Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

An Chomhairle Iomaíochais, 27-28 Feabhra 2020

Príomhthorthaí

Taighde agus nuálaíocht, 28 Feabhra

Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht EIT

Ghlac an Chomhairle cur chuige ginearálta páirteach maidir leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht (COSN) na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT).

Blaženka Divjak, Aire Eolaíochta agus Oideachais na Cróite
Cloch mhíle thábhachtach is ea an comhaontú sin ar leibhéal na n-airí lena bhféadfar tús a chur freisin le malartú idirinstitiúideach maidir leis an bpacáiste EIT le Parlaimint na hEorpa.
Blaženka Divjak, Aire Eolaíochta agus Oideachais na Cróite
Blaženka Divjak, Aire Eolaíochta agus Oideachais na Cróite

Leagtar amach san Iarscríbhinn don Chlár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht (COSN) réimsí tosaíochta agus straitéis na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) don tréimhse 2021-2027. Sainítear inti na cuspóirí, na príomhghníomhaíochtaí, an modh oibre, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, agus na hacmhainní a bheidh de dhíth ar EIT. Ina theannta sin, cinntítear an comhleanúnachas is gá idir EIT agus Fís Eorpach, clár réime taighde agus nuálaíochta an Aontais don tréimhse 2021-2027, agus táthar ag súil go gcothófar sineirgí le cláir eile de chuid an Aontais.

Cur chuige straitéiseach i leith comhar idirnáisiúnta i réimse an taighde agus na nuálaíochta

Ar bhonn nóta ón uachtaránacht, bhí malartú tuairimí ag na hairí faoi chur chuige straitéiseach an Aontais i leith comhar idirnáisiúnta i réimse an taighde agus na nuálaíochta.

Sa chomhthéacs sin, d'aithin na hairí a thábhachtaí atá an comhar idirnáisiúnta chun an leas is fearr is féidir a bhaint as an taighde agus an nuálaíocht laistigh den Aontas freisin. Ag an am céanna, chuir roinnt airí in iúl go raibh sé ríthábhachtach go gcomhlíonfadh na comhaontuithe comhair na coinníollacha maidir le comhréireacht, breisluach agus urramú luachanna an Aontais. Bhí tacaíocht fhorleathan don chur chuige difreáilte, lena mbeadh luach saothair ann do na tíortha sin ar mian leo comhoibriú i réimsí leasa straitéisigh fhrithpháirtigh.

Ina theannta sin, leag na hairí béim ar an ngá atá le níos mó infheistíochta a dhéanamh sa taighde agus sa nuálaíocht, ní hamháin chun taighdeoirí cumasacha ó thríú tíortha a mhealladh ach chun taighdeoirí an Aontais a choinneáil freisin.

Níl teorainn leis an eolaíocht. Má táthar chun leanúint ar thús cadhnaíochta, ní mór dár dtaighdeoirí rochtain a bheith acu ar shaoráidí taighde idirnáisiúnta agus comhoibriú lena gcomhghleacaithe i dtríú tíortha. Tá an tAontas oscailte i gcónaí do chomhaontuithe comhair a rachaidh chun tairbhe an dá thaobh i réimse an taighde agus na nuálaíochta lenár bpríomh-chomhpháirtithe domhanda. Blaženka Divjak, Aire Eolaíochta agus Oideachais na Cróite

An margadh inmheánach agus an tionsclaíocht, 27 Feabhra

Comhaontú Glas don Eoraip – aistriú chuig tionscal Eorpach a bheidh aeráidneodrach agus ciorclach

Ar bhonn nóta ón uachtaránacht, bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis na beartais is iomchuí a bhfuil gá leo chun:

  • tacú leis an tionscal le go mbeidh sé in ann rannchuidiú le cuspóir na haeráidneodrachta a bhaint amach faoin mbliain 2050,
  • riosca an sceite carbóin a laghdú agus
  • an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach a éascú agus a chur chun cinn, tríd an digitiú.
Darko Horvat, Aire Geilleagair, Fiontraíochta agus Ceardaíochta na Cróite
Ní mór dúinn a chinntiú gur ar bhealach cóir, cuimsitheach, inbhuanaithe a dhéanfar an t-aistriú i dtreo tionscal Eorpach aeráidneodrach. Na dúshláin a iompú ina ndeiseanna, sin an cúram is mó a bheidh orainn. Is léir ón bplé a bhí againn inniu go bhfuilimid meáite ar iomaíochas ár dtionscal a chaomhnú agus na spriocanna maidir leis an aeráid atá leagtha síos sa Chomhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach ag an am céanna.
Darko Horvat, Aire Geilleagair, Fiontraíochta agus Ceardaíochta na Cróite
Darko Horvat, Aire Geilleagair, Fiontraíochta agus Ceardaíochta na Cróite

Ba é an Coimisiún a mhol an Comhaontú Glas don Eoraip i mí na Nollag 2019 mar straitéis nua fáis an Aontais. Is é is aidhm dó an tAontas a chlaochlú ina gheilleagar inbhuanaithe aeráidneodrach faoi 2050. Leis an gComhaontú Glas, cuirtear roinnt beart agus beartas chun cinn a bhfuil sé mar aidhm acu go mbeadh an t-aistriú cóir agus cuimsitheach, borradh a chur faoi iomaíochas gheilleagar an Aontais, feabhas a chur ar shláinte agus cáilíocht saoil na ndaoine agus an comhshaol a chosaint. I mí na Nollag 2019, d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an cuspóir go mbeadh an tAontas aeráidneodrach faoi 2050.

Conclúidí maidir le rialáil níos fearr "Iomaíochas agus fás cuimsitheach inbhuanaithe a áirithiú"

Ghlac an Chomhairle conclúidí i gcomhthéacs a cláir oibre maidir le rialáil níos fearr. Baineann na conclúidí sin le cáilíocht na measúnuithe tionchair, an gá go gcuirfeadh lucht déanta beartas na leasanna ar leith atá ag fiontair bheaga agus mheánmhéide, gnólachtaí nuathionscanta agus micrifhiontair san áireamh, chomh maith leis an ngá le feabhas a chur ar mhodhanna chun seiceáil an bhfuil dlíthe reatha an Aontais oiriúnach dá bhfeidhm i gcónaí. Tá ról tábhachtach ag an rialáil níos fearr má tá geilleagar an Aontais le bheith iomaíoch, inbhuanaithe, cuimsitheach. Cinntítear, leis an rialáil níos fearr, go ndéantar cinnteoireacht ar bhonn fianaise agus go mbíonn beartais oiriúnach don fheidhm.

An Seimeastar Eorpach - Tuarascáil ar Fheidhmíocht an Mhargaidh Aonair

Ar bhonn nóta ón Uachtaránacht, bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir le torthaí na Tuarascála ar Fheidhmíocht an Mhargaidh Aonair ón gCoimisiún.

Bhí na hairí ar aon fhocal ar an mórgóir faoin ngá le cur chuige iomlánaíoch maidir le comhtháthú an mhargaidh aonair, agus díriú, ag an am céanna, ar réimsí sonracha a bhfuil acmhainneacht gan saothrú fós iontu, mar shampla, seirbhísí. Cur chun feidhme agus forfheidhmiú níos fearr ar rialacha an mhargaidh aonair, mar aon le tuilleadh caighdeánaithe, comhchuibhithe agus aitheantais fhrithpháirtigh, is iad sin na príomhuirlisí i gcónaí chun na tairbhí is fearr a bhaint as an margadh aonair.

Sa Tuarascáil ar Fheidhmíocht an Mhargaidh Aonair do 2019, déantar measúnú ar fheidhmíocht eacnamaíoch Mhargadh Aonair an Aontais agus leagtar béim ar na réimsí inar gá do na Ballstáit athchóirithe struchtúracha a dhéanamh d’fhonn an fheidhmíocht sin a bharrfheabhsú. Cumhdaíonn an Tuarascáil earraí, seirbhísí, fuinneamh, digitiú, soláthar poiblí agus comhtháthú na margaí caipitil. Tagann an Tuarascáil in éineacht leis an Straitéis Bhliantúil maidir le Fás Inbhuanaithe do 2020, ina leagtar amach tosaíochtaí beartais atá dírithe ar inbhuanaitheacht iomaíoch agus arb í túsphointe Sheimeastar Eorpach 2020.

Aon ghnó eile

a) Clár oibre an Choimisiúin 2020 (margadh inmheánach agus tionscal)

- Cur i láthair ón gCoimisiún

Chuir an Coimisiún i láthair na gnéithe sin dá chlár oibre do 2020 a glacadh le déanaí atá ábhartha d'obair na Comhairle Iomaíochais.

b) Tionchar COVID-19 ar thionscal an Aontais

- Eolas ón gCoimisiún

Roinn an Coimisiún leis an gComhairle a chéad mheasúnú ar thionchar ionchasach ráig COVID-19 ar thionscal an Aontais. Tharraing an Coimisiún aird na mBallstát ar a thábhachtaí atá sé an t-eolas criticiúil uile a roinnt agus aon bhearta a dhéantar ar leibhéal an Aontais a chomhordú.

c) Torthaí an tsuirbhé ar bhacainní ar an Margadh Aonair do ghnólachtaí Seiceacha agus conclúidí ón gcomhdháil idirnáisiúnta "Margadh Aonair an Aontais Eorpaigh ó thaobh FBManna de" (Prág, 16 Eanáir 2020)

- Eolas ó thoscaireacht na Seice

Tharraing toscaireacht na Seice aird na Comhairle ar thorthaí an tsuirbhé agus na comhdhála thuasluaite. Ba é príomhchuspóir an tsuirbhé, arb í aireacht tionsclaíochta agus trádála na Seice a rinne, anailís a dhéanamh ar an gcaoi a ndéileálann fiontraithe Seiceacha le bacainní áirithe ar thrádáil sa Mhargadh Aonair. Ar an taobh eile, ba é aidhm na comhdhála fiontraithe a chur ar an eolas faoi dheiseanna gnó sa Mhargadh Aonair.

d) Bacainní sa Mhargadh Aonair

- Eolas ó thoscaireacht na Liotuáine

Thug toscaireacht na Liotuáine tuairisc don Chomhairle faoi thorthaí suirbhé maidir leis na bacainní atá ar ghnólachtaí na Liotuáine sa Mhargadh Aonair agus iad ag iarraidh cur lena ngníomhaíochtaí trasteorann. Sheol rialtas na Liotuáine an suirbhé i mí na Samhna 2019 agus cuireadh críoch leis an 31 Nollaig 2019. Tugadh le fios go mbeidh ócáid ardleibhéil leantach ar siúl in Vilnius an 13 Márta 2020 chun na torthaí sin a phlé agus féachaint le hionadaithe gnó an bhféadfaí réitigh a aimsiú.

An Comhaontú Glas - beart a dhéanamh den bhriathar

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025