Skip to content

Teorainneacha agus víosaí

An tslí a gcinntíonn an tAontas Eorpach saoirse gluaiseachta agus an tslí a gcosnaíonn sé a chuid teorainneacha. 

Le limistéar Schengen, féadfaidh saoránaigh an Aontais, daoine nach bhfuil ina gcónaí san Aontas agus cuairteoirí ar an Aontas taisteal gan bhac agus go sábháilte san Aontas.



Ag an am céanna, tá sé ríthábhachtach teorainneacha seachtracha a bhainistiú agus a chosaint chun gluaiseacht daoine atá ag teacht isteach san Aontas a dhaingniú agus a rialáil chun slándáil na hEorpa a chosaint.

Íomhá a léiríonn pas agus stampa

Schengen

Ligeann limistéar Schengen do bhreis agus 400 milliún duine taisteal gan bhac idir na Ballstáit gan feidhm orthu dul tríd rialuithe teorann.

Ó bhí 1985 ann, tá fás tagtha ar limistéar Schengen de réir a chéile agus tá 25bhallstátanois ann, chomh maith le roinnt tíortha eile nach bhfuil san Aontas Eorpach.

Cé hiad tíortha limistéar Schengen?

Cuir an luchóg os cionn na léarscáile le fáil amach cé hiad tíortha limistéar Schengen.

Leagan téacs

Tíortha den Aontas a eisíonn víosaí Schengen

  • An Ostair
  • An Bheilg
  • An Bhulgáir
  • An Chróit
  • Poblacht na Seice
  • An Danmhairg
  • An Eastóin
  • An Fhionlainn
  • An Fhrainc
  • An Ghearmáin
  • An Ghréig
  • An Ungáir
  • An Iodáil
  • An Laitvia
  • An Liotuáin
  • Lucsamburg
  • Málta
  • An Ísiltír
  • An Pholainn
  • An Phortaingéil
  • An Rómáin
  • An tSlóvaic
  • An tSlóivéin
  • An Spáinn
  • An tSualainn

Tíortha nach tíortha den Aontas iad a eisíonn víosaí Schengen

  • An Íoslainn
  • Lichtinstéin
  • An Iorua
  • An Eilvéis

Tíortha den Aontas nach n-eisíonn víosaí Schengen

  • An Chipir
  • Éire

Víosaí chun dul isteach i limistéar Schengen

Tá ceanglais shonracha víosa ag an Aontas le haghaidh náisiúnaigh nach saoránaigh de chuid an Aontais iad. Is é víosa Schengen is coitianta, lena gceadaítear tréimhsí gearrfhanachta suas le 90 lá laistigh de limistéar Schengen.

Tá córas taistil gan víosa ag an Aontas le 61 thír nach bhfuil san Aontas, lenar féidir le daoine dul isteach i limistéar Schengen le haghaidh tréimhsí gearrfhanachta gan víosa.

léiríonn an íomhá teaghlach atá ag taisteal agus bagáiste acu

Teorainneacha seachtracha

Tá bainistiú theoireannacha seachtracha an Aontais ina fhreagracht chomhroinntede chuid namBallstát uile agus de chuid an Aontais féin, institiúidí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais san áireamh.

Déanann an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) dlúthfhaireachán ar theorainneacha seachtracha an Aontais agus oibreoidh sí i gcomhar leis na Ballstáit chun aon bhagairtí slándála ar theorainneacha seachtracha an Aontais a aithint go gasta agus dul i ngleic leo.

Tá roinnt córas teicneolaíochta faisnéise i bhfeidhm ag an Aontas nó tá sé ag obair faoi láthair ar roinnt córas lena dtacaítear leis an obair chun saoránaigh a chosaint, an choireacht a chomhrac agus teorainneacha a dhaingniú.

Na blaisíní breise is déanaí

Beartas víosaí an Aontais

Beartas víosaí an Aontais

Léarscáil den domhan a léiríonn idir thíortha an Aontais agus tíortha LEE (an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch) a eisíonn víosaí Schengen agus na tíortha nach tíortha den Aontas iad ag a bhfuil tarscaoileadh víosa nó comhaontú um eisiúint víosaí a éascú leis an Aontas Eorpach.
Comhaontaithe víosaí an Aontais le tíortha nach tíortha den Aontas iad

Comhaontaithe víosaí an Aontais le tíortha nach tíortha den Aontas iad

Grúpa imirceach, agus iad á dtaispeáint i ndubh agus bán agus málaí agus málaí droma á n-iompar acu, ag siúl le chéile thar thalamh éadrom i dtreo leiceann cnoic agus tírdhreach oscailte a bhfuil dath geal air.
Beartas imirce agus tearmainn an Aontais

Beartas imirce agus tearmainn an Aontais

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Aibreán 2026