Víosaí Schengen
Údarú eisithe ag stát Schengen a ligeann do thaistealaithe dul isteach i limistéar Schengen ar na cúiseanna seo a leanas:
- tréimhsí gearrfhanachta atá beartaithe i gcríoch de stát Schengen nó idirthuras a dhéanamh trí chríoch de stát Schengen (víosa gearrfhanachta)
- idirthuras a dhéanamh trí na limistéir idirthurais idirnáisiúnta in aerfoirt de stáit Schengen (víosa idirthurais aerfoirt)
Gearrfhanacht is ea fanacht nach faide ná 90 lá laistigh d'aon tréimhse 180 lá.
Léiríonn an léarscáil idirghníomhach idir thíortha den Aontas agus tíortha nach tíortha den Aontas iad a eisíonn víosaí Schengen, chomh maith le tíortha den Aontas nach n-eisíonn víosaí Schengen.
Tíortha den Aontas a eisíonn víosaí Schengen
- An Ostair
- An Bheilg
- An Bhulgáir
- An Chróit
- Poblacht na Seice
- An Danmhairg
- An Eastóin
- An Fhionlainn
- An Fhrainc
- An Ghearmáin
- An Ghréig
- An Ungáir
- An Iodáil
- An Laitvia
- An Liotuáin
- Lucsamburg
- Málta
- An Ísiltír
- An Pholainn
- An Phortaingéil
- An Rómáin
- An tSlóvaic
- An tSlóivéin
- An Spáinn
- An tSualainn
Tíortha nach tíortha den Aontas iad a eisíonn víosaí Schengen
- An Íoslainn
- Lichtinstéin
- An Iorua
- An Eilvéis
Tíortha den Aontas nach n-eisíonn víosaí Schengen
- An Chipir
- Éire
Víosaí Schengen eisithe ag 29 de thíortha na hEorpa mar bhaill de limistéar Schengen:
- 25 as 27 mBallstát an Aontais
- an Eilvéis, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin
Tháinig an Rómáin agus an Bhulgáir chun bheith ina mbaill iomlána de Limistéar Schengen an 1 Eanáir 2025. Tháinig an gharsprioc sin sna sála ar phróiseas lánpháirtíochta céimnithe, agus cuireadh deireadh le rialuithe teorann aeir agus farraige an 31 Márta 2024, agus cuireadh deireadh le rialuithe teorann talún an 1 Eanáir 2025.
Ní eisíonn an Chipir, áit nach bhfuil deireadh curtha leis na rialuithe teorann inmheánaí go fóill, ná Éire (nach cuid de limistéar Schengen í) víosaí Schengen; ní eisíonn na tíortha siúd ach víosaí náisiúnta.
Tuilleadh eolais:
- Schengen: Cinneadh déanta ag an gComhairle deireadh a chur le rialuithe teorann talún leis an mBulgáir agus leis an Rómáin (preaseisiúint, an 12 Nollaig 2024)
- Beartas víosaí:an Aontais (eolas cúlra)
- Míniú ar limistéar Schengen (eolas cúlra)
- Comhaontaithe víosaí an Aontais le tíortha nach tíortha den Aontas iad (grafaic faisnéise)
An t-athbhreithniú deireanach: an 18 Márta 2025