Compás Straitéiseach um shlándáil agus cosaint
Leis an gCompás Straitéiseach, cuirtear treoir agus fís choiteann ar fáil maidir le beartas slándála agus cosanta an Aontais a neartú faoi 2030.
Cad é an Compás Straitéiseach?
D’fhormheas an Chomhairle an Compás Straitéiseach an 22 Márta 2022, cúpla seachtain tar éis thús ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin.
Is plean gníomhaíochta é an Compás Straitéiseach lena mbunaítear fís choiteann straitéiseach agus cuspóirí nithiúla chun beartas slándála agus cosanta an Aontais a neartú faoi 2030. Tugtar aghaidh ann ar bhagairtí atá ag dul i méid, mar atá iomaíocht gheopholaitiúil, iomaíocht eacnamaíoch, forbairt theicneolaíoch, bréagaisnéis agus an ghéarchéim aeráide.
Leagtar amach sa Chompás cur chuige ilghnéitheach lena gcomhtháthaítear taidhleoireacht, cabhair dhaonnúil, comhar um fhorbairt, gníomhú ar son na haeráide, tacaíocht eacnamaíoch agus beartas trádála.
Cumhdaítear ann gach gné den bheartas slándála agus cosanta agus tá sé bunaithe ar cheithre cholún: gníomh, slándáil, infheistíocht agus comhpháirtíocht.
Gníomh – láithreacht agus rannpháirtíocht ar an láthair
Uirlisí sibhialtacha agus míleata an Aontais a luathú chun an ghníomhaíocht a chur in oiriúint do riachtanais na gcomhpháirtithe agus chun ról an Aontais mar phríomhghníomhaí i mbainistiú géarchéime ar fud an domhain a neartú.
Infheistíocht – caiteachas méadaithe feabhsaithe
Ullmhacht chosanta a bhaint amach trí bhonn tionsclaíochta teicneolaíoch na cosanta Eorpaí atá comhtháite, nuálach, iomaíoch agus athléimneach, mar aon le tionscal cosanta treisithe Eorpach.
Slándáil – bagairtí a thuar agus saoránaigh a chosaint
Athléimneacht a neartú chun rochtain shaor, shábháilte agus shlán ar réimsí straitéiseacha conspóide a ráthú, saoránaigh an Aontais a chosaint agus tacú le comhpháirtithe an Aontais ar fud an domhain.
Comhpháirtíocht – príomhfhoinse láidreachta agus athléimneachta
Comhpháirtíochtaí saincheaptha le comhpháirtithe déthaobhacha, réigiúnacha agus iltaobhacha ar fud an domhain a leathnú agus a dhoimhniú chun sochar frithpháirteach agus comhar feabhsaithe a chinntiú.
Dul chun cinn i bhfigiúirí
Ó formheasadh an Compás Straitéiseach in 2022, rinneadh dul chun cinn suntasach sna ceithre cholún.
Gníomh
- acmhainneacht oibríochtúil a bheidh in acmhainneacht mhear-imscartha an Aontais oibríochtúil, rud a chuirfidh ar chumas an Aontais freagairt go tapa do ghéarchéimeanna agus do bhagairtí (2025)
- seoladh EUNAVFOR ASPIDES, oibríocht muirí nua chun feabhas a chur ar an tslándáil i réigiún na Mara Rua agus na Murascaille (2024)
- seoladh Mhisean an Aontais Eorpaigh san Airméin (Bealtaine 2023)
- seoladh Mhisean Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh sa Mholdóiv (2023)
- seoladh an tionscnaimh slándála agus cosanta lena dtacaítear le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine le saineolas saincheaptha sibhialtach agus míleata (2023)
- seoladh Mhisean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (2022)
Infheistíocht
- cur i láthair ReArm Europe plan / Ullmhacht 2030 (2025)
- glacadh na hionstraime um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) agus gníomhachtú an chlásail éalaithe náisiúnta (2025)
- an chaibidlíocht leanúnach maidir leis an togra le haghaidh Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach (2025)
- €326 bhilliún a bhí i gcaiteachas cosanta na mBallstát; €102 bhilliún i gcaiteachas infheistíochtaí cosanta (2024)
- €300 milliún chun tacú leis an soláthar comhpháirteach cosanta agus €500 milliún chun borradh a chur faoi tháirgeadh an armlóin laistigh de bhuiséad an Aontais (2023)
Slándáil
- cur i láthair straitéis an aontais ullmhachta (2025)
- bunú foirne mearfhreagartha hibrideacha chun cabhrú leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe (2024)
- bosca uirlisí maidir leis an ionramháil agus an cur isteach eachtrach ar fhaisnéis a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí ar phróisis dhaonlathacha (2024)
- glacadh an ghnímh um chibear-athléimneacht agus an ghnímh um chibear-dhlúthpháirtíocht (2024)
- glacadh na mbeart le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais (NIS2) agus maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil (2023)
- glacadh straitéis spáis an Aontais um shlándáil agus cosaint, beartas an Aontais maidir leis an gcibearchosaint agus straitéis athbhreithnithe slándála muirí an Aontais (2023)
Comhpháirtíocht
- síniú na gcomhpháirtíochtaí slándála agus cosanta le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad (2024-2025)
- rannpháirtíocht leis na Náisiúin Aontaithe chun an tacar comhpháirteach tosaíochtaí le haghaidh an chomhair idir an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe a chur chun feidhme (2022-2024)
- eagrú fhóram slándála agus cosanta Schuman, ar ar fhreastail comhpháirtithe idirnáisiúnta, airí cosanta an Aontais agus páirtithe leasmhara (2023-2024)
- síniú an tríú dearbhú comhpháirteach idir an tAontas agus ECAT (2023)
- rannpháirtíocht le comhpháirtithe réigiúnacha, cuir i gcás an tAontas Afracach, Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas, Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar agus Comhairle Comhair Stáit na Murascaille
- idirphlé agus comhar treisithe leis na príomh-chomhpháirtithe
Féach freisin
Ullmhacht cosanta na hEorpa
Cosaint an Aontais i bhfigiúirí
An Buanchomhar Struchtúrtha (PESCO)
An t-athbhreithniú deireanach: an 28 Lúnasa 2025