Skip to content

An sceimhlitheoireacht san Aontas: fíricí agus figiúirí

Foilsíonn Europol – gníomhaireacht an Aontais i ndáil le comhar i bhforfheidhmiú an dlí – tuarascáil an Aontais maidir le staid agus treochtaí na sceimhlitheoireachta gach bliain. Tugtar figiúirí sa tuarascáil maidir le hionsaithe sceimhlitheoireachta agus gabhálacha a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht san Aontas Eorpach agus tá sí bunaithe ar eolas a chuireann Ballstáit an Aontais ar fáil.

Ionsaithe sceimhlitheoireachta san Aontas de réir an chineáil (2010-2021)

Léirítear sa chairt seo na hionsaithe sceimhlitheoireachta a tharla san Aontas idir 2010 agus 2021. San áireamh sna figiúirí tá ionsaithe ar éirigh leo, ar theip orthu agus ar sáraíodh iad agus miondealaítear iad de réir bliana agus de réir an chineáil: jiohádach/reiligiún-spreagtha, an eite dheis, an eite chlé agus an t-ainrialachas, an náisiúnachas eitneach agus an scarúnachas, eile agus neamhshonraithe. Áirítear an Ríocht Aontaithe ar na figiúirí idir 2010 agus 2019.

Leagan téacs

Seo a leanas na líonta ionsaithe sceimhlitheoireachta a thuairiscigh tíortha an Aontais idir 2010 agus 2021, idir ionsaithe ar éirigh leo, ionsaithe ar theip orthu agus ionsaithe ar sáraíodh iad:

  • 2010: 249 n-ionsaí sceimhlitheoireachta
  • 2011: 174 ionsaí sceimhlitheoireachta
  • 2012: 219 n-ionsaí sceimhlitheoireachta
  • 2013: 152 ionsaí sceimhlitheoireachta
  • 2014: 199 n-ionsaí sceimhlitheoireachta
  • 2015: 211 ionsaí sceimhlitheoireachta
  • 2016: 142 ionsaí sceimhlitheoireachta
  • 2017: 205 ionsaí sceimhlitheoireachta
  • 2018: 129 n-ionsaí sceimhlitheoireachta
  • 2019: 119 n-ionsaí sceimhlitheoireachta
  • 2020: 57 n-ionsaí sceimhlitheoireachta
  • 2021: 15 ionsaí sceimhlitheoireachta

Áirítear an Ríocht Aontaithe ar na figiúirí idir 2010 agus 2019.

In 2021 bhí 15 theagmhas sceimhlitheoireachta ann i mBallstáit an Aontais. Bhí líon iomlán na n-ionsaithe in 2021 i bhfad níos ísle ná mar a bhí sna blianta roimhe sin, mar gheall ar laghdú suntasach ar líon na n-ionsaithe a tuairiscíodh mar sceimhlitheoireacht na heite clé.

Idir 2019 agus 2021, sáraíodh 29 bplota jiohádacha nó de chuid na heite deise antoiscí ar fud an Aontais.

Gabhálacha a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht san Aontas (2010-2021)

Léirítear sa chairt seo na gabhálacha a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht a rinneadh san Aontas idir 2010 agus 2021, de réir bliana agus de réir cineáil: jiohádach/reiligiún-spreagtha, an eite dheis, an eite chlé agus an t-ainrialachas, an náisiúnachas eitneach agus an scarúnachas, eile agus neamhshonraithe. Áirítear an Ríocht Aontaithe ar na figiúirí idir 2010 agus 2019.

Leagan téacs

Seo a leanas na líonta gabhálacha a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht a thuairiscigh tíortha an Aontais idir 2010 agus 2021:

  • 2010: 249 ngabháil
  • 2011: 484 ghabháil
  • 2012: 537 ngabháil
  • 2013: 535 ghabháil
  • 2014: 774 ghabháil
  • 2015: 1077 ngabháil
  • 2016: 1002 ghabháil
  • 2017: 1219 ngabháil
  • 2018: 1056 ghabháil
  • 2019: 1004 ghabháil
  • 2020: 634 ghabháil
  • 2021: 388 ngabháil

Áirítear an Ríocht Aontaithe ar na figiúirí idir 2010 agus 2019.

Idir 2019 agus 2021, gabhadh 1 560 duine i mBallstáit an Aontais ar amhras go ndearna siad cionta a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht.

In 2021, ba é an cion is minice a raibh gabháil mar thoradh air – i measc na ngabhálacha sin a tuairiscíodh – ballraíocht i ngrúpa sceimhlitheoireachta, agus ina dhiaidh sin ionsaí a phleanáil nó a ullmhú. Cúisíodh amhrastaigh eile as sceimhlitheoireacht a mhaoiniú, as an earcaíocht agus gríosú chun na sceimhlitheoireachta.

Ionsaithe sceimhlitheoireachta agus gabhálacha a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht san Aontas (2021)

Léirítear sa chairt seo ionsaithe sceimhlitheoireachta agus gabhálacha a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht a rinneadh san Aontas in 2021. San áireamh sna figiúirí tá ionsaithe ar éirigh leo, ar theip orthu agus ar sáraíodh iad agus miondealaítear iad de réir na gcineálacha cleamhnachta: jiohádach/reiligiún-spreagtha, an eite dheis, an eite chlé agus an t-ainrialachas, an náisiúnachas eitneach agus an scarúnachas, eile agus neamhshonraithe.

Leagan téacs

Thuairiscigh tíortha an Aontais an líon seo a leanas d’ionsaithe sceimhlitheoireachta in 2021:

  • An Ostair: 1
  • An Bheilg: 1
  • An Danmhairg: 1
  • An Fhrainc: 5
  • An Ghearmáin: 3
  • An Ungáir: 1
  • An Spáinn: 1
  • An tSualainn: 2
  • Iomlán: 15

Seo a leanas na líonta gabhálacha a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht a thuairiscigh tíortha an Aontais in 2021:

  • An Ostair: 24
  • An Bheilg: 32
  • An Chróit: 2
  • An Chipir: 6
  • An Danmhairg: 9
  • An Fhionlainn: 5
  • An Fhrainc: 140
  • An Ghearmáin: 34
  • An Ghréig: 6
  • An Ungáir: 2
  • Éire: 14
  • An Iodáil: 40
  • An Ísiltír: 17
  • An Pholainn: 3
  • An Phortaingéil: 2
  • An Rómáin: 2
  • An Spáinn: 47
  • An tSualainn: 3
  • Iomlán: 388

Tharla an líon is mó ionsaithe sa Fhrainc (5), agus sa Ghearmáin (3) agus sa tSualainn (2) ina dhiaidh sin. Thuairiscigh an Ostair, an Danmhairg, an Ungáir, an Bheilg agus an Spáinn ionsaí amháin i ngach tír.

Bhí an dá bhás a taifeadadh in 2021 mar thoradh ar na hionsaithe jiohádacha a rinneadh sa Spáinn agus sa Fhrainc.