Míniú ar Limistéar Schengen
Ligeann limistéar Schengen do bhreis agus 450 milliún duine taisteal gan bhac idir na Ballstáit gan feidhm orthu dul tríd rialuithe teorann.
Céard atá i gceist le Schengen?
Tá limistéar Schengen ar cheann de na héachtaí is mó atá bainte amach ag an tionscadal Eorpach. Cuireadh tús leis in 1985 mar thionscadal idir-rialtasach idir cúig thír de chuid an Aontais – an Fhrainc, an Ghearmáin, an Bheilg, an Ísiltír agus Lucsamburg – agus de réir a chéile tháinig sé chun bheith ar an limistéar saorthaistil is mó ar domhan.
Is é Schengen ainm sráidbhaile bhig i Lucsamburg, ar an teorainn leis an nGearmáin agus leis an bhFrainc, áit ar síníodh Comhaontú Schengen agus Coinbhinsiún Schengen in 1985 agus in 1990 faoi seach.
Mar chuid de limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha:
- ní dhéanfaidh tíortha seiceálacha ag a dteorainneacha inmheánacha, ach amháin i gcásanna ina mbeidh bagairt shonracha ann
- déanfaidh tíortha seiceálacha sonracha ag a dteorainneacha seachtracha, bunaithe ar chritéir a shainítear go soiléir
Tugtar Cód Teorainneacha Schengen ar an tsraith rialacha lena rialaítear limistéar Schengen.
Cad iad na tíortha atá mar chuid de Schengen?
Sa lá atá inniu ann, clúdaíonn limistéar Schengen níos mó ná 4 mhilliún ciliméadar cearnach le daonra de os cionn 450 milliún duine, tá 29 thír ann:
- 25 as 27 mBallstát an Aontais
- gach ball de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis)
An 30 Nollaig 2023, chomhaontaigh an Chomhairle deireadh a chur leis na rialuithe ag teorainneacha inmheánacha aeir agus mara leis an mBulgáir agus leis an Rómáin. An 12 Nollaig 2024, chinn an Chomhairle deireadh a chur le seiceálacha ar dhaoine freisin ag na teorainneacha inmheánacha talún leis an dá thír agus eatarthu. Mar thoradh air sin, ón 1 Eanáir 2025 tá an Bhulgáir agus an Rómáin go hiomlán mar chuid de limistéar Schengen.
Níor cuireadh deireadh fós leis na rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha leis an gCipir, agus níl Éire mar chuid de limistéar Schengen.
Cad iad na buntáistí a bhaineann le Schengen?
Ligeann limistéar Schengen do bhreis agus 450 milliún duine taisteal gan bhac idir na Ballstáitgan feidhm orthu dul tríd rialuithe teorann.
Gach lá, trasnaíonn tuairim is 3.5 milliún duine teorainneacha inmheánacha chun dul i mbun oibre nó staidéar a dhéanamh nó chun cuairt a thabhairt ar theaghlaigh agus ar chairde, agus tá cónaí ar bheagnach 1.7 milliún duine i dtír Schengen amháin agus iad ag obair i dtír eile.
Meastar go ndéanann Eorpaigh 1.25 billiún turas laistigh de limistéar Schengen gach bliain, rud a théann go mór chun tairbhe earnáil na turasóireachta agus na hearnála cultúrtha.
Baineann gach saoránach agus gnólacht sna stáit rannpháirteacha tairbhí suntasacha eacnamaíocha as limistéar Schengen. Ceapadh é mar dhúshraith an Aontais Eorpaigh agus an mhargaidh aonair ina iomláine.
An féidir le náisiúnaigh tíortha nach den Aontas iad tairbhe a bhaint as Schengen?
Is féidir le náisiúnaigh tíortha nach den Aontas iad a bhfuil cónaí orthu san Aontas nó atá ar cuairt san Aontas mar thurasóirí, mar mhic léinn ar mhalartú nó ar mhaithe le gnó taisteal trí thíortha Schengen gan dul tríd rialuithe teorann.
I gcás taistealaithe atá ar idirthuras trí limistéar Schengen nó a bhfuil sé ar intinn acu fanacht ann ar feadh tréimhse ghearr, tá comhrialacha maidir le víosaí bunaithe ag an Aontas Eorpach.
Ní mór comhbheartas víosaí a bheith ag an Aontas chun go bhfeidhmeoidh limistéar gan teorainneacha Schengen go héifeachtach mar go gcuireann sé ar chumas cuairteoirí teacht isteach san Aontas, agus neartaítear an tslándáil inmheánach leis ag an am céanna.
Víosaí Schengen (Grafaic faisnéise)
Conas a d’fheabhsaigh Schengen cúrsaí slándála san Aontas Eorpach?
Is ceann de phríomhaidhmeanna limistéar Schengen a chuid saoránach a chosaint trí chomhar méadaithe idir fórsaí póilíneachta, údaráis chustaim agus údaráis rialaithe teorainneacha seachtracha na mBallstát uile. Tugadh isteach na cineálacha nua comhair sin chun aon bhaol maidir le heasnamh slándála, a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar dheireadh a chur leis na rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, a chúiteamh.
I gcomhthéacs an chomhair i bhforfheidhmiú an dlí, ceadaítear an méid seo a leanas le limistéar Schengen:
- córais chumarsáide níos fearr idir fórsaí póilíneachta
- dul go te sa tóir ar choirpigh
- faireachas trasteorann ar dhaoine atá faoi dhrochamhras
- cúnamh oibríochtúil frithpháirteach
- malartuithe díreacha faisnéise idir údaráis phóilíneachta
Is buntáiste ollmhór é an méid sin i gcomhrac na sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí eagraithe, lena n-áirítear gáinneáil ar dhaoine agus imirce neamhdhleathach.
Conas a théann tíortha isteach i limistéar Schengen?
Ní mór do thíortha atá toilteanach dul isteach i limistéar Schengen liosta réamhchoinníollacha a chomhlíonadh. Ní mór dóibh:
- an tsraith choiteann de rialacha Schengen a chur i bhfeidhm (ar a dtugtar ‘acquis Schengen’), mar shampla, a mhéid a bhaineann le rialuithe ag teorainneacha, eisiúint víosaí, comhar póilíneachta agus cosaint sonraí pearsanta
- freagracht a ghlacadh as na teorainneacha seachtracha a rialú thar ceann tíortha eile Schengen agus as víosaí aonfhoirmeacha Schengen a eisiúint
- comhoibriú go héifeachtúil le gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí i dtíortha eile Schengen chun ardleibhéal slándála a choinneáil a luaithe a chuirfear deireadh le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha
- ceangal le Córas Faisnéise Schengen (SIS) agus é a úsáid
Ní mór sraith meastóireachtaí a dhéanamh ar thíortha ar mian leo dul isteach i limistéar Schengen chun a chinneadh an gcomhlíonann siad na coinníollacha is gá chun rialacha Schengen a chur i bhfeidhm.
A luaithe a dhearbhófar leis an meastóireacht go bhfuil Ballstát ullamh le dul isteach i limistéar Schengen gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, ní mór do gach ball eile de limistéar Schengen an cinneadh a fhormheas d’aon toil, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.
An féidir rialuithe ag teorainneacha a athbhunú laistigh de limistéar Schengen?
Chinn roinnt Ballstát rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú idir 2020 agus 2022 i gcomhthéacs COVID-19. Rinneadh rialuithe a athbhunú i gcúinsí eile freisin, lena n-áirítear in 2015, tar éis ionsaithe sceimhlitheoireachta nó an mhéadaithe ar shreabha imirce isteach san Aontas.
Níor cheart seiceálacha inmheánacha a athbhunú ach i gcás nach bhfuil an dara suí sa bhuaile ann.
I gcásanna eisceachtúla
Le cód teorainneacha Schengen, ceadaítear do na Ballstáit rialuithe a athbhunú ag teorainneacha inmheánacha áirithe i gcásanna eisceachtúla ina mbíonn feidhmiú foriomlán limistéar Schengen i mbaol.
Sna cásanna sin, is féidir leis an gComhairle a mholadh go ndéanfadh Ballstát amháin, nó níos mó, rialuithe ag teorainneacha a athbhunú, ar bhonn togra ón gCoimisiún Eorpach.
Ní mór formheas ón gComhairle a fháil i dtaca le seiceálacha a tugadh isteach i gcásanna eisceachtúla.
Aghaidh a thabhairt ar bhagairt thromchúiseach
Sonraítear i gcód teorainneacha Schengen freisin gur féidir leis na Ballstáit rialuithe sealadacha ag teorainneacha a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar bhagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach.
Sa chás sin, ní mór don Bhallstát lena mbaineann fógra a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit eile 4 seachtaine ar a laghad sula dtugtar isteach seiceálacha, nó laistigh de thréimhse níos giorra mura bhfuiltear eolach ar na cúinsí roimh ré. Ní gá formheas ón gComhairle chun seiceálacha inmheánacha a athbhunú.
Conas a ndéantar teorainneacha seachtracha Schengen a chosaint?
Tá bearta nithiúla bunaithe ag an Aontas agus na Ballstáit chun slándáil na hEorpa a chosaint agus teorainneacha seachtracha an Aontais a dhaingniú.
Áirítear orthu sin, mar shampla, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) a chruthú agus Córas Faisnéise Schengen (SIS) a fhorbairt.
Úsáideann na húdaráis ar fud an Aontais SIS chun foláirimh, maidir le daoine nó rudaí a bhfuiltear sa tóir orthu nó atá ar iarraidh, a chur isteach nó a cheadú. Tá isteach agus amach le 86.5 mhilliún foláireamh sa chóras sin agus é ceadaithe breis agus 35 mhilliún uair in aghaidh an lae ag na húdaráis in 2022.
Ina theannta sin, cuireann SIS treoracha ar fáil do na húdaráis maidir lenar ceart a dhéanamh tráth a n-aimsítear duine nó rud, amhail:
- duine a bhfuiltear sa tóir air a ghabháil
- cosaint a thabhairt don té atá ar iarraidh agus ar leochaileach a chás
- earra neamhdhleathach nó earra goidte a ghabháil
Tá uasghrádú nó forbairt á déanamh ar na huirlisí TF seo a leanas a chuideoidh leis an gcoireacht a chomhrac agus le teorainneacha a choinneáil slán:
- An Córas Faisnéise Víosaí (VIS)
- An Córas Dul Isteach/Imeacht (EES)
- An Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS)
Córais TF uile-Aontais don tslándáil agus don imirce (Grafaic faisnéise)
- Limistéar Schengen: nuashonrú ar Chód Teorainneacha Schengen glactha ag an gComhairle (preaseisiúint, an 24 Bealtaine 2024)
- Schengen: an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa tagtha ar chomhaontú maidir le cód teorainneacha an Aontais a nuashonrú (preaseisiúint, an 6 Feabhra 2024)
- Cód teorainneacha Schengen: a cur chuige ginearálta glactha ag an gComhairle (preaseisiúint, an 10 Meitheamh 2022)
Féach freisin
An t-athbhreithniú deireanach: an 7 Iúil 2026