Skip to content

Beartas víosaí an Aontais

Tá comhbheartas víosaí bunaithe ag an Aontas Eorpach do thaistealaithe atá ar idirthuras trí limistéar Schengen nó a bhfuil sé á bheartú acu fanacht ann go ceann scaitheamh gairid.

Cad chuige comhrialacha maidir le víosaí a bheith ann?

Tá saoirse gluaiseachta i limistéar Schengen ag breis agus 400 milliún saoránach den Aontas. Thig leo taisteal, obair a dhéanamh agus cónaí in aon áit san Aontas. Anuas air sin, is féidir le náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cónaí orthu san Aontas nó atá ar cuairt san Aontas mar thurasóirí, mar mhic léinn ar mhalartú nó chun críoch gnó gluaiseacht gan bhac.

Forálacha Schengen:

  • seiceálacha ag teorainneacha inmheánacha an Aontais a dhíothú, cé is moite de roinnt eisceachtaí teoranta
  • tacar amháin rialacha a chur ar fáil le haghaidh rialuithe ag teorainneacha seachtracha an Aontais

Tá gá le comhbheartas víosaí de chuid an Aontais chun go bhfeidhmeoidh limistéar gan teorainneacha Schengen go héifeachtach mar go gcuireann sé ar chumas cuairteoirí teacht isteach san Aontas, agus go neartaítear an tslándáil inmheánach leis ag an am céanna.

Tá beartas víosaí bunaithe ag an Aontas le haghaidh an mhéid seo a leanas:

  • tréimhsí gearrfhanachta atá beartaithe i gcríoch ceann de stáit Schengen nó idirthuras a dhéanamh trí chríoch ceann de stáit Schengen
  • idirthuras a dhéanamh trí na limistéir idirthurais idirnáisiúnta in aerfoirt stát Schengen

Gearrfhanacht is ea fanacht nach faide ná 90 lá laistigh d’aon tréimhse 180 lá.

Víosaí Schengen eisithe ag 29 de thíortha na hEorpa (mar bhaill de limistéar Schengen): 25 cheann de 27 mBallstát an Aontais, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis.

Ní eisíonn an Chipir, áit nach bhfuil deireadh curtha leis na rialuithe teorann inmheánaí go fóill, ná Éire (nach cuid de limistéar Schengen í) víosaí Schengen; ní eisíonn na tíortha siúd ach víosaí náisiúnta.

Tíortha a eisíonn víosaí Schengen

Leagan téacs

Tíortha den Aontas a eisíonn víosaí Schengen

  • An Ostair
  • An Bheilg
  • An Bhulgáir
  • An Chróit
  • Poblacht na Seice
  • An Danmhairg
  • An Eastóin
  • An Fhionlainn
  • An Fhrainc
  • An Ghearmáin
  • An Ghréig
  • An Ungáir
  • An Iodáil
  • An Laitvia
  • An Liotuáin
  • Lucsamburg
  • Málta
  • An Ísiltír
  • An Pholainn
  • An Phortaingéil
  • An Rómáin
  • An tSlóvaic
  • An tSlóivéin
  • An Spáinn
  • An tSualainn

Tíortha nach tíortha den Aontas iad a eisíonn víosaí Schengen

  • An Íoslainn
  • Lichtinstéin
  • An Iorua
  • An Eilvéis

Tíortha den Aontas nach n-eisíonn víosaí Schengen

  • An Chipir
  • Éire

Córas taistil gan víosa le tíortha nach tíortha den Aontas iad

Faoi láthair, tá córas taistil gan víosa i bhfeidhm ag an Aontas le 61 tír nach tíortha den Aontas iad, dhá cheann de shainréigiúin riaracháin na Síne (Hong Cong agus Macao) agus údarás críochach amháin nach n-aithníonn Ballstát amháin ar a laghad mar stát (an Téaváin).

Faoin gcóras sin, is féidir le saoránaigh nach saoránaigh den Aontas iad, ach pas bithmhéadrach acu, dul isteach i limistéar Schengen le haghaidh gearrfhanachtaí gan víosa a bheith ag teastáil uathu.

Tá feidhm ag prionsabal na cómhalartachta víosaí. Ciallaíonn sé sin go bhfuil feidhm ag an gcóras céanna gan víosa maidir le saoránaigh den Aontas agus iad ag taisteal chuig na tíortha sin nach tíortha den Aontas iad.

Tá 61 tír nach tíortha den Aontas iad a bhfuil córas taistil gan víosa acu.

I mí an Mhárta 2023, d’aontaigh an Chomhairle maidir le córas saor ó víosaí don Chosaiv*.

Ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, tá cead ag sealbhóirí phasanna na Cosaive taisteal chuig an Aontas gan víosa, ar feadh suas le 90 lá in aon tréimhse 180 lá. Ar an gcaoi chéanna, is féidir le saoránaigh an Aontais taisteal chun na Cosaive gan víosa a bheith ag teastáil uathu.

* Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

Córas Eorpach um fhaisnéis agus údarú taistil (ETIAS)

In 2018, ghlac an Chomhairle rialachán lena mbunaítear an córas Eorpach um fhaisnéis agus údarú taistil (ETIAS). Bainfear úsáid as an gcóras chun seiceálacha a dhéanamh roimh ré ar thaistealaithe atá díolmhaithe ó cheanglas víosa agus údarú taistil a dhiúltú dóibh, más gá.

Beidh sé ar aon dul le córais atá ann cheana i Stáit Aontaithe Mheiriceá, i gCeanada agus san Astráil, i measc tíortha eile.

Tá ETIAS á fhorbairt ag eu-LISA. Is é sin gníomhaireacht an Aontais a bhainistíonn córais mhórscála TF i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais. Cuirfear tús le hoibríochtaí ETIAS sa ráithe dheireanach de 2026.

Comhaontú um eisiúint víosaí a éascú le tíortha nach tíortha den Aontas iad

Tá comhaontuithe um eisiúint víosaí a éascú i bhfeidhm ag an Aontas le roinnt tíortha nach tíortha den Aontas iad. Faoin gcóras simplithe víosaí sin, tá nósanna imeachta éascaithe dóibh siúd nach saoránaigh den Aontas iad, ach a bhfuil pas bithmhéadrach acu, chun dul isteach i limistéar Schengen ar ghearrfhanachtaí.

Cuirtear na gnéithe seo a leanas leis na nósanna imeachta éascaithe chun víosaí a eisiúint san áireamh:

  • simpliú maidir leis na doiciméid tacaíochta is gá
  • táille laghdaithe nó táille ar bith i gcás catagóirí áirithe iarratasóirí
  • agaí próiseála níos tapúla d’iarratais ar víosa
  • forálacha maidir le víosaí dul isteach iolrach a bhfuil bailíocht fhadaithe acu a eisiúint

Comhaontaithe víosaí an Aontais le tíortha nach tíortha den Aontas iad

Leagan téacs
  • an Albáin: taisteal gan víosa
  • Andóra: taisteal gan víosa
  • Antigua agus Barbúda: taisteal gan víosa
  • an Airgintín: taisteal gan víosa
  • an Airméin: nós imeachta simplithe maidir le víosaí
  • an Astráil: taisteal gan víosa
  • an Ostair: tír den Aontas a eisíonn víosaí Schengen
  • an Asarbaiseáin: nós imeachta simplithe maidir le víosaí
  • na Bahámaí: taisteal gan víosa
  • Barbadós: taisteal gan víosa
  • an Bhealarúis: comhaontú maidir le víosaí curtha ar fionraí i bpáirt
  • an Bheilg: tír den Aontas a eisíonn víosaí Schengen
  • an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin: taisteal gan víosa
  • an Bhrasaíl: taisteal gan víosa
  • Brúiné: taisteal gan víosa
  • an Bhulgáir: tír den Aontas a eisíonn víosaí Schengen
  • Cabo Verde: nós imeachta simplithe maidir le víosaí
  • Ceanada: taisteal gan víosa
  • an tSile: taisteal gan víosa
  • an Cholóim: taisteal gan víosa
  • Cósta Ríce: taisteal gan víosa
  • an Chróit: tír den Aontas a eisíonn víosaí Schengen
  • an Chipir: tír de chuid an Aontais nach n-eisíonn víosaí Schengen
  • Poblacht na Seice: tír den Aontas a eisíonn víosaí Schengen
  • an Danmhairg: tír den Aontas a eisíonn víosaí Schengen
  • Doiminice: taisteal gan víosa
  • Tíomór Thoir: taisteal gan víosa
  • an tSalvadóir: taisteal gan víosa
  • an Eastóin: tír den Aontas a eisíonn víosaí Schengen
  • an Fhionlainn: tír den Aontas a eisíonn víosaí Schengen
  • an Fhrainc: tír den Aontas a eisíonn víosaí Schengen
  • an tSeoirsia: taisteal gan víosa
  • an Ghearmáin: tír den Aontas a eisíonn víosaí Schengen
  • an Ghréig: tír den Aontas a eisíonn víosaí Schengen
  • Greanáda: taisteal gan víosa
  • Guatamala: taisteal gan víosa
  • Hondúras: taisteal gan víosa
  • Hong Cong: taisteal gan víosa
  • an Ungáir: tír den Aontas a eisíonn víosaí Schengen
  • an Íoslainn: tír den Aontas a eisíonn víosaí Schengen
  • Éire: tír de chuid an Aontais nach n-eisíonn víosaí Schengen
  • Iosrael: taisteal gan víosa
  • an Iodáil: tír den Aontas a eisíonn víosaí Schengen
  • an tSeapáin: taisteal gan víosa
  • Cireabas: taisteal gan víosa
  • an Chosaiv*: taisteal gan víosa
  • an Laitvia: tír den Aontas a eisíonn víosaí Schengen
  • an Lichtinstéin: tír den Aontas a eisíonn víosaí Schengen
  • an Liotuáin: tír den Aontas a eisíonn víosaí Schengen
  • Lucsamburg: tír den Aontas a eisíonn víosaí Schengen
  • Macao: taisteal gan víosa
  • an Mhalaeisia: taisteal gan víosa
  • Málta: tír den Aontas a eisíonn víosaí Schengen
  • Oileáin Marshall: taisteal gan víosa
  • Oileán Mhuirís: taisteal gan víosa
  • Meicsiceo: taisteal gan víosa
  • an Mhicrinéis: taisteal gan víosa
  • an Mholdóiv: taisteal gan víosa
  • Monacó: taisteal gan víosa
  • Montainéagró: taisteal gan víosa
  • Nárú: taisteal gan víosa
  • an Ísiltír: tír den Aontas a eisíonn víosaí Schengen
  • an Nua-Shéalainn: taisteal gan víosa
  • Nicearagua: taisteal gan víosa
  • an Mhacadóin Thuaidh: taisteal gan víosa
  • an Iorua: tír den Aontas a eisíonn víosaí Schengen
  • an Suí Naofa: taisteal gan víosa
  • Palau: taisteal gan víosa
  • Panama: taisteal gan víosa
  • Paragua: taisteal gan víosa
  • Peiriú: taisteal gan víosa
  • an Pholainn: tír den Aontas a eisíonn víosaí Schengen
  • an Phortaingéil: tír den Aontas a eisíonn víosaí Schengen
  • an Rómáin: tír den Aontas a eisíonn víosaí Schengen
  • an Rúis: comhaontú maidir le víosaí curtha ar fionraí go hiomlán
  • Saint Kitts agus Nevis: taisteal gan víosa
  • San Lucia: taisteal gan víosa
  • San Uinseann agus na Greanáidíní: taisteal gan víosa
  • Samó: taisteal gan víosa
  • San Mairíne: taisteal gan víosa
  • an tSeirbia: taisteal gan víosa
  • na Séiséil: taisteal gan víosa
  • Singeapór: taisteal gan víosa
  • an tSlóvaic: tír den Aontas a eisíonn víosaí Schengen
  • an tSlóivéin: tír den Aontas a eisíonn víosaí Schengen
  • Oileáin Sholamón: taisteal gan víosa
  • an Chóiré Theas: taisteal gan víosa
  • an Spáinn: tír den Aontas a eisíonn víosaí Schengen
  • an tSualainn: tír den Aontas a eisíonn víosaí Schengen
  • an Téaváin: taisteal gan víosa
  • Tonga: taisteal gan víosa
  • Oileáin na Tríonóide agus Tobága: taisteal gan víosa
  • Tuvalu: taisteal gan víosa
  • an Úcráin: taisteal gan víosa
  • Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha: taisteal gan víosa
  • an Ríocht Aontaithe: taisteal gan víosa
  • na Stáit Aontaithe: taisteal gan víosa
  • Uragua: taisteal gan víosa
  • Vanuatú: comhaontú maidir le víosaí curtha ar fionraí i bpáirt
  • Veiniséala: taisteal gan víosa

* Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

Comhaontuithe víosaí a chur ar fionraí

Is féidir leis an Aontas tarscaoileadh víosa nó comhaontuithe um eisiúint víosaí a éascú a chur ar fionraí nuair nach gcomhlíonann tír nach tír den Aontas í coinníollacha an chomhaontaithe a thuilleadh. Tá feidhm ag rialacha ginearálta an chóid Comhphobail maidir le Víosaí sa chás sin.

Is féidir le Ballstát den Aontas nó leis an gCoimisiún Eorpach fionraí a chur i bhfeidhm.

Tá trí chomhaontú ar fionraí faoi láthair:

  • An Rúis (fionraí iomlán ar an gcomhaontú um eisiúint víosaí a éascú)
  • An Bhealarúis (fionraí i bpáirt ar an gcomhaontú um eisiúint víosaí a éascú)
  • Vanuatú (fionraí iomlán ar an gcomhaontú tarscaoilte)

Rialacha nua de chuid an Aontais maidir le taisteal gan víosa a chur ar fionraí do thríú tíortha

Tá nuashonrú á dhéanamh ag an Aontas faoi láthair ar an sásra chun taisteal gan víosa a chur ar fionraí. Faoin sásra nua, tabharfar na forais nua seo a leanas don Aontas chun an córas gan víosa a chur ar fionraí:

  • easpa ailínithe tríú tír gan víosa le beartas víosaí an Aontais, i gcásanna ina bhféadfadh méadú teacht ar líon na ndaoine ag teacht chun an Aontais ón tír sin mar thoradh air sin, e.g. mar gheall ar ghaireacht gheografach na tíre sin don Aontas
  • scéim saoránachta d’infheisteoirí a bheith á hoibriú, trína ndeonaítear saoránacht gan aon fhíornasc leis an tríú tír lena mbaineann, i gcomaoin íocaíochtaí nó infheistíochtaí réamhshocraithe
  • bagairtí hibrideacha agus easnaimh i reachtaíocht nó i nósanna imeachta maidir le slándáil doiciméad

An 13 Márta 2024, chomhaontaigh ambasadóirí Bhallstáit an Aontais a seasamh maidir leis an dréachtrialachán.

Rialacha ginearálta an Aontais maidir le víosaí

Maidir le taistealaithe ó thíortha nach tíortha den Aontas iad nach bhfuil comhaontú tarscaoilte ná comhaontú um eisiúint víosaí a éascú acu, tá feidhm ag an gcód víosa. Leagtar amach sa chód na nósanna imeachta agus na coinníollacha maidir le víosaí a eisiúint chun críche gearrfhanachtaí agus idirthuras aerfoirt trí limistéar Schengen.

Liostaítear ann freisin na tíortha nach tíortha den Aontas iad a bhfuil sé de cheangal ar a náisiúnaigh víosa idirthurais aerfoirt a bheith acu agus iad ag dul trí limistéir idirthurais idirnáisiúnta in aerfoirt de chuid an Aontais agus bunaítear na nósanna imeachta agus na coinníollacha maidir le víosaí den sórt sin a eisiúint.

Cuidíonn an cód víosaí freisin le feabhas a chur ar an gcomhar le tríú tíortha maidir le hinimircigh neamhrialta a athligean isteach tríd an sásra giarála víosaí.

Faoin sásra sin, nuair nach bhfuil tríú tír ag comhoibriú i ndáil le hathligean isteach, is féidir bearta sriantacha sonracha a bhaineann le próiseáil víosaí agus an táille víosa a dhéanamh. Go dtí seo, glacadh bearta sriantacha i gcoinne na Gaimbia agus na hAetóipe.

Ar an taobh eile de, má fhaightear go bhfuil tír ag comhoibriú i dtaca le hathligean isteach, d’fhéadfadh an tAontas táillí víosa a laghdú, nó an t-aga ama chun cinneadh a dhéanamh faoi iarratais ar víosa a laghdú nó an tréimhse bhailíochta do víosaí dul isteach iolrach a mhéadú.

Digiteáil víosa Schengen

Faoi láthair, is próiseas fada an-pháipéarbhunaithe é iarratas a dhéanamh ar víosa Schengen. Ní mór d’iarratasóirí taisteal chun a n-iarratas a chur isteach agus a víosa a bhailiú ina dhiaidh sin. Is trom an t-ualach é sin ar thaistealaithe agus ar chonsalachtaí araon.

I mí Aibreán 2022, chuir an Coimisiún Eorpach togra i láthair maidir le próiseas víosaí Schengen a dhigiteáil. Leis na rialacha nua, féachtar leis an méid a leanas a dhéanamh:

  • víosa digiteach a chur in ionad an ghreamáin víosa
  • deis a thabhairt go mbeifear in ann iarratais ar víosa a thíolacadh trí ardán víosaí ar líne
  • feabhas a chur ar phróiseas na n-iarratas ar víosaí
  • na costais agus an t-ualach a laghdú ar thíortha an Aontais agus ar na hiarratasóirí

An 13 Samhain 2023, ghlac an Chomhairle rialacha nua de chuid an Aontais chun an nós imeachta maidir le víosaí a dhigiteáil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 3 Meitheamh 2024