Skip to content

Buiséad AE 2021-2027 agus plean téarnaimh

Grafaic faisnéise ina léirítear buiséad foriomlán AE do 2021-2027, lena n-áirítear pacáiste téarnaimh Next Generation EU. Feictear miondealú ar phríomhréimsí chaiteachas AE.

Caiteachas AE 2021-2027

Iomlán: €1 824.3 billiún

Buiséad 7 mbliana an Aontais - an creat airgeadais ilbhliantúil (CAI): €1 074.3 billiún

Next Generation EU (NGEU): €750 billiún
Pacáiste téarnaimh COVID-19 túsualaithe le linn na mblianta tosaigh.

  • €390 billiún i ndeontais
  • €360 billiún in iasachtaí

Caipiteal cruinnithe ar na margaí airgeadais.

Miondealú ar chaiteachas AE 2021-2027

€ billiún, praghsanna 2018

An margadh aonair, nuálaíocht agus cúrsaí digiteacha: 143.4 (10.6 Next Generation EU)

Ina bhfuil:

  • Fís Eorpach
  • Ciste InvestEU

Comhtháthú, athléimneacht agus luachanna: 1099.7 (721.9 Next Generation EU)

Ina bhfuil:

  • Cistí an Bheartais Comhtháthaithe
  • An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
  • An Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta - rescEU
  • Clár Sláinte

Acmhainní nádúrtha agus an comhshaol: 373.9 (17.5 Next Generation EU)

Ina bhfuil:

  • An Comhbheartas Talmhaíochta
  • An Ciste um Aistriú Cóir

Imirce agus bainistiú teorainneacha: 22.7

Ina bhfuil:

  • An Ciste Tearmainn agus Imirce
  • An Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha

Slándáil agus cosaint: 13.2

Ina bhfuil:

  • An Ciste Eorpach Cosanta
  • An Ciste Slándála Inmheánaí


An chomharsanacht agus an domhan: 98.4

Ina bhfuil:

  • An Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI)
  • Ionstraim um Chabhair Dhaonnúil

An riarachán poiblí Eorpach: 73.1

 

Infheistíocht san aeráid agus in aistrithe digiteacha a mhéadú

Príomhshruthú an athraithe aeráide: sprioc 30% den chaiteachas foriomlán trasna na gclár.

Príomhshruthú cúrsaí digiteacha: caiteachas sa chlaochlú digiteach trasna na gclár.

Méadú sa bhuiséad do:

  • An clár don Eoraip Dhigiteach
  • An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (snáithe digiteach)

Cúlchiste Coigeartaithe Brexit

€5 bhilliún chun tacú leis na Ballstáit agus na hearnálacha eacnamaíocha is mó atá buailte le Brexit.

Acmhainní dílse nua

Cur chuige ceithre chéim:

  1. Ranníocaíocht bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte – 1 Eanáir 2021
  2. Sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha agus tobhaigh dhigitigh – le tabhairt isteach faoin 1 Eanáir 2023
  3. Acmhainn dhílis bunaithe ar Chóras Trádála Astaíochtaí AE (a d’fhéadfaí a leathnú chun an eitlíocht agus an earnáil mhuirí a chumhdach)
  4. Ag obair ar acmhainní dílse nua a thabhairt isteach

Úsáidfear na fáltais ó na hacmhainní dílse nua a thabharfar isteach tar éis 2021 chun iasachtaíocht Next Generation EU a aisíoc go luath.