Skip to content

Freagairt an Aontais ar an sceimhlitheoireacht

Tá comhrac na sceimhlitheoireachta ina thosaíocht ag an Aontas. Oibríonn na Ballstáit go dlúth le chéile chun ionsaithe sceimhlitheoireachta a chosc agus slándáil na saoránach a chinntiú.

An fáth ar príomhthosaíocht don Aontas í an fhrithsceimhlitheoireacht

Tar éis sraith ionsaithe ó 2015 i leith, tá bearta éagsúla glactha ag an Aontas chun deireadh a chur leis an sceimhlitheoireacht.

Cé gur ar na Ballstáit den chuid is mó atá an fhreagracht an choireacht a chomhrac agus an tslándáil a choimirciú, is léir ó na hionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh le blianta beaga anuas gur freagracht choiteann í an fhreagracht sin freisin nach mór do na Ballstáit glacadh léi i dtoll a chéile. Cuireann an tAontas le cosaint a chuid saoránach trí ghníomhú mar phríomhfhóram don chomhar agus don chomhordú i measc na mBallstát.

In 2015, d’eisigh ceannairí an Aontais ráiteas comhpháirteach chun obair an Aontais agus na mBallstát a threorú. Sa ráiteas sin, iarradh go ndéanfaí bearta sonracha lena ndíreofaí ar thrí réimse, mar atá:

  • slándáil na saoránach a chinntiú
  • an radacú a chosc agus luachanna a chosaint
  • oibriú i gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta

Ag eascairt as na hionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh sa Fhrainc, sa Ghearmáin agus san Ostair, chomhaontaigh airí gnóthaí baile an Aontais i mí na Samhna 2020 a n-iarrachtaí comhpháirteacha a neartú a thuilleadh chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, gan luachanna coiteanna an Aontais a chur i mbaol an daonlathas, an ceartas agus an tsaoirse cainte mar shampla.

I mí na Nollag 2020, d’athdhearbhaigh ceannairí an Aontais go raibh siad aontaithe i gcomhrac an radacaithe, na sceimhlitheoireachta agus an antoisceachais fhoréignigh.

Sainmhíniú an Aontais ar an sceimhlitheoireacht

De réir dhlí an Aontais, déantar cionta sceimhlitheoireachta chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • imeagla mór a chur ar dhaonra
  • iallach míchuí a chur ar rialtas nó ar eagraíocht idirnáisiúnta gníomh ar bith a dhéanamh nó gan é a dhéanamh
  • bunstruchtúir pholaitiúla, bhunreachtúla, eacnamaíocha nó shóisialta tíre nó eagraíochta idirnáisiúnta a dhíchobhsú ar bhealach tromchúiseach nó a dhíothú

An radacú a chosc

Cé nach feiniméan nua é an radacú, is bagairt níos tromchúisí é le blianta beaga anuas.

I ngeall ar theicneolaíochtaí cumarsáide ar líne, tá sé níos éasca do sceimhlitheoirí cumarsáid a dhéanamh thar theorainneacha agus tá méadú tagtha ar bholscaireacht na sceimhlitheoireachta agus ar scaipeadh an antoisceachais.

I mí Aibreáin na bliana 2021, ghlac an tAontas rialachán maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne. Beidh na rialacha nua i bhfeidhm ón 7 Meitheamh 2022.

Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla sna Ballstáit orduithe baint anuas a eisiúint chuig na soláthraithe seirbhísí, rudaí a thabharfaidh orthu ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas nó rochtain air a dhíchumasú laistigh d'uair an chloig.

Grafaic faisnéise maidir leis na rialacha nua i dtaobh aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne
Aghaidh a thabhairt ar ábhar sceimhlitheoireachta a bheith á scaipeadh ar líne (Grafaic faisnéise)

Aghaidh a thabhairt ar ábhar sceimhlitheoireachta a bheith á scaipeadh ar líne (Grafaic faisnéise)

Liosta an Aontais de sceimhlitheoirí

Mar chuid dá freagairt ar an sceimhlitheoireacht i ndiaidh ionsaithe an 11 Meán Fómhair 2001, bhunaigh an tAontas Eorpach liosta daoine, grúpaí agus eintiteas a raibh baint acu le gníomhartha sceimhlitheoireachta agus a cuireadh faoi réir bearta sriantacha. Déanann an Chomhairle athbhreithniú ar an liosta go rialta, gach 6 mhí, ar a laghad.

Ó mhí Mheán Fómhair 2016 ar aghaidh, féadfaidh an tAontas smachtbhannaí dá chuid féin a chur i bhfeidhm ar ISIL/Da’esh agus ar Al-Qaeda agus ar dhaoine agus eintitis a bhaineann leo nó a thacaíonn leo.

Malartú faisnéise

Tá sé ríthábhachtach go roinntear eolas go héifeachtach idir na húdaráis forfheidhmithe dlí, na húdaráis bhreithiúnacha agus na húdaráis faisnéise sna Ballstáit chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, chun trodaithe eachtracha a rianú agus chun dul i ngleic leis an gcoireacht eagraithe.

Tá bearta déanta ag an Aontas chun feabhas a chur ar an malartú faisnéise idir na Ballstáit, san áireamh, le déanaí:

  • creat maidir le hidir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais, a chuidíonn le teorainneacha, an tslándáil agus an imirce a bhainistiú (2019)
  • nuashonrú ar Chóras Faisnéise Schengen, atá in úsáid ag póilíní agus ag gardaí teorann chun foláirimh a roinnt maidir le daoine agus nithe a bhfuiltear sa tóir orthu nó atá ar iarraidh (2018)
  • an treoir maidir le taifead ainmneacha paisinéirí, lena rialaítear aistriú agus próiseáil sonraí pearsanta arna soláthar ag aerphaisinéirí (2016)
  • lárionad frithsceimhlitheoireachta na hEorpa a chruthú in Europol chun tacú le malartú faisnéise idir na húdaráis náisiúnta phóilíneachta (2016)
Tá an tAontas ag ceapadh ceithre uirlis nua chun gur fearr is féidir leis na húdaráis teacht ar fhaisnéis agus í a roinnt ar fud an Aontais.
Mar a chuirfidh bunachair sonraí idir-inoibritheacha le slándáil na hEorpa (Grafaic faisnéise)

Mar a chuirfidh bunachair sonraí idir-inoibritheacha le slándáil na hEorpa (Grafaic faisnéise)

Comhordaitheoir frithsceimhlitheoireachta an Aontais Eorpaigh

Tar éis na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta a tharla i Maidrid an 11 Márta 2004, ghlac ceannairí an Aontais dearbhú maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac. I measc bearta eile, chomhaontaigh siad post Chomhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta an Aontais a bhunú.

Is faoi chúram an chomhordaitheora atá sé an obair frithsceimhlitheoireachta laistigh den Aontas a chomhordú, faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme straitéis frithsceimhlitheoireachta an Aontais agus feabhas a chur ar an gcumarsáid idir tíortha den Aontas agus nach tíortha den Aontas iad.

Maoiniú na sceimhlitheoireachta a chiorrú

Tá an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta ina n-ábhar mór imní do chóras airgeadais an Aontais agus do shlándáil a shaoránach.

rialacha níos treise i ndáil leis an sciúradh airgid a chomhrac i bhfeidhm san Aontas ó 2018 i leith. Leis na rialacha sin, tá sé deacair cístí neamhdhleathacha a cheilt laistiar de chuideachtaí samhailteacha agus déantar seiceálacha níos déine ar thríú tíortha lena mbaineann riosca. Ina theannta sin, treisítear ról na n-údarás maoirseachta airgeadais agus déantar malartuithe faisnéise agus an rochtain faisnéise a fheabhsú leis na rialacha sin.

Tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun sciúradh airgid a chosc

Rialú arm tine

Ghlac an Chomhairle in 2017 rialacha nua maidir le fáil agus seilbh arm a rialú chun na bealaí éalaithe dlíthiúla, a d’fhág gurbh fhéidir le sceimhlitheoirí airm athiompaithe a úsáid, a dhúnadh.

Tá bearta sa treoir chun inrianaitheacht a fheabhsú, chomh maith le rialacha níos déine ó thaobh fáil agus seilbh na n-arm tine is dainséaraí.

I mí an Mheithimh 2019, ghlac an Chomhairle rialacha nua chun teorainn a chur le hinfhaighteacht réamhtheachtaithe pléascán ag an bpobal i gcoitinne, agus chun a chinntiú go ndéanfar tuairisciú iomchuí ar idirbhearta amhrasacha ar fud an tslabhra soláthair.

Is substaintí ceimiceacha iad réamhtheachtaithe pléascán, gur féidir a úsáid chun críocha dlisteanacha, ach ar féidir mí-úsáid a bhaint astu freisin le haghaidh monarú aindleathach pléascán baile.

Digiteáil an chomhair bhreithiúnaigh

Tá níos mó agus níos mó coirpeach agus sceimhlitheoirí ag úsáid na teicneolaíochta lena gcuid cionta a phleanáil agus a chur i gcrích. Fágann sin go bhfuil na húdaráis ag brath níos mó agus níos mó ar an r-fhianaise agus iad ag iarraidh breith ar choirpigh agus iad a ionchúiseamh. Tá an tAontas ag obair ar rialacha nua faoi láthair lena chinntiú go mbeidh sásra níos éifeachtúla ann maidir le rochtain trasteorann ar r-fhianaise.

Tá sé ríthábhachtach uirlisí digiteacha a úsáid i nósanna imeachta coiriúla a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta ar fud an Aontais i bhfianaise thimpeallacht athraitheach na bagartha slándála agus ardluas na forbartha teicneolaíochta.

Bearta chun deireadh a chur le trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta

Ó 2011 i leith, meastar gur thaistil idir 4 000 agus 5 000 náisiúnach de chuid an Aontais Eorpaigh, nó gur fhéach siad le taisteal chuig limistéir choinbhleachta – san Iaráic agus sa tSiria den chuid is mó – chun ról a ghlacadh i ngrúpaí sceimhlitheoireachta ar nós ISIL/Da’esh. Tá 30 % acu tar éis filleadh ar a dtíortha dúchais cheana féin. Le blianta fada anuas, tá saincheist na dtrodaithe eachtracha go mór chun tosaigh ar chlár oibre polaitiúil an Aontais.

I mí an Mhárta 2017, ghlac an tAontas treoir maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac. Leis na rialacha nua, neartaítear creat dlíthiúil an Aontais maidir le hionsaithe sceimhlitheoireachta a chosc agus tugtar aghaidh ar fheiniméan na dtrodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta. Leis an treoir, déantar coir as gníomhartha ar nós na gcionta seo a leanas:

  • dul i mbun oiliúna nó taisteal chun críocha sceimhlitheoireachta
  • taisteal mar sin a eagrú nó a éascú
  • cistí a sholáthar nó a bhailiú a bhaineann le grúpaí nó gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta

I mí an Mhárta 2017, ghlac an tAontas rialachán lena leasaítear cód teorainneacha Schengen. Leis na rialacha nua, cuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit seiceálacha córasacha a dhéanamh i mbunachair sonraí ábhartha ar gach duine a thrasnaíonn na teorainneacha seachtracha, saoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh san áireamh.

Comhar le tíortha nach bhfuil san Aontas

Tá baint dhíreach ag slándáil an Aontais agus a chuid saoránach leis an méid a tharlaíonn lasmuigh den Eoraip. In 2015, chinn an Chomhairle gníomhaíocht sheachtrach a ghéarú chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, go háirithe i Réigiún na Meánmhara, sa Mheánoirthear, san Afraic Thuaidh, sa Mhurascaill agus sa tSaiheil:

  • neartófar an comhar leis na príomh-chomhpháirtithe
  • seolfar tionscadail nua chun tacú le fothú acmhainní
  • géarófar an ghníomhaíocht chun an radacú agus antoisceachas an fhoréigin a chomhrac

Ghlac an Chomhairle straitéis frithsceimhlitheoireachta/trodaithe eachtracha an Aontais lena ndírítear ar an tSiria agus ar an Iaráic in 2014. Leagtar amach roinnt réimsí tosaíochta sa straitéis sin, lena n-áirítear an comhar le tríú tíortha a fheabhsú chun líonraí earcaíochta agus trodaithe eachtracha a shainaithint.

Chun a athdhearbhú go bhfuil rún daingean aici saoránaigh an Aontais a chosaint ar an sceimhlitheoireacht agus ar an antoisceachas foréigneach, d’iarr an Chomhairle, i mí an Mheithimh 2020, go gcuirfí dlús, i réimsí tosaíochta áirithe, le rannpháirtíocht agus gníomhaíocht sheachtrach an Aontais maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht:

  • réigiúin gheografacha, lena gcuirtear na Balcáin Thiar, an Afraic Thuaidh, an Meánoirthear, réigiún na Saiheile agus Corn na hAfraice san áireamh
  • réimsí téamacha, lena n-áirítear cearta an duine, an smacht reachta, cosc a chur ar an radacú a mbíonn antoisceachas foréigneach mar thoradh air agus maoiniú na sceimhlitheoireachta

Cad atá á dhéanamh ag an Aontas chun dul i ngleic leis an sceimhlitheoireacht?

Caith do shúil ar an aistear le scór bliain anuas, féach mar a bhíonn tíortha an Aontais ag comhoibriú níos dlúithe ná riamh maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht trí sceimhlitheoirí a chosc ó airm a cheannach nó buamaí a thógáil, trí iarracht a dhéanamh an radacú a chomhrac ar an gcéad dul síos.

Léirítear ann cruinneog atá breac le deilbhíní eolais atá nasctha le poncanna. San íomhá, feicfidh tú trí lámh agus gloine formhéadúcháin i ngach aon cheann acu; díríonn ceann de na gloiní ar phas, ceann eile ar nótaí bainc agus an tríú ceann ar mhéarlorg. Sa chúlra, feicfidh tú scamaill sa spéir.

An t-athbhreithniú deireanach: an 30 Eanáir 2025