2017, chláraigh an Chomhairle nach raibh aontoilíocht ann agus dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach an méid sin an mhí dár gcionn.
Sa chás sin, ceadaítear i gconarthaí an Aontais do ghrúpa a bhfuil naoi mBallstát, ar a laghad, ann comhar feabhsaithe a bhunú.
I mí Aibreáin 2017, seoladh comhar feabhsaithe maidir le OIPE. I mí Dheireadh Fómhair 2017, chomhaontaigh 20 Ballstát OIPE a bhunú agus ghlac an Chomhairle rialachán OIPE, a tháinig i bhfeidhm an 20 Samhain 2017.
Anois agus an Ungáir rannpháirteach ó mhí Lúnasa 2026, tá Ballstáit uile an Aontais, seachas an Danmhairg agus Éire, rannpháirteach in OIPE.
Féach freisin
An t-athbhreithniú deireanach: an 3 Lúnasa 2026