"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Físchomhdháil na n-airí turasóireachta, 20 Bealtaine 2020
Na príomhthorthaí
Mhalartaigh na hairí tuairimí faoin mbealach is fearr leis na treoirlínte agus na moltaí a chuir an Coimisiún i láthair ar an 13 Bealtaine a chur chun feidhme d’fhonn cabhrú leis na Ballstáit comhoibriú le chéile agus na srianta taistil á mbaint de réir a chéile agus ligean do ghnólachtaí turasóireachta athoscailt agus na réamhchúraimí sláinte is gá á n-urramú ag an am céanna.
Tá an earnáil turasóireachta ar cheann de na hearnálacha is tábhachtaí de gheilleagar na hEorpa. Faraor, is ceann de na hearnálacha is mó atá thíos leis mar gheall ar ghéarchéim COVID-19 í freisin. Le linn na físchomhdhála, an dara físchomhdháil taobh istigh d’aon mhí amháin inar díríodh ar an turasóireacht, dearbhaíodh go seasaimid go léir le chéile agus go bhfuilimid go léir meáite ar gach a bhfuil ag teastáil a dhéanamh chun go dtiocfaidh earnáil turasóireacht na hEorpa chuici féin go gasta agus go hiomlán. Téarnamh a chuirfidh ar chumas ár ngnólachtaí turasóireachta dul i mbun a gcuid gníomhaíochtaí arís agus a ráthóidh sláinte agus sábháilteacht na gcuairteoirí agus na bpobal áitiúil araon.
Gari Cappelli, aire turasóireachta na Cróite
Bhí an malartú tuairimí bunaithe ar an dá cheist seo a leanas:
Cad é do mheas ar na bearta a rinneadh ar leibhéal an Aontais agus cad iad na bearta breise is ceart a dhéanamh chun tacaíocht airgeadais leordhóthanach agus cineálacha eile tacaíochta a chinntiú don earnáil turasóireachta?
Cad é an bealach is fearr lena chinntiú go ndéanfaí cur chun feidhme na dtreoirlínte agus na mbeart ón bpacáiste turasóireachta agus iompair a chomhordú go héifeachtúil tráthúil?
Ba dhíol sásaimh i gcoitinne do na hairí na treoirlínte ón gCoimisiún mar chéim thosaigh riachtanach i dtéarnamh na hearnála turasóireachta.
Níos sonraí, chuir na hairí in iúl gur thacaigh siad go láidir le prionsabail áirithe lenar cheart an téarnamh sin a rialú, mar shampla:
dlúthchomhar ar leibhéal an Aontais,
cur chuige céim ar chéim,
cinntí atá bunaithe ar shonraí fónta eipidéimeolaíocha,
neamh-idirdhealú,
Ós rud é gur gá cumarsáid shoiléir agus trédhearcacht iomlán chun go mbeifear muiníneach as taisteal agus turasóireacht arís, mhol na hairí don Choimisiún a phleananna a chur i gcrích maidir le suíomh gréasáin idirghníomhach a chruthú, a chuirfidh faisnéis fíor-ama ar fáil don phobal maidir leis na coinníollacha agus na bearta atá i bhfeidhm i ngach Ballstát i dtaca le turasóirí.
Bhí roinnt Ballstát den tuairim go raibh tacaíocht airgeadais ghasta spriocdhírithe ag teastáil ón earnáil turasóireachta ar leibhéal an Aontais chun déileáil le tionchar ghéarchéim COVID-19, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais leordhóthanach ó bplean téarnaimh atá le teacht ón Aontas, a chuirfidh an Coimisiún i láthair ar an 27 Bealtaine 2020.
Ar deireadh, maidir le paisinéirí ar cuireadh a n-eitiltí ar ceal mar gheall ar an bpaindéim, d’iarr cuid de na hairí ar an gCoimisiún níos mó solúbthachta a thabhairt do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna leachtachta na gcuideachtaí aerlíne.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.