Skip to content

Comhaontú Glas don Eoraip

Is é is aidhm don Chomhaontú Glas don Eoraip, Eoraip níos glaine, níos sláintiúla agus aeráidneodrach a chruthú tríd an mbealach a dtáirgimid agus a dtomhlaímid a athrú ó bhonn.

Cad é an Comhaontú Glas don Eoraip?

Is é an Comhaontú Glas don Eoraip straitéis fáis an Aontais. Is éard atá ann pacáiste de thionscnaimh bheartais, a seoladh in 2019, lena gcuirtear an tAontas ar an mbealach i dtreo aistriú glas, agus é mar sprioc dheiridh aige aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.

Is é rannchuidiú an Aontais le Comhaontú Pháras, a dhaingnigh an tAontas agus a thíortha uile agus a leag síos an sprioc an téamh domhanda a choinneáil ag 1.5 °C ar a mhéad i gcomparáid leis na leibhéil réamhthionsclaíocha.

Tacaíonn an Comhaontú Glas le claochlú an Aontais ina shochaí chóir rathúil ina bhfuil geilleagar nua-aimseartha iomaíoch.

Cuireann sí i dtreis gur gá do gach réimse beartais rannchuidiú le comhrac an athraithe aeráide. Tacaíonn an straitéis le bearta ar fud earnálacha eacnamaíocha a chuimsíonn fuinneamh, iompar, tionscal, talmhaíocht, airgeadas inbhuanaithe agus go leor eile.

Faoin gComhaontú Glas, ghlac an Chomhairle – in éineacht le Parlaimint na hEorpa mar chomhreachtóirí – reachtaíocht lena ndearnadh dlíthe agus rialacha d’fhís na straitéise, ar dlíthe agus rialacha iad a chuirtear i bhfeidhm i mBallstáit uile an Aontais.

An fáth a bhfuil an Comhaontú Glas ag teastáil

Tá todhchaí na hEorpa ag brath ar phláinéad atá sláintiúil.

Tá gníomhaíocht an duine ina cúis le méadú ar an meánteocht dhomhanda, rud a bhfuil tionchar aige ar phatrúin aeráide. Bíonn iarmhairtí tubaisteacha ag teagmhais adhaimsire a tharlaíonn níos minice agus níos láidre ar an saol agus ar an ngeilleagar.

Níl na patrúin eacnamaíocha agus tomhaltais atá againn faoi láthair ag teacht leis an méid is féidir leis an bpláinéad a chur ar fáil agus déanann siad dochar don chomhshaol agus don dúlra. Táimid féin agus ár ngeilleagar ag brath go huile is go hiomlán ar thimpeallacht agus ar éiceachórais fheidhmiúla.

Roinnt fíricí:

Tá gníomhaíocht chun deireadh a chur leis an téamh domhanda agus chun an dúlra a chosaint ríthábhachtach do thodhchaí an Aontais agus do dhea-bhail a chuid saoránach.

Cé go mbeidh costas ard ag baint leis an aistriú glas toisc go mbeidh gá le hinfheistíocht mhór chun ár samhail eacnamaíoch a athrú ó bhonn, beidh costas i bhfad níos mó ag baint le gan ghníomhú. De réir na meastachán, mura ndéanfaimid aon rud chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, d'fhéadfadh damáistí domhanda suas le 12% den OTI a bheith ann faoi dheireadh an chéid.

Príomhspriocanna an Chomhaontaithe Ghlais

Is í fís an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip go mbeidh an tAontas ar an gcéad limistéar aeráidneodrach ar domhan faoi 2050, chun truailliú a laghdú agus cothromaíocht shláintiúil a athbhunú sa dúlra agus sna héiceachórais.

Aeráidneodracht

Laghdú ollmhór ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ionas go mbeidh an tAontas ar an gcéad limistéar aeráidneodrach ar domhan.

An geilleagar ciorclach

Samhail eacnamaíoch nua ina ndéantar táirgí a athúsáid, a dheisiú agus a athchúrsáil, dramhaíl a laghdú agus acmhainní a chaomhnú.

An tionscal glan

Brú chun tionscail níos glaine, níos inbhuanaithe agus níos tíosaí ar fhuinneamh a bhfuil rath orthu san Aontas agus i margaí domhanda.

Comhshaol níos sláintiúla

Plean chun an dúlra a athbhunú agus oibriú i dtreo truailliú nialasach chun timpeallacht shláintiúil a chinntiú do na glúnta atá le teacht.

Feirmeoireacht níos inbhuanaithe

Cleachtais feirmeoireachta níos glaise chun an comhshaol a chosaint agus bia sláintiúil inacmhainne á chur ar fáil ag an am céanna.

Ceartas aeráide agus cothroime

Plean chun an t-aistriú a dhéanamh cothrom agus cuimsitheach chun cabhrú leis na daoine is mó a ndéanann an t-aistriú difear dóibh agus gan aon duine a fhágáil ar lár.

Seo a leanas roinnt de na príomhréimsí beartais faoin gComhaontú Glas a bhfuil obair déanta ag an gComhairle orthu:

8 slí ina bhfuil an saol san Aontas ag éirí níos glaise

Tá sé ríthábhachtach aistriú chuig modh maireachtála níos glaise chun aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil aeráide agus chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, go háirithe breoslaí iontaise ón Rúis. Tá an tAontas agus a 27 dtír ag obair ar rialacha comhchoiteanna nua faoin bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ chun lorg carbóin an Aontais a laghdú. Cén tionchar a bheidh ag na rialacha nua ar an tslí a mairimid, a n-oibrímid agus a dtaistealaímid? Léigh ár scéal le haghaidh roinnt samplaí den chuma a bheidh ar an saol san Aontas in 2030.

Foirgneamh, tuirbín gaoithe, crainn agus carr leictreach.

Ról na Comhairle sa Chomhaontú Glas

Is í an Chomhairle Eorpach atá freagrach as an straitéis pholaitiúil fhoriomlán agus an treoir pholaitiúil fhoriomlán a leagan síos don Aontas Eorpach. Glacann na ceannairí an clár oibre straitéiseach gach 5 bliana chun tosaíochtaí a leagan síos d’obair bheartais an Aontais. Is toradh é an Comhaontú Glas don Eoraip ar an bhfís a chomhaontaigh na ceannairí sa chlár oibre straitéiseach a glacadh in 2019.

Tar éis don Choimisiún Eorpach an Comhaontú Glas a sheoladh, aithníonn an Chomhairle Eorpach spriocanna na straitéise sna conclúidí uaithi i mí na Nollag 2019.

Beidh deiseanna suntasacha ag gabháil leis an aistriú i dtreo na haeráidneodrachta, amhail acmhainneacht le haghaidh fás eacnamaíoch, samhlacha nua gnó agus margaí nua, le haghaidh poist nua agus forbairt theicneolaíoch.

Conclúidí ón gComhairle Eorpach, an 12 Nollaig 2019

Gníomhaíonn Comhairle an Aontais Eorpaigh mar chomhreachtóir, in éineacht le Parlaimint na hEorpa, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.

I mbeagán focal:thíolaic an Coimisiún tograí le haghaidh reachtaíocht nua mar a fógraíodh i straitéis an Chomhaontaithe Ghlais. Ag teacht le chéile dóibh i bhfoirmíochtaí éagsúla de chuid na Comhairle, phléigh airí an Aontais na gníomhaíochtaí atá beartaithe, thug siad athruithe isteach agus rinne siad cruth deiridh na ndlíthe a chaibidil leis an bParlaimint, sular ghlac an dá institiúid iad agus sula ndearnadh dlí de chuid an Aontais díobh.

Mínítear sa ghrafaic eolais an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’, príomhréimsí gníomhaíochta an Aontais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus an próiseas cinnteoireachta chun dlí an Aontais a dhéanamh de na tograí.
Oiriúnach do 55: an chaoi a ndéanfaidh an tAontas dlí de spriocanna aeráide (Grafaic faisnéise)

Oiriúnach do 55: an chaoi a ndéanfaidh an tAontas dlí de spriocanna aeráide (Grafaic faisnéise)

An t-athbhreithniú deireanach: an 21 Feabhra 2025