Skip to content

An tSaoráid Eorpach Síochána

Is ionstraim í an tSaoráid Eorpach Síochána arb é is aidhm di feabhas a chur ar chumas an Aontais coinbhleachtaí a chosc, an tsíocháin a chothú agus a chaomhnú agus an tslándáil agus an chobhsaíocht idirnáisiúnta a neartú.

An tSaoráid Eorpach Síochána a bhunú

An 22 Márta 2021, ghlac an Chomhairle cinneadh lena mbunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána.

Céard é an tSaoráid Eorpach Síochána?

Is ionstraim í an tSaoráid Eorpach Síochána lena ndírítear ar fheabhas a chur ar chumas an Aontais:

  • coinbhleachtaí a chosc
  • an tsíocháin a chothú agus a chaomhnú
  • an tslándáil agus an chobhsaíocht idirnáisiúnta a neartú

I dtréimhse ina bhfuil bagairtí casta slándála, cuireann an tSaoráid Eorpach Síochána le cumas an Aontais slándáil a chur ar fáil dá shaoránaigh agus dá chomhpháirtithe. Déantar tionchar, éifeachtacht agus inbhuanaitheacht ghníomhaíocht sheachtrach fhoriomlán an Aontais a uasmhéadú i réimse na síochána agus na slándála léi.

Cuireadh an tSaoráid in ionad na n-ionstraimí airgeadais a bhí ann sa réimse sin agus chuir sí leo, eadhon Sásra Athena agus an tSaoráid um Shíocháin san Afraic.

Clogad, craobh de chrann olóige agus réaltaí an Aontais i gciorcal.

Conas a oibríonn an tSaoráid Eorpach Síochána?

Feidhmíonn an tSaoráid Eorpach Síochána trí mhisin agus oibríochtaí, agus trí bhearta cúnaimh a théann chun tairbhe do thíortha comhpháirtíochta agus d’eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta. Féadfar soláthar na nithe seo a leanas a áireamh ar na bearta sin:

  • trealamh míleata nó trealamh cosanta
  • bonneagar
  • tacaíocht theicniúil

Feidhmíonn an tSaoráid i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta.

Cén buiséad atá ag an tSaoráid Eorpach Síochána?

Is ciste í an tSaoráid Eorpach Síochána ar fiú breis agus €17 mbilliún í a mhaoinítear lasmuigh de bhuiséad an Aontais ar feadh tréimhse 7 mbliana (2021-2027), agus sásra aonair ann chun gach gníomhaíocht a mhaoiniú faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) i réimsí míleata agus cosanta.

Nuair a cruthaíodh an tSaoráid i mí an Mhárta 2021, bhí uasteorainn airgeadais tosaigh €5.69 billiún i bpraghsanna reatha aici.

Mhéadaigh an Chomhairle an uasteorainn airgeadais i mí an Mhárta 2023 (faoi €2.29 billiún), i mí an Mheithimh 2023 (€4.06 billiún) agus i mí an Mhárta 2024 (€5 bhilliún). Ba Chiste Cúnaimh tiomnaithe don Úcráin laistigh den tSaoráid Eorpach Síochána a bhí sa mhéid a cuireadh léi i mí an Mhárta 2024.

Is ar eochair leithdháilte ollioncaim náisiúnta a bheidh na ranníocaíochtaí ó na Ballstáit bunaithe.

Leagan téacs
  • Márta 2021 (buiséad tosaigh): €5.7 billiún
  • Márta 2023 (an chéad bhreisiú): €2.3 billiún
  • Meitheamh 2023 (an dara breisiú): €4.1 billiún
  • Márta 2024 (an tríú breisiú): €5 bhilliún

Tacaíocht ón Aontas don Úcráin

Idir 2022 agus 2024, rinne an tAontas €6.1 billiún a shlógadh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha mhíleata agus chosanta na hÚcráine.

Ina theannta sin, i mí an Mhárta 2024, chinn an tAontas uasteorainn airgeadais na Saoráide Eorpaí Síochána a mhéadú €5 bhilliún, trí Chiste Cúnaimh tiomnaithe don Úcráin a bhunú. Tar a éis sin, is é €11.1 billiún an méid iomlán a leithdháileadh tríd an tSaoráid Eorpach Síochána.

Thacaigh an Iorua le bearta cúnaimh an Aontais le ranníocaíocht NOK 250 milliún (thart ar €22 mhilliún).

Leis na bearta cúnaimh a comhaontaíodh faoin tSaoráid Eorpach Síochána, maoinítear soláthar trealaimh agus soláthairtí míleata atá marfach agus neamh-mharfach, cuir i gcás trealamh cosanta pearsanta, fearais gharchabhrach, breosla, armlón agus diúracáin.

In 2022, sheol an tAontas an Misean Cúnaimh Mhíleata mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine). Is é is aidhm don mhisean cumas agus athléimneacht fhórsaí armtha na hÚcráine a neartú agus an pobal sibhialta a chosaint ar fhogha míleata leanúnach na Rúise.

Colúin

Dhá cholún maoiniúcháin in aon ionstraim amháin atá ag an tSaoráid Eorpach Síochána, agus na nósanna imeachta cinnteoireachta ar an gcaoi sin, chun aontacht agus comhleanúnachas níos fearr a thabhairt do ghníomhaíochtaí an Aontais i dtaca le colún na n-oibríochtaí agus le colún na mbeart cúnamh.

Colún na n-oibríochtaí

Faoi cholún na n-oibríochtaí, maoinítear na costais choiteanna a ghabhann le misin agus oibríochtaí an chomhbheartais slándála agus cosanta (CBSC) – a mbíonn impleachtaí míleata nó cosanta acu – i gcomhréir le hAirteagail 42(4) agus 43(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Colún na mbeart cúnaimh

Faoi cholún na mbeart cúnaimh, maoinítear bearta cúnaimh i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus eagraíochtaí réigiúnacha nó idirnáisiúnta, i gcomhréir le hAirteagail 28 agus 30 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Díríonn gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin gcolún ar:

  • acmhainneachtaí míleata agus cosanta a neartú
  • tacú leis na gnéithe míleata a ghabhann le hoibríochtaí tacaíochta síochána

Rialachas

Is faoi údarás agus stiúir Coiste Saoráide, ar a bhfuil ionadaithe as gach Ballstát den Aontas, faoi chathaoirleacht ionadaí ó Uachtaránacht na Comhairle, a fheidhmíonn an tSaoráid Eorpach Síochána.

Tháinig an Coiste le chéile den chéad uair an 21 Aibreán 2021, agus é freagrach, i measc nithe eile, as buiséad bliantúil na Saoráide Eorpaí Síochána a ghlacadh, agus as na rialacha cur chun feidhme lena rialaítear caiteachas faoin tSaoráid.

Is iad seo a leanas a bhainistíonn an tSaoráid Eorpach Síochána:

  • riarthóir oibríochtaí
  • ceannasaí oibríochta ar gach oibríocht agus misean
  • riarthóir beart cúnaimh
  • na hoifigigh chuntasaíochta don dá cholún

An 20 Deireadh Fómhair 2021, tháinig Coiste na Saoráide ar chomhaontú maidir lena rialacha nós imeachta.

Oibríochtaí

Rannchuidíonn Ballstáit uile an Aontais i bprionsabal le hoibríochtaí míleata a mhaoiniú faoin gcomhbheartas slándála agus cosanta. Tá 8 n-oibríocht mhíleata ghníomhacha de chuid an Aontais agus misean sibhialtach-míleata amháin ann a bhaineann tairbhe as maoiniú na Saoráide Eorpaí Síochána faoi láthair.

Oibríochtaí míleata gníomhacha de chuid an Aontais arna gcistiú faoin tSaoráid Eorpach Síochána

Leagan téacs
  • Misean Cúnaimh Mhíleata i Mósaimbíc (EUMAM MOZAMBIQUE)
  • Misean Cúnaimh Mhíleata mar thaca leis an Úcráin (EUMAM UKRAINE)
  • Oibríocht Mhíleata sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin (EUFOR ALTHEA)
  • Oibríocht Mhíleata sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI)
  • Oibríocht Mhíleata chun Rannchuidiú leis an tSlándáil Mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA)
  • Oibríocht Slándála Muirí chun Saoirse Loingseoireachta a chosaint i ndáil le Géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES)
  • Misean Oiliúna chun na Somáile (EUTM Somalia)
  • Misean Oiliúna i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA)
  • An tionscnamh slándála agus cosanta i Murascaill na Guine (EU SDI GoG)

Raon feidhme na n-oibríochtaí faoin tSaoráid Eorpach Síochána

Ba cheart do Bhallstáit an Aontais (agus do thríú tíortha) atá rannpháirteach in oibríocht céatadán mór de na costais a bhaineann le hoibríochtaí míleata faoin gcomhbheartas slándála agus cosanta a sheasamh, i gcomhréir le prionsabal na gcostas ar an gcaiteoir.

Déanann na Ballstáit roinnt costas a chómhaoiniú trí cholún na n-oibríochtaí. Tá an liosta iomlán de na costais choiteanna ar áireamh in Iarscríbhinní II go V a ghabhann leis an gcinneadh ón gComhairle maidir leis an tSaoráid Eorpach Síochána a bhunú.

Mar shampla, déantar na costais seo a leanas a chómhaoiniú i gcónaí:

  • costais chur chun feidhme agus costais reatha na ceanncheathrún, na costais a bhaineann le taisteal, na córais teicneolaíochta faisnéise, riarachán, faisnéis phoiblí, foireann a earcaítear go háitiúil, ceanncheathrú an fhórsa, imscaradh agus lóistín san áireamh
  • tacaíocht don fhórsa ina iomláine, bonneagar, seirbhísí leighis, aslonnú leighis, marcáil aitheantais agus íomhánna satailíte
  • aisíocaíochtaí chuig/ó ECAT nó eagraíochtaí eile, mar shampla, na Náisiúin Aontaithe
  • costais a bhaineann go sonrach le himscaradh nó le hath-imscaradh chathghrúpa de chuid an Aontais

Má chinneann an Chomhairle sin, féadfaidh an tSaoráid Eorpach Síochána maoiniú a dhéanamh freisin ar na costais a bhaineann le hiompar agus lóistín do na fórsaí, agus le ceanncheathrúna ilnáisiúnta atá faoi leibhéal na Ceanncheathrún Fórsa.

Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh freisin, i dtaca le cinntí lena mbunaítear nó lena gcuirtear síneadh le hoibríochtaí, go measfar costais incriminteacha áirithe, sa bhreis ar na costais a cháilíonn mar chostais choiteanna an tráth sin, mar chostais choiteanna i leith oibríocht áirithe.

Nuair a iarrann an ceannasaí oibríochta sin agus nuair a cheadaíonn Coiste na Saoráide é, féadfaidh an tSaoráid an méid a leanas a mhaoiniú freisin:

  • beairic agus lóistín/bonneagar, trealamh bunriachtanach breise, seirbhísí leighis, bailiú eolais (eolas ar limistéir oibríochtaí, taiscéalaíocht agus faireachas, ina bhfuil faireachas agus taiscéalaíocht ó aer go talamh, agus faisnéis dhaonna san áireamh)
  • cumais chriticiúla eile ar leibhéal na hoibríochta (dímhianú, cosaint cheimiceach, bhitheolaíoch, raideolaíoch agus núicléach, arm a stóráil agus a scrios)

Is féidir le hoibríochtaí faoin tSaoráid Eorpach Síochána caiteachas áirithe a réamh-mhaoiniú agus a bhainistiú i ndáil le hoibríocht (‘costais a sheasann an náisiún’), fad a fhanann sé faoi fhreagracht an Bhallstáit lena mbaineann. D’fhéadfadh lóistín, breosla agus costais chomhchosúla a bhaineann le meithleacha náisiúnta a bheith san áireamh sna costais a sheasann na Ballstáit. Aisíocann na Ballstáit is tairbhí iad ina dhiaidh sin.

Faireachán agus comhlíonadh

Cinntítear leis an tSaoráid Eorpach Síochána go ndéanfar measúnú riosca leordhóthanach agus go mbeidh bearta maolaitheacha ann i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus dlíthe onnmhairithe arm an Aontais.

Chomh maith leis sin, déanann an tSaoráid faireachán ar a mhéid a bhfuil an dlí idirnáisiúnta agus na gealltanais á n-urramú ag an tairbhí agus cuireann sé ar chumas na sochaí sibhialta tuairisciú a dhéanamh ar sháruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta.

Is féidir leis an gComhairle cúnamh faoin tSaoráid a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh tráth ar bith i gcás sáraithe agus/nó mí-úsáide.

Rialacha cur chun feidhme

Mar thoradh ar bhunú na Saoráide Eorpaí Síochána, ghlac Coiste na Saoráide na rialacha maidir le caiteachas a mhaoinítear faoin tSaoráid Eorpach Síochána a chur chun feidhme an 30 Meitheamh 2021. Leasaíodh na rialacha go páirteach an 20 Iúil 2022 agus an 30 Samhain 2022.

Rialacha maidir le cosaint sonraí

An 19 Meitheamh 2024, ghlac an Coiste um an tSaoráid na rialacha cur chun feidhme maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag an tSaoráid Eorpach Síochána.

Rochtain ar dhoiciméid atá i seilbh na Saoráide Eorpaí Síochána

Agus rochtain á hiarraidh ar dhoiciméid atá i seilbh na Saoráide Eorpaí Síochána, ba cheart d’iarrthóirí a chur san áireamh go bhfuil dhá cholún ann (oibríochtaí agus bearta cúnaimh), mar a thuairiscítear thuas.

Gníomhaíonn an Coimisiún Eorpach mar riarthóir ar bhearta cúnaimh trí bhíthin na Seirbhíse um Ionstraimí Beartais Eachtraigh.

Rialacha maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid i gcomhréir leis an gcinneadh ó Choiste na Saoráide an 13 Iúil 2022:

Maidir le doiciméid a bhaineann le colún oibríochtaí na Saoráide Eorpaí Síochána, déan cuardach i gclár na Comhairle:

Mura féidir teacht ar an doiciméad, déan iarratas tríd an nasc seo a leanas:

Maidir le doiciméid a bhaineann le colún na mbeart cúnaimh, féach ar dtús clár an Choimisiúin Eorpaigh:

Mura féidir teacht ar an doiciméad, déan iarratas ar fhaisnéis tríd an leathanach gréasáin seo:

Féach freisin

Misin agus oibríochtaí idir shibhialtach agus mhíleata

Misin agus oibríochtaí idir shibhialtach agus mhíleata

Comhpháirtíochtaí slándála agus cosanta

Comhpháirtíochtaí slándála agus cosanta

Ullmhacht cosanta na hEorpa

Ullmhacht cosanta na hEorpa

An t-athbhreithniú deireanach: an 4 Nollaig 2024