Skip to content

Rabharta athchóiriúcháin: foirgnimh ghlasa a chruthú don todhchaí

Grafaic faisnéise faoin rabharta athchóiriúcháin

Grafaic faisnéise - Rabharta athchóiriúcháin: foirgnimh ghlasa a chruthú don todhchaí

Gach bliain, ní dhéantar athchóirithe darb aidhm tomhaltas fuinnimh a laghdú ach ar 1 % de na foirgnimh san Eoraip. Tá sé ríthábhachtach athchóirithe a spreagadh chun earnáil na bhfoirgneamh a dhícharbónú, an geilleagar a théarnamh agus an bhochtaineacht fuinnimh a ghleic. Cad chuige?

Foirgnimh agus fuinneamh

  • Úsáideann foirgnimh 40 % d’fhuinneamh an Aontais agus cuireann siad amach 36 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa fuinneamhghaolmhara an Aontais
  • Níl 2/3 foirgneamh Eorpach fuinneamhéifeachtúil - tá teaghlaigh ar ioncam íseal ina gcónaí iontu
  • Beidh idir 85 % agus 95 % de na foirgnimh arb ann dóibh anois san Aontas go fóill ann in 2050

Cad is fiú Rabharta Athchóiriúcháin a bheith ann?

  • Tá athchóiriú foirgneamh san Aontas ríthábhachtach chun astaíochtaí agus tomhaltas fuinnimh a laghdú
  • Is féidir leis an rabharta athchóirithe cuidiú leis an téarnamh as géarchéim COVID-19, poist a chruthú agus borradh a chur faoin ngeilleagar
  • Is féidir costais fuinnimh do líonta tí a laghdú i ngeall ar athchóirithe fuinneamhéifeachtúla agus feabhas a chur ar a gcáilíocht saoil, lena n-áirítear aistriú glas cóir

Cad é mar a oibreoidh sé i gcleachtas?

  • Feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú: éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, úsáid fuinnimh a laghdú, réitigh inathnuaite a ghlacadh, an téamh agus an fuarú a dhícharbónú
  • Aird ar chiorclaíocht: tacaíocht a thabhairt don éicidhearthóireacht agus don lipéadú fuinnimh, cleachtais tógála inbhuanaithe nuálacha a úsáid, ábhair a fhoinsítear go háitiúil agus go hinbhuanaithe a úsáid agus a athúsáid
  • Tacaíocht airgeadais a chur ar fáil d’athchóirithe: infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí agus scéimeanna cistiúcháin an Aontais a chur le chéile, roghanna maoiniúcháin amhail fóirdheontais ghlasa, dreasachtaí iasachtaí glasa, scéimeanna oibleagáidí um choigilteas fuinnimh a chur chun cinn
  • An gá le solúbthacht a aithint: tabharfaidh an tAontas tacaíocht do na Ballstáit chun dlús a chur le hathchóirithe ar an mbealach is costéifeachtaí, agus sonraíochtaí náisiúnta á n-urramú ag an am céanna

Is é is aidhm don tionscnamh 'Rabharta Athchóiriúcháin don Eoraip’ laghdú 60 % a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh faoi 2030.