Skip to content

Buiséad fadtéarmach an Aontais Eorpaigh

Déantar foráil sa bhuiséad fadtéarmach nó sa chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) do mhaoiniú clár agus gníomhaíochtaí i ngach réimse beartais, ó thalmhaíocht agus beartas réigiúnach, chun tacú leis an Úcráin, le teicneolaíochtaí straitéiseacha agus leis an imirce, i gcomhréir le tosaíochtaí fadtéarmacha an Aontais.

Buiséad fadtéarmach an Aontais - cad é atá ann?

Ó 1988 i leith, tá an tAontas ag feidhmiú le buiséid fhadtéarmacha ar a dtugtar creataí airgeadais ilbhliantúla (CAInna).

Creat cobhsaí a bhíonn sna buiséid fhadtéarmacha, lena ngabhann teorainneacha foriomlána caiteachais chun an méid a leanas a dhéanamh:

  • an caiteachas a ailíniú le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais
  • intuarthacht airgeadais an Aontais a mhéadú do chómhaoinitheoirí agus do thairbhithe
  • smacht buiséadach a chinntiú
  • glacadh bhuiséad bliantúil an Aontais a éascú

Faoi láthair, cumhdaítear tréimhse 7 mbliana le CAI. Leagtar síos ann na teorainneacha (uasteorainneacha) le haghaidh caiteachas bliantúil an Aontais don mhéid seo a leanas:

  • iomlán na ngealltanas i mbliain ar leith
  • iomlán na n-íocaíochtaí i mbliain ar leith
  • gealltanais agus íocaíochtaí i ngach réimse de chaiteachas an Aontais (‘ceannteidil’)
Cad é atá i gceist le Creat Airgeadais Ilbhliantúil an Aontais (CAI)?

Cad is gealltanais agus íocaíochtaí ann?

Freagraíonn iomlán na ngealltanas d’uasmhéid na n-oibleagáidí dlíthiúla – conarthaí nó deontais, cuir i gcás – is féidir leis an Aontas a dhéanamh in aon bhliain ar leith. Ní gá go n-íocfaí na suimeanna sin sa bhliain chéanna ach is féidir iad a chaitheamh sna blianta airgeadais ina dhiaidh sin.

Is é atá sna híocaíochtaí iomlána na méideanna iarbhír a caitheadh in aon bhliain ar leith. Eascraíonn siad as gealltanais dhlíthiúla a rinneadh sa bhliain chéanna nó sna blianta roimhe sin.

Is é is aidhm do na teorainneacha sin an méid a leanas a dhéanamh:

  • méid foriomlán bhuiséad an Aontais a bhainistiú
  • na suimeanna le haghaidh gach réimse a chosaint i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais

Mar sin féin, ní mór méid áirithe solúbthachta a bheith ag an mbuiséad freisin chun déileáil le dúshláin gan choinne – géarchéimeanna agus cásanna éigeandála, cuir i gcás – agus athruithe ar thosaíochtaí caiteachais. Dá bhrí sin, tá forálacha agus 'ionstraimí speisialta' in CAI chun deimhin a dhéanamh de gur féidir, fiú i gcásanna nach raibh coinne leo, airgead a úsáid pé uair agus pé áit is mó a bhfuil gá leis.

Buiséad fadtéarmach de chuid an Aontais don tréimhse 2021 - 2027

Mairfidh an buiséad fadtéarmach reatha don tréimhse 2021-2027. Áirítear ann pacáiste airgeadais cuimsitheach ina bhfuil:

  • €1 216 bhilliún faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil (i bpraghsanna reatha)
  • €807 mbilliún faoin ionstraim téarnaimh urghnách, Next Generation EU (i bpraghsanna reatha)

I mí an Mheithimh 2023, rinneadh athbhreithniú meántéarma ar CAI 2021-2027 agus cuireadh €64.6 billiún breise leis chun tosaíochtaí a mhaoiniú, cuir i gcás tacaíocht don Úcráin, an imirce agus an ghníomhaíocht sheachtrach.

Buiséad fadtéarmach de chuid an Aontais don tréimhse 2028 - 2034

An 16 Iúil agus an 3 Meán Fómhair 2025, chuir an Coimisiún a thograí i láthair le haghaidh an chéad CAI eile, tograí ar fiú €2 thrilliún iad, geall leis.

Rinneadh dul chun cinn ó shin maidir leis an bplé ar na tograí ar an leibhéal teicniúil agus ar an leibhéal polaitiúil araon sa Chomhairle Gnóthaí Ginearálta.

Bhí roinnt seisiúin tuairimíochta ag na hairí maidir le struchtúr an CAI a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear a phríomh-cheannteidil, a rialachas agus a ghnéithe cothrománacha.

I mí na Nollag 2025, thug ceannairí an Aontais dá n-aire an chéad bhosca caibidlíochta a d’ullmhaigh Uachtaránacht na Danmhairge agus d’iarr siad ar na huachtaránachtaí inteachta leanúint den obair d’fhonn teacht ar chomhaontú roimh dheireadh 2026, lena bhféadfar an reachtaíocht ghaolmhar a ghlacadh go tráthúil in 2027.

An 11 Meitheamh 2026, thíolaic Uachtaránacht na Cipire bosca caibidlíochta athbhreithnithe ina bhfuil figiúirí, rud a léiríonn céim thábhachtach sa chaibidlíocht maidir leis an gcéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais.

Tá píchairt stílithe a bhfuil na blianta atá le teacht lipéadaithe taobh thiar de chrúsca atá líonta le boinn, rud a thugann le fios go bhfuil pleanáil airgeadais fhadtéarmach á déanamh nó go bhfuiltear ag sábháil le himeacht ama.
Buiséad fadtéarmach de chuid an Aontais don tréimhse 2028 - 2034

Buiséad fadtéarmach de chuid an Aontais don tréimhse 2028 - 2034

Míniú ar an gcaibidlíocht maidir leis an mbuiséad fadtéarmach

Tá ról lárnach ag an gComhairle Eorpach agus ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus buiséad fadtéarmach an Aontais á bhunú.

Cuirtear tús leis an gcaibidlíocht cúpla bliain roimh thús na tréimhse a chumhdaítear leis an mbuiséad nua. Cuirtear tús leis an bpróiseas foirmiúil nuair a thíolacann an Coimisiún Eorpach an pacáiste don chreat airgeadais ilbhliantúil, mar a thugtar air.

Áirítear sa phacáiste sin an méid seo a leanas, go háirithe:

  • rialachán maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil, ina leagtar síos an méid airgid is féidir leis an Aontas a chaitheamh
  • cinneadh maidir le hacmhainní dílse, lena sainítear foinsí ioncaim an Aontais

Tá an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta freagrach as an obair a dhéantar ar phacáiste CAI agus ullmhaíonn sí an bosca caibidlíochta, mar a thugtar air.

Leis an dréachtbhosca caibidlíochta, tugtar le chéile na gnéithe sin ar mó an dóchúlacht go mbeidh treoir pholaitiúil agus socrú tosaíochtaí ag teastáil ó cheannairí an Aontais. Is é is aidhm dó tacú le hullmhú na ndréachtchonclúidí ón gComhairle Eorpach maidir le CAI, á gcur síos ag Uachtarán na Comhairle Eorpaí.

Sa Chomhairle Eorpach, cuireann ceannairí an Aontais treoir pholaitiúil ar fáil maidir le príomhghnéithe an bhuiséid fhadtéarmaigh. A bhuí leis an treoir sin, cuirtear ar chumas na Comhairle teacht ar a seasamh.

Glactar an rialachán maidir le CAI faoi nós imeachta reachtach speisialta:

  • bíonn gá le haontoilíocht chun teacht ar chomhaontú sa Chomhairle
  • is gá toiliú ó Pharlaimint na hEorpa chun an próiseas cinnteoireachta a thabhairt i gcrích
  • Is amhlaidh go bhféadfaidh an Pharlaimint seasamh na Comhairle a fhormheas nó a dhiúltú, ach ní fhéadfaidh sí leasuithe a dhéanamh i ndáil leis

Teastaíonn an méid seo a leanas i ndáil leis an gcinneadh maidir le hacmhainní dílse:

  • comhaontú d’aon toil chun an cinneadh a ghlacadh sa Chomhairle
  • tuairim ón Parlaimint
  • daingniú gach Ballstáit de réir a chuid ceanglas bunreachtúil sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm

Conas a dhéantar cláir earnála a chinneadh?

Molann an Coimisiún tograí freisin maidir le cláir earnála don chlárthréimhse nua.

Is iad foirmíochtaí earnála na Comhairle atá freagrach as an obair a dhéantar maidir le cláir chistiúcháin earnála sa Chomhairle.

Mar shampla, bíonn an Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh ag obair ar na tograí reachtacha a bhaineann leis an gcomhbheartas talmhaíochta (CBT), agus is é an Chomhairle Iomaíochais a phléann na cláir a bhaineann leis an margadh aonair, le taighde agus le spás.

Cé is moite de líon beag eisceachtaí, is tríd an ngnáthnós imeachta reachtach i gcomhar leis an bParlaimint a chinntear na cláir sin.

Braitheann gnéithe airgeadais agus cothrománacha na gclár ar thoradh na caibidlíochta maidir le CAI.

Buiséad an Aontais a chosaint

Gné thábhachtach de CAI a chosnaíonn buiséad an Aontais is ea an ʻcóras ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaintʼ, mar a thugtar air; tagann an córas seo i gceist má dhearbhaítear go bhfuil tionchar ag sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát ar bhainistíocht fhónta bhuiséad an Aontais nó ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais ar bhealach sách díreach, nó má dhearbhaítear go bhfuil baol mór ann go mbeadh an tionchar sin acu.

Go dtí seo, cuireadh an sásra sin i bhfeidhm aon uair amháin: mí na Nollag 2022, i gcás sonrach na hUngáire.

Féach freisin

Buiséad fadtéarmach an Aontais don tréimhse 2021 - 2027

Buiséad fadtéarmach an Aontais don tréimhse 2021 - 2027

Buiséad an Aontais a mhaoiniú

Buiséad an Aontais a mhaoiniú

Buiséad bliantúil an Aontais

Buiséad bliantúil an Aontais

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Meitheamh 2026