Skip to content

Compás Straitéiseach don Aontas

Cliceáil ar an nasc thíos chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gCompás Straitéiseach.

Leis an gCompás Straitéiseach, tugtar treoir níos fearr agus comhfhís d’iarrachtaí an Aontais i réimse na slándála agus na cosanta.

Compás Straitéiseach don Aontas

Leis an gCompás Straitéiseach, tugtar treoir níos fearr agus comhfhís d’iarrachtaí an Aontais i réimse na slándála agus na cosanta sna 5 go 10 mbliana amach romhainn.

Dul chun cinn as cuimse.

  • Ord domhanda neamhchinnte
  • Anailísiú ar bhagairtí
  • Compás Straitéiseach an Aontais
  • Straitéis — Plean Gníomhaíochta

Spriocanna

Comhpháirtiú i gcoinne bagairtí comhchoiteanna

Infheistiú i gcumais agus teicneolaíochtaí

Gníomhú go gasta agus go cinntitheach tráth géarchéime

Cosaint ar bhagairtí agus saoránaigh an Aontais a choinneáil slán

CEITHRE CHOLÚN

COMHPHÁIRTIÚ:

  • Cur chuige níos saincheaptha i réimse na slándála agus na cosanta
  • Comhar feabhsaithe le NA, ECAT, ESCE(1),.AA(2)agus ASEAN(3)
  • Fóram nua um chomhpháirtíochtaí slándála agus cosanta chun comhpháirtithe iltaobhacha, réigiúnacha agus déthaobhacha a thionól le chéile

INFHEISTIÚ

  • Fócas athnuaite ar chumais na chéad ghlúine eile a fhorbairt go comhpháirteach
  • Dreasachtaí breise chun spreagadh a thabhairt do na Ballstáit infheistíochtaí comhoibríocha a dhéanamh i dtionscadail agus soláthairtí comhpháirteacha
  • Mol Nuálaíochta Cosanta a bhunú laistigh den Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint
  • Plé faoi chuspóirí náisiúnta na mBallstát maidir le caiteachas cosanta méadaithe agus feabhsaithe

GNÍOMHÚ

  • 5 000: trúpa le hAcmhainneacht Mhear-Imscartha de chuid an Aontais Eorpaigh a bhunú
  • 200 duine lánfheistithe ar saineolaí de chuid mhisin CBSC(4) iad le himscaradh laistigh de 30 lá, i dtimpeallacht chasta san áireamh
  • freachnaimh rialta a chur ar bun chun cúnamh frithpháirteach a neartú a thuilleadh i gcás fogha armtha
  • Plean gníomhaíochta nua maidir le soghluaisteacht mhíleata

COSAINT

  • Anailísiú athbhreithnithe de chuid an Aontais ar bhagairtí faoi dheireadh 2022
  • Bosca Uirlisí Hibrideach nua de chuid an Aontais le haghaidh freagairt chomhordaithe ar fheachtais hibrideacha
  • Straitéis Spáis nua de chuid an Aontais um Shlándáil agus Cosaint
  • Lárionad Satailítí neartaithe de chuid an Aontais chun dlús a chur lenár n-acmhainneacht fhéinrialaitheach faisnéise geospásúla
  • Rochtain a fháil ar réimsí straitéiseacha: an mhórmhuir, an cianspás, an cibearspás agus an t-aerspás

An Cianspás:

  • Lánúsáid an chórais suite dhomhanda Galileoagus na n-acmhainneachtaí breathnóireachta Copernicus mar thaca le misin agus oibríochtaí CBSC
  • Acmhainneacht de chuid an Aontais sa spás le haghaidh cumarsáid satailíte rialtais shlán

An réimse aeir: rochtain shlán shábháilte na hEorpa ar an aerspás a chinntiú

An cibearspás:

  • Fórsaí an Aontais agus bonneagar míleata a choimeád slán agus a chosaint ar chibirionsaithe
  • Forbairt bhreise a dhéanamh ar Chreat Beartais Cibearchosanta an Aontais

An tslándáil mhuirí: láithreacht chabhlaigh an Aontais a mhéadú laistigh agus lasmuigh den Aontas

An mhórmhuir:

  • Oibríochtaí cabhlaigh an Aontais a neartú agus a fhairsingiú
  • Coincheap na Láithreachtaí Muirí Comhordaithe a fhairsingiú go limistéir eile

(1) ESCE An Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip; (2) AA An tAontas Afracach; (3) ASEAN Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas; (4) CBSC An Comhbheartas Slándála agus Cosanta