Skip to content

Sreabha imirce: Bealach na Meánmhara Thoir

Tá roinnt bearta déanta ag an Aontas agus a Bhallstáit chun aghaidh a thabhairt ar staid na himirce ar bhealach na Meánmhara Thoir agus chun tacú le dídeanaithe sa Tuirc.

Gníomhaíocht an Aontais chun dul i ngleic leis an imirce sa Tuirc

Is é líon na n-imirceach neamhrialta a thagann isteach sa Ghréig, sa Chipir agus sa Bhulgáir atá i gceist le bealach na Meánmhara Thoir. Tháinig líon mór dídeanaithe, agus iad ar lorg dídine ón gcogadh cathartha sa tSiria, isteach san Aontas tríd an mbealach seo in 2015.

Tá líon na n-imirceach neamhrialta a thagann an bealach sin tar éis laghdú go mór ó shin a bhuí le comhar idir an tAontas agus an Tuirc. Is é cur chun feidhme an ráitis ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc ó mhí an Mhárta 2016 is cúis leis an laghdú mór a tháinig ar líon na n-imirceach neamhrialta atá ag teacht tríd an Tuirc.

An ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc

I mí an Mhárta 2016, i bhfianaise líon ollmhór na n-imirceach a bhí ag gabháil tríd an Tuirc, shocraigh ceannairí an Aontais agus na Tuirce go rachfaí i ngleic leis an imirce neamhrialta. Leagtar amach roinnt prionsabal sa ráiteas. Tá rún daingean ag an Aontas i gcónaí an ráiteas a chur chun feidhme agus leanann sé de thacaíocht a thabhairt do dhídeanaithe ón tSiria tríd an tsaoráid do dhídeanaithe sa Tuirc.

Tar éis a raibh sa ráiteas a chur chun feidhme, tháinig laghdú suntasach ar líon na n-imirceach a tháinig trí bhealach na Meánmhara Thoir. Chabhraigh an comhaontú leis an Tuirc le líon na ndaoine a cailleadh ar muir a laghdú agus le dul i ngleic le smuigléirí imirceach.

Léirítear sna grafaicí faisnéise an líon daoine a tháinig chuig an Aontas go neamhrialta gach bliain agus gach mí idir 2015 agus 2026 (bealach na Meánmhara Thoir, na Meánmhara Láir agus na Meánmhara Thiar san áireamh). Léirítear iontu freisin na náisiúntachtaí is mó ar gach bealach in 2026.
Sreabha imirce: bealaí an Oirthir, an Láir agus an Iarthair (Grafaic faisnéise)

Sreabha imirce: bealaí an Oirthir, an Láir agus an Iarthair (Grafaic faisnéise)

Bearta chun dálaí na ndídeanaithe sa Tuirc a fheabhsú

Faigheann dídeanaithe sa Tuirc cabhair ón Aontas chun feabhas a chur ar a ndálaí maireachtála. Déanann Saoráid an Aontais do dhídeanaithe sa Tuirc, a bhainistíonn ciste €6 bhilliún san iomlán, sásra comhpháirteach comhordaithe, darb aidhm a chinntiú go dtugtar aghaidh ar riachtanais na ndídeanaithe agus na bpobal óstach sa Tuirc ar bhealach cuimsitheach.

Chruthaigh an Coimisiún Eorpach an tsaoráid an 24 Samhain 2015 tar éis do na Ballstáit cistiú breise a iarraidh chun tacú le dídeanaithe sa Tuirc.

An 29 Samhain 2015, gheall an Chomhairle Eorpach an chéad tráinse dar luach €3 bhilliún a leithdháileadh ar an tsaoráid. I mí an Mhárta 2018, mhol an Coimisiún go ndéanfaí cistiú na saoráide a mhéadú le €3 bhilliún bhreise ó tharla gur úsáideadh an buiséad tosaigh ina iomláine. I mí an Mheithimh 2018, chomhaontaigh Ballstáit an Aontais €3 bhilliún breise a mhaoiniú le tacú le dídeanaithe ón tSiria sa Tuirc.

Bhí na tionscadail a cistíodh leis an gcéad tráinse ar siúl go dtí lár 2021. Leis an dara tráinse cistítear tionscadail a bheidh ar siúl go dtí lár na bliana 2025. Is ar chúnamh daonnúil, oideachas, sláinte, forbairt shocheacnamaíoch, bonneagar bardasach, tacaíocht shocheacnamaíoch agus bainistiú imirce a dhírítear go príomha leo.

feabhas tagtha ar dhálaí maireachtála dídeanaithe sa Tuirc a bhuí le tionscadail arna gcistiú ag an tsaoráid:

  • 65 thionscadal curtha chun feidhme chun an fhreagairt ar riachtanais bhunúsacha, cosaint, oideachas agus sláinte do na dídeanaithe is leochailí sa Tuirc a chlúdach
  • tacaíocht tugtha do 701 000 leanbh, ar dídeanaithe iad, chun freastal ar scoil
  • rochtain shaor chothrom ar chúram sláinte do 4 mhilliún dídeanaí
  • tacaíocht faighte ag 2.6 milliún dídeanaí ina mbunriachtanais laethúla

Mar thoradh ar na conclúidí ón gComhairle Eorpach i mí an Mheithimh 2021 agus lasmuigh de chreat na Saoráide, tá €3 bhilliún slógtha ag an gCoimisiún do dhídeanaithe agus do phobail óstacha sa Tuirc don tréimhse 2021 go dtí 2023. Is é is aidhm don chistiú sin leanúint de thacaíocht a thabhairt i réimsí tosaíochta na mbunriachtanas agus an oideachais, an bhainistithe imirce agus an rialaithe teorann agus i dtacaíocht dhaonnúil freisin.

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Nollaig 2025