Skip to content

An trádáil idir an tAontas agus an tSeapáin: fíricí agus figiúirí

Tá daonra thart ar 570 milliún duine san Aontas agus sa tSeapáin, agus, le chéile, is beagnach aon cheathrú de OTI an domhain iad agus beagnach 20 % den trádáil dhomhanda in earraí agus seirbhísí.

Léarscáileanna agus bratacha de chuid an Aontais agus na Seapáine

Tá an caidreamh trádála idir an tAontas agus an tSeapáin bunaithe ar an gcomhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche (atá i bhfeidhm ó mhí Feabhra 2019).

In 2024, b'fhiú níos mó ná €190 billiún an trádáil earraí agus seirbhísí idir an tAontas agus an tSeapáin.

Leagan téacs

Barrachairt ina léirítear allmhairí agus onnmhairí earraí agus seirbhísí idir an tAontas agus an tSeapáin.

Earraí:

  • allmhairí: 63.78 billiún
  • onnmhairí: 66.85 billiún

Seirbhísí:

  • allmhairí: 21.79 billiún
  • onnmhairí: 39.89 billiún

Trádáil in earraí

B’fhiú beagnach €130 billiún an trádáil in earraí idir an tAontas agus an tSeapáin in 2024. Ba é an tAontas an tríú comhpháirtí trádála ba mhó a bhí ag an tSeapáin, agus é freagrach as 10 % dá trádáil. Ba í an tSeapáin an seachtú comhpháirtí trádála ba mhó a bhí ag an Aontas.

beart a bhfuil saighead ag dul i dtreo na láimhe deise

Allmhairí dar luach €63.8 billiún chuig an Aontas

Cairt chearnógach lena léirítear luach na n-allmhairí agus na n-onnmhairí earraí idir an tAontas agus an tSeapáin.
beart a bhfuil saighead ag dul i dtreo na láimhe clé

Onnmhairí dar luach €66.9 billiún ón Aontas

Na hearraí is mó a thrádáiltear idir an tAontas agus an tSeapáin

Ceimiceáin (táirgí cógaisíochta san áireamh)

Innealra

Mótarfheithiclí

Trádáil seirbhísí

In 2024, ba é breis agus €60 billiún luach na trádála in earraí idir an tAontas agus an tSeapáin.

beart a bhfuil saighead ag dul i dtreo na láimhe deise

Allmhairí an Aontais dar luach €21.8 billiún ón tSeapáin

Cairt chearnógach lena léirítear luach na n-allmhairí agus na n-onnmhairí seirbhísí idir an tAontas agus an tSeapáin.
beart a bhfuil saighead ag dul i dtreo na láimhe clé.

Onnmhairí an Aontais dar luach €39.9 billiún chuig an tSeapáin

Na seirbhísí is mó a thrádáiltear idir an tAontas agus an tSeapáin

Seirbhísí teileachumarsáide, ríomhaireachta agus faisnéise

T&F, seirbhísí maidir le comharliúchán gairmiúil agus le comhairliúchán bainistíochta

Taisteal

Iompar

Torthaí an chomhaontaithe comhpháirtíochta eacnamaíche

Tá an comhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche leis an tSeapáin i bhfeidhm le breis agus 5 bliana anuas. Agus an comhaontú á chur chun feidhme ina iomláine, cuirtear deireadh le 99 % de tharaifí ar an Aontas agus 97 % de tharaifí ar an tSeapáin.

Le hais 2018 (an bhliain dheireanach roimh an gcomhaontú), tháinig méadú beagnach 20 % ar an trádáil iomlán idir an tAontas agus an tSeapáin. Tháinig méadú os cionn 11 % ar thrádáil earraí agus tháinig méadú os cionn 42 % ar thrádáil seirbhísí.

I mí Iúil 2024, cuireadh forálacha nua maidir le sreafaí sonraí trasteorann leis an gcomhaontú. Ar roinnt bealaí tá siad ag dul chun tairbhe do chuideachtaí, go háirithe do chuideachtaí atá gníomhach sna hearnálacha a leanas: seirbhísí airgeadais, iompar, innealra agus ríomhthráchtáil.

Infheistíocht dhíreach eachtrach

Ba é luach carnach stoic infheistíochta dírí coigríche (IDC) an Aontais sa tSeapáin €86.6 billiún in 2023. Ba é €212.5 billiún luach carnach stoic IDC na Seapáine in AE-27.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi chomhaontuithe trádála, féach:

An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Iúil 2026