"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.

Féach ár leathanach beartais maidir le fianáin chun tuilleadh eolais a fháil agus chun do shocruithe a athrú.

български español čeština dansk Deutsch eesti Ελληνικά English français Gaeilge hrvatski italiano latviešu lietuvių magyar Malti Nederlands polski português română slovenčina slovenščina suomi svenska
Skip to content

Sreabha imirce: bealaí an Oirthir, an Láir agus an Iarthair

Líon na n-imirceach neamhrialta in aghaidh na bliana (2015-2026)

Sonraí go dtí mí Lúnasa 2026. Tagraíonn Bealach an Iarthair do bhealaí na Meánmhara Thiar agus na hAfraice Thiar.

Leagan téacs

Tá titim suntasach tagtha ar líon na n-imirceach neamhrialta atá ag teacht isteach san Aontas ó bhí buaic na géarchéime imirce ann in 2015.

In 2026, cláraíodh 64 067 n-imirceach neamhrialta go dtí seo. Briseadh síos na bhfigiúirí de réir an bhealaigh imirce:

  • an Bealach Láir: 19 411 imirceach
  • Bealach an Oirthir: 24 239 n-imirceach
  • Bealaí an Iarthair: 20 417 n-imirceach

Nótaí: Ní áirítear na himircigh a tháinig isteach go Ceuta an 17 agus an 18 Bealtaine 2021 sna figiúirí maidir le bealach an Iarthair. De bharr gur cás eisceachtúil a bhí i dteacht isteach na n-imirceach neamhrialta go Ceuta idir an 30 Iúil agus an 1 Lúnasa 2026, ní áirítear na sonraí a bhaineann leis an tréimhse sin ach oiread.

Líon na n-imirceach neamhrialta in aghaidh na míosa (2015-2026)

Sonraí go dtí mí Lúnasa 2026. Tagraíonn Bealach an Iarthair do bhealaí na Meánmhara Thiar agus na hAfraice Thiar.

Leagan téacs

I mí Lúnasa 2026, cláraíodh 9 091 imirceach neamhrialta. Briseadh síos na bhfigiúirí de réir an bhealaigh imirce:

  • an Bealach Láir: 2 772 imirceach
  • Bealach an Oirthir: 2 999 n-imirceach
  • Bealaí an Iarthair: 3 320 imirceach

Ní áirítear na himircigh a tháinig isteach go Ceuta an 17 agus an 18 Bealtaine 2021 sna figiúirí maidir le bealach an Iarthair. De bharr gur cás eisceachtúil a bhí i dteacht isteach na n-imirceach neamhrialta go Ceuta idir an 30 Iúil agus an 1 Lúnasa 2026, ní áirítear na sonraí a bhaineann leis an tréimhse sin ach oiread.

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoi fhreagairt an Aontais ar na sreabha imirce ar na leathanaigh ghréasáin seo a leanas: