Uainiú Bhuiséad an Aontais Eorpaigh (féilire pragmatach)
Uainiú bhuiséad an Aontais
Leis an ngrafaic faisnéise seo, léirítear uainiú bhuiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis an bhféilire pragmatach.
- I mí Feabhra, glacann an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa treoirlínte
- I mí an Mhárta, tagann an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa le chéile chun a gcuid tosaíochtaí a chur i láthair a chéile agus chun teacht ar chomhaontú faoi na príomhdhátaí
- Faoi dheireadh mhí na Bealtaine de ghnáth, dréachtaíonn an Coimisiún an dréachtbhuiséad agus cuireann sé faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa é
- I mí Iúil, bunaíonn an Chomhairle a seasamh
- I mí Mheán Fómhair, glacann an Chomhairle a seasamh agus cuireann sí chuig Parlaimint na hEorpa é
- Laistigh de 42 lá, formheasann Parlaimint na hEorpa an seasamh ón gComhairle nó glacann sí leasuithe air
- I mí Dheireadh Fómhair, mura n-aontaíonn an Chomhairle le leasuithe na Parlaiminte, tionótar Coiste Idir-réitigh (CI) a bhfuil 21 lá aige chun teacht ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach.
Tíolacann a Coimisiún litir leasaitheach chun nuashonrú a dhéanamh ar an mbuiséad leis na tuartha is déanaí don bhliain dar gcionn. - Má thagann an Coiste Idir-réitigh ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach, tá 14 lá ag an gComhairle agus ag Parlaimint na hEorpa chun é a fhormheas. Ansin, glactar an buiséad bliantúil.
- Mura dtagann an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú, beidh ar an gCoimisiún dréachtbhuiséad bliantúil nua a thíolacadh.
- Mura mbeidh an buiséad bliantúil glactha fós i dtús na bliana nua, beidh feidhm ag córas na ndóú codanna déag sealadacha: leithdháiltear aon dóú cuid déag de bhuiséad na bliana roimhe sin do gach mí.
An t-athbhreithniú deireanach: an 4 Feabhra 2025