Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

Físchomhdháil na n-airí atá freagrach as an tionsclaíocht agus as an margadh inmheánach, 15 Bealtaine 2020, 15 Bealtaine 2020

Na príomhthorthaí

Thionóil Uachtaránacht na Cróite ar an gComhairle físchomhdháil leis na hairí atá i gceannas ar an margadh inmheánach agus ar an tionsclaíocht d’fhonn ionchur a chur ar fáil don Choimisiún chun plean téarnaimh an Aontais atá le teacht a thabhairt chun críche.

Bhí malartú tuairimí ag na hairí faoi conas na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • margadh aonair lánfheidhmiúil a athbhunú;
  • téarnamh tapa na n-earnálacha tionsclaíocha Eorpacha sin is mó atá thíos le paindéim COVID-19, a bhaint amach, agus
  • neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a chinntiú in earnálacha ríthábhachtacha tionsclaíocha, amhail earnáil na cógaisíochta agus earnáil na teileachumarsáide.

Mhalartaigh na hairí faisnéis faoin tionchar ollmhór eacnamaíoch a bhí ag an ngéarchéim ar gheilleagar a mBallstát faoi seach agus leag siad béim ar an ngá atá le freagairt chomhordaithe uaillmhianach ón Aontas, agus d’iarr siad ar an gCoimisiún an plean téarnaimh a fógraíodh a ghlacadh mar ábhar práinne. I ndáil leis an méid sin, chuir roinnt airí in iúl gur cheart go mbeadh ról lárnach ag an gComhairle Iomaíochais maidir le faireachán agus comhordú a dhéanamh ar chur chun feidhme an phlean sin.

Admhaíodh ar an mórgóir go bhfuil sé ríthábhachtach margadh aonair lánfheidhmiúil a athbhunú gan mhoill, lena n-áirítear saorghluaiseacht seirbhísí agus daoine, chun téarnamh eacnamaíoch a bhaint amach. Sa chomhthéacs sin, tugadh tacaíocht láidir do na moltaí atá sa phlean gníomhaíochta fadtéarmach chun rialacha an mhargaidh aonair a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr, plean a d’fhoilsigh an Coimisiún ar an 10 Márta 2020, mar aon leis na moltaí sa teachtaireacht ón gCoimisiún lena sainaithnítear agus lena dtugtar aghaidh ar na bacainní ar an margadh aonair, a foilsíodh ar an dáta céanna.

Maidir leis na hiarrachtaí chun tacú le tionsclaíocht an Aontais agus chun í a athbheochan, go háirithe na hearnálacha sin is mó atá thíos leis an ngéarchéim phaindéime, thug na hairí dá n-aire réamhanailís an Choimisiúin ar roinnt éiceachóras tionsclaíoch. Luaigh roinnt airí earnálacha sonracha mar na hearnálacha is mó atá buailte ag an ngéarchéim phaindéime, amhail tionscail na ngluaisteán, na turasóireachta agus an aeraspáis. Tugadh tacaíocht i gcoitinne maidir le hinfheistíocht a chur ar aghaidh sna réimsí sin a bhfuil an acmhainn is mó iontu ó thaobh nuálaíochta, fáis agus cruthú post de.

D’iarr roinnt airí ar an gCoimisiún cuspóirí an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh a chomhtháthú sa phlean téarnaimh. Léirigh roinnt airí, áfach, gur gá cuid de na cuspóirí sa Chomhaontú Glas don Eoraip a athmheasúnú i bhfianaise na géarchéime eacnamaíche atá ann faoi láthair.

Ba mhór an díol sásaimh é an tsolúbthacht shealadach a bhaineann le rialacha maidir leis an státchabhair a chur i bhfeidhm. D’iarr roinnt mhaith toscaireachtaí ar an gCoimisiún a chinntiú nach dtiocfaidh níos mó neamhréireachtaí eacnamaíocha chun cinn laistigh den Aontas mar gheall ar an tsolúbthacht sin.

Agus a gcuid tacaíochta don tsaorthrádáil agus d’ábharthacht eacnamaíoch na slabhraí luacha domhanda i gcoitinne á cur in iúl athuair, thug na hairí aird ar an ngá atá le neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a chinntiú trí spleáchas reatha an Aontais ar thríú tíortha a laghdú i gcás soláthairtí criticiúla, amhail comhábhair chógaisíochta agus amhábhair.

D'eisigh Uachtaránacht na Cróite preaseisiúint ag deireadh na físchomhdhála.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025