Laghdú ar an éileamh ar ghás san Aontas Eorpach
Rinne tíortha an Aontais laghdú 19% ar an méid gáis nádúrtha a ídítear san Aontas idir Lúnasa 2022 agus Eanáir 2023. B’ionann sin agus 41.5 billiún méadar ciúbach (bcm).
Ba thoradh é an laghdú tomhaltais ar rialacha comhchoiteanna, a glacadh i samhradh 2022, lena leagtar síos sprioc dheonach 15% maidir le laghdú ar thomhaltas gáis nádúrtha le haghaidh na tréimhse Lúnasa 2022 go Márta 2023 i gcomparáid lena meántomhaltas le 5 bliana anuas. D'fhéadfadh na Ballstáit féin na bearta ar mian leo a úsáid chun an sprioc a bhaint amach a roghnú.
Bhí éagsúlacht mhór i líon na gcoigilteas ar ghás nádúrtha ar fud na mBallstát agus laghduithe beaga bainte amach ag roinnt tíortha agus roinnt eile acu ag laghdú os cionn 40% ar thomhaltas.
Cabhraíonn laghduithe ar an éileamh ar ghás nádúrtha le soláthairtí fuinnimh a dhaingniú.
Laghdú ar an éileamh ar ghás nádúrtha san Aontas
(teirigiúl)
Cairt ina dtaispeántar tomhaltas gáis nádúrtha san Aontas: tomhaltas idir Lúnasa agus Eanáir ó 2017 go 2022 (ar an meán) i gcomparáid le tomhaltas idir Lúnasa 2022 agus Eanáir 2023.