Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

Físchomhdháil na n-airí turasóireachta, 27 Aibreán 2020, 27 Aibreán 2020

Tá an turasóireacht ar cheann de na hearnálacha sa gheilleagar a buaileadh ar dtús agus ar cheann de na hearnálacha is mó buailte ag géarchéim COVID-19. Tá laghdú tapa géar ag teacht ar an éileamh agus méadú ar an dífhostaíocht san earnáil, rud a fhágann gur iomaí sin fiontar beag agus meánmhéide atá i mbaol.

Rinne na hairí turasóireachta eolas agus an dea-chleachtas a mhalartú i dtaca le bearta faoisimh a glacadh go nuige seo ar an leibhéal náisiúnta. Phléigh siad freisin gníomhaíocht a d'fhéadfaí a dhéanamh amach anseo ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais chun an earnáil turasóireachta a athshlánú go pras.

Ag deireadh an chruinnithe, d'eisigh Uachtaránacht na Cróite preaseisiúint.

Bhí físchomhdháil ag airí an Aontais atá freagrach as an turasóireacht chun plé a dhéanamh ar an gcaoi le freagairt ar an ngéarchéim gan fasach atá ag cur isteach ar an earnáil

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025