An tSaoráid Eorpach Síochána
Ionstraim airgeadais nua is ea an tSaoráid Eorpach Síochána chun cumais slándála agus chosanta an Aontais a threisiú, agus chun an tsíocháin a chaomhnú ar fud an domhain.
€5 bhilliún don tréimhse 2021-2027 arna maoiniú ag Ballstáit an Aontais.
Céard?
Maoineoidh an tSaoráid Eorpach Síochána gníomhaíochtaí seachtracha a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta acu agus beidh an tAontas in ann cabhrú le tíortha comhpháirtíochta in oibríochtaí míleata tacaíochta síochána.
Cén fáth?
Déanfaidh an tSaoráid Eorpach Síochána an choinbhleacht a chosc, an tsíocháin a chaomhnú agus an tslándáil agus an chobhsaíocht idirnáisiúnta a neartú.
Tíortha comhpháirtíochta agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a chumhachtú chun an rud céanna a dhéanamh.
Conas?
Feidhmeoidh an tSaoráid Eorpach Síochána trí mhisin agus oibríochtaí i dtíortha óstacha agus trí chúnamh, a bhféadfaidh soláthar na nithe seo a leanas a áireamh ann:
- trealamh míleata nó trealamh cosanta
- bonneagar
- tacaíocht theicniúil