Misin agus oibríochtaí idir shibhialtach agus mhíleata
Cuireann an Comhbheartas Slándála agus Cosanta ar chumas an Aontais misin agus oibríochtaí sibhialtacha agus míleata a imscaradh lasmuigh den Aontas, agus leas á bhaint as acmhainní oibríochtúla Bhallstáit an Aontais.
Cad é an Comhbheartas Slándála agus Cosanta?
Bunaíodh Comhbheartas Slándála agus Cosanta an Aontais (CBSC) nuair a síníodh Conradh Liospóin in 2009, agus tháinig sé i gcomharbas ar an mBeartas Eorpach Slándála agus Cosanta.
Is creat don chomhar i réimse na cosanta agus an bhainistithe géarchéime é CBSC. Ní mór do thíortha an Aontais cumais shibhialtacha agus mhíleata a chur ar fáil don Aontas chun CBSC a chur chun feidhme.
Is d’aon toil a dhéanann Comhairle an Aontais Eorpaigh cinntí maidir le CBSC. Is é Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála atá freagrach as cinntí a mholadh i réimse CBSC.
Freagairt ar choinbhleachtaí agus ar ghéarchéimeanna
Cuireann an Comhbheartas Slándála agus Cosanta ar chumas an Aontais misin agus oibríochtaí sibhialtacha agus míleata a imscaradh thar lear, le sainorduithe feidhmiúcháin san áireamh, agus leas á bhaint as acmhainní oibríochtúla Bhallstáit an Aontais.
Is iad seo a leanas na cineálacha cúraimí is féidir a dhéanamh faoi CBSC:
cúraimí daonnúla agus tarrthála
coinbhleacht a chosc
cúraimí d’fhórsaí comhraic i mbainistiú géarchéime
oibríochtaí comhpháirteacha dí-armála
cúraimí comhairle agus cúnaimh sibhialtacha agus míleata
cúraimí i gcobhsú iarchoinbhleachta
Trína mhisin agus a oibríochtaí, tá sé mar aidhm ag an Aontas freagairt ar choinbhleachtaí agus ar ghéarchéimeanna, acmhainní na gcomhpháirtithe a fhothú agus, ar deireadh, an tAontas Eorpach agus a shaoránaigh a chosaint.
Ó 2003 i leith, tá breis agus 40 misean agus oibríocht seolta ag an Aontas ar fud an domhain. Tá 22 mhisean agus oibríocht CBSC ar siúl faoi láthair:
- 13 mhisean shibhialtacha
- 8 misean/n-oibríocht mhíleata
- 1 mhisean/oibríocht shibhialtach-míleata
Misin shibhialtacha
- Misean Comhairleach le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM UKRAINE)
- Misean Comhairleach chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Iaráic (EUAM IRAQ)
- Misean Comhairleach i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA)
- Misean Cúnaimh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM LIBYA)
- Misean Cúnaimh Teorann do Phointe Trasnaithe Rafah (EUBAM RAFAH)
- Misean Fothaithe Acmhainneachta i Mailí (EUCAP SAHEL MALI)
- Misean Fothaithe Acmhainneachta sa tSomáil (EUCAP SOMALIA)
- Misean san Airméin (EUM ARMENIA)
- Misean Faireacháin Eorpaigh sa tSeoirsia (EUMM GEORGIA)
- Misean Comhpháirtíochta san Airméin (EUPM ARMENIA)
- Misean Comhpháirtíochta i bPoblacht na Moldóive (EUPM MOLDOVA)
- Misean Póilíneachta do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS)
- Misean an Smachta Reachta sa Chosaiv* (EULEX KOSOVO)
Misin agus oibríochtaí míleata
- Misean Cúnaimh Mhíleata i Mósaimbíc (EUMAM MOZAMBIQUE)
- Misean Cúnaimh Mhíleata chun Tacú leis an Úcráin (EUMAM UKRAINE)
- Oibríocht Mhíleata sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin (EUFOR ALTHEA)
- Oibríocht Mhíleata sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI)
- Oibríocht Mhíleata chun Rannchuidiú leis an tSlándáil Mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA)
- Oibríocht Slándála Muirí chun Saoirse Loingseoireachta a Chosaint i ndáil le Géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES)
- Misean Oiliúna sa tSomáil (EUTM SOMALIA)
- Misean Oiliúna i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA)
Misin shibhialtacha-míleata
- An tAonad Réigiúnach um Chomhairle agus Comhordú don tSaiheil (RACC)
- An Tionscnamh Slándála agus Cosanta mar thaca le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine (EU SDI GoG)
* Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas agus tá sé ag teacht le Rún 1244 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
Baineann oibríochtaí agus misin mhíleata tairbhe as maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána. Maoiníonn buiséad an Aontais cuid de na costais choiteanna a bhaineann leis na misin shibhialtacha
Comhshocrú sibhialtach
An 22 Bealtaine 2023, d’fhormheas an Chomhairle comhshocrú sibhialtach CBSC nua. Is é is aidhm don chomhshocrú an taobh sibhialtach den Chomhbheartas Slándála agus Cosanta a neartú agus éifeachtacht, tionchar, solúbthacht agus stóinseacht na misean sibhialtach a fheabhsú. Cuireann an comhshocrú nua leis an gcéad chomhshocrú, a glacadh i mí na Samhna 2018.
Comhlachtaí cinnteoireachta CBSC
Tá buanstruchtúir pholaitiúla, mhíleata agus shibhialtacha bunaithe ag Ballstáit an Aontais chun cur ar chumas an Aontais Eorpaigh a fhreagrachtaí maidir le bainistiú géarchéime a ghlacadh go hiomlán agus a ról mar ghníomhaí slándála domhanda a chomhlíonadh.
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Tugann an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (CGE), ina foirmíocht chosanta, airí cosanta an Aontais Eorpaigh le chéile.
Is é Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a dhéanann cathaoirleacht ar chruinnithe na Comhairle Gnóthaí Eachtracha. Faigheann an tArdionadaí cúnamh ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS).
- Foirmíocht na Comhairle Gnóthaí Eachtracha
- Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
An Coiste Polaitiúil agus Slándála
Tá an Coiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) comhdhéanta d’ambasadóirí na mBallstát agus déanann ionadaí de chuid Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála cathaoirleacht air.
Déanann an CPS faireachán ar an staid idirnáisiúnta maidir leis na gnéithe a chumhdaítear leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála agus rannchuidíonn sé le beartais sa réimse sin a shainiú. Faoi fhreagracht na Comhairle agus an Ardionadaí, déanann sé rialú polaitiúil agus stiúradh straitéiseach oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais a fheidhmiú.
Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh
Is é Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh (EUMC) an comhlacht míleata is airde rang laistigh den Chomhairle. Tá sé comhdhéanta de cheannairí cosanta na mBallstát, agus is iad a mbuanionadaithe míleata a dhéanann ionadaíocht orthu ar bhonn rialta.
Stiúrann EUMC na gníomhaíochtaí míleata uile laistigh de chreat an Aontais agus cuireann sé comhairle agus moltaí míleata ar fáil don Choiste Polaitiúil agus Slándála.
An Coiste um Ghnéithe Sibhialtacha den Bhainistíocht ar Ghéarchéimeanna
Is é an Coiste um Ghnéithe Sibhialtacha den Bhainistíocht ar Ghéarchéimeanna (CIVCOM) an comhlacht comhairleach don Choiste Polaitiúil agus Slándála um bainistiú géarchéime sibhialtach, go háirithe maidir le CBSC sibhialtach. Áirítear leis sin doiciméid phleanála a ullmhú do mhisin nua agus straitéisí agus beartais ghaolmhara a fhorbairt mar aon le cumais bainistithe géarchéime sibhialtach.
An Mheitheal um Chúrsaí Polaitiúla-Míleata
Déanann an Mheitheal um Chúrsaí Polaitiúla-Míleata obair ullmhúcháin i réimse an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC) don Choiste Polaitiúil agus Slándála. Cumhdaíonn sí na gnéithe polaitiúla a bhaineann le saincheisteanna míleata agus sibhialtacha-míleata an Aontais, ar a bhfuil coincheapa, cumais agus oibríochtaí agus misin san áireamh.
Tá sí freagrach go háirithe as comhpháirtíochtaí le tíortha nach bhfuil san Aontas agus le heagraíochtaí eile, ECAT san áireamh, chomh maith le freachnaimh.
Féach freisin
An tSaoráid Eorpach Síochána
An Buanchomhar Struchtúrtha (PESCO)
Ullmhacht cosanta na hEorpa
An t-athbhreithniú deireanach: an 21 Aibreán 2026