"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.

Féach ár leathanach beartais maidir le fianáin chun tuilleadh eolais a fháil agus chun do shocruithe a athrú.

български español čeština dansk Deutsch eesti Ελληνικά English français Gaeilge hrvatski italiano latviešu lietuvių magyar Malti Nederlands polski português română slovenčina slovenščina suomi svenska
Skip to content

An trádáil idir an tAontas agus Ceanada: fíricí agus figiúirí

Idir an tAontas agus Ceanada, tá daonra iomlán de thart ar 490 milliún ann. Is iad beagnach an cúigiú cuid de OTI an domhain iad agus thart ar 19 % den trádáil dhomhanda in earraí agus seirbhísí iad.

Léarscáileanna agus bratacha Cheanada agus an Aontais Eorpaigh.

Tá an caidreamh trádála idir an tAontas agus Ceanada bunaithe ar an gComhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir an tAontas agus Ceanada atá á chur i bhfeidhm go sealadach ó mhí Mheán Fómhair 2017.

In 2025, b’ionann an trádáil in earraí agus seirbhísí idir an tAontas agus Ceanada agus os cionn €130 billiún.

Leagan téacs

Barrachairt ina léirítear luachanna allmhairí agus onnmhairí earraí agus seirbhísí idir an tAontas agus Ceanada.

Earraí:

  • allmhairí: €32.8 billiún
  • onnmhairí: €48.9 billiún

Seirbhísí:

  • allmhairí: €19.7 billiún
  • onnmhairí: €29.4 billiún

Is é Eurostat foinse na sonraí.

Trádáil in earraí

€81.5 billiún ba luach don trádáil in earraí idir an tAontas agus Ceanada in 2025. Ba é an tAontas an dara comhpháirtí trádála a bhí ag Ceanada, arbh ionann é agus beagnach 8.7 % dá trádáil. Ba é Ceanada an dara comhpháirtí dhéag a bhí ag an Aontas.

Saighead.

Allmhairí an Aontais dar luach €32.8 billiún ó Cheanada

Cairt ina léirítear trádáil earraí idir an tAontas agus Ceanada.
Saighead.

Onnmhairí an Aontais dar luach €48.7 billiún chuig Ceanada

Na hearraí is mó a thrádáiltear idir an tAontas agus Ceanada

Innealra

Ceimiceáin agus táirgí cógaisíochta

táirgí mianracha (allmhairí an Aontais)

Trealamh iompair (onnmhairí ón Aontas)

Trádáil seirbhísí

In 2025, b’fhiú €49 mbilliún an trádáil in earraí idir an tAontas agus Ceanada.

Saighead.

Allmhairí an Aontais dar luach €19.7 billiún ó Cheanada

Cairt ina léirítear trádáil earraí idir an tAontas agus Ceanada.
Saighead.

Onnmhairí an Aontais dar luach €29.4 billiún chuig Ceanada

Na seirbhísí is mó a thrádáiltear idir an tAontas agus Ceanada

Seirbhísí gairmiúla, eolaíocha agus teicniúla

Taisteal

Iompar

Seirbhísí teileachumarsáide, ríomhaireachta agus faisnéise

Comhaontú cuimsitheach eacnamaíoch agus trádála idir an tAontas agus Ceanada

Tá an comhaontú trádála sin á chur i bhfeidhm go sealadach ó mhí Mheán Fómhair 2017. Chuir Ceanada agus an tAontas deireadh le 98% dá dtaraifí.

Idir 2016 agus 2025, tháinig méadú os cionn 76 % ar thrádáil in earraí agus tháinig méadú thart ar 90 % ar thrádáil i seirbhísí. Ach iad a chur le chéile, tháinig méadú os cionn 80 % ar thrádáil earraí agus seirbhísí araon idir 2016 agus 2025.

De réir meastóireacht ex post ar CETA, tá OTI an Aontais €3.2 billiún níos airde gach bliain mar gheall ar an gcomhaontú.

Príomhbhuntáistí CETA:

  • cuirtear deireadh le formhór na ndleachtanna custaim agus laghdaítear an rómhaorlathas
  • is fusa do mhuintir na hEorpa a bheith ag obair i gCeanada
  • cinntítear go bhfuil rochtain ag cuideachtaí an Aontais ar mhargadh seirbhísí Cheanada
  • cruthaítear dálaí intuartha d’infheisteoirí an Aontais agus Cheanada araon

Infheistíocht dhíreach choigríche

Ba é luach carnach stoic infheistíochta dírí coigríche (IDC) an Aontais i gCeanada €244.7 billiún in 2024. Ba é €230 billiún luach carnach stoic IDC Cheanada in AE-27.

Ba i mí an Mheithimh 2026 a baineadh na sonraí a úsáideadh ar an leathanach seo agus fuarthas iad ó na tacair sonraí Eurostat seo a leanas:

Féach freisin

Bratacha Cheanada agus an Aontais Eorpaigh.

An caidreamh idir an tAontas agus Ceanada

Léaráid den Domhan le barrachairteacha agus líne-chairteacha simplí a thugann méadú ar thrádáil dhomhanda le fios.

Reachtaíocht trádála an Aontais

Peann ag síniú doiciméid, graf ina bhfuil líne dhearg ag ardú agus, sa chúlra, graf airgeadais.

Comhaontuithe trádála an Aontais

An t-athbhreithniú deireanach: an 22 Deireadh Fómhair 2026