Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 16/06/2016, 16 Meitheamh 2016

Na príomhthorthaí

Inbhuanaitheacht na gcóras pinsin sa limistéar euro

Phléigh an Grúpa Euro na hionstraimí éagsúla beartais arbh fhéidir úsáid a bhaint astu chun feabhas a chur ar inbhunaitheacht fhioscach na gcóras pinsin sa limistéar euro.

I dteannta na bparaiméadar traidisiúnta amhail ranníocaíochtaí pinsin agus caiteachas, phléigh an Grúpa Euro beartais ghníomhacha mhargadh an tsaothair agus athchóirithe freisin lena bhféadfaí dlús nua a chur le gníomhaíocht eacnamaíoch ar bhealach inbhuanaithe. D’fhéach sé ar na dea-chleachtais a bhaineann le ceartúcháin uathoibríocha ar choráis pinsin mar fhreagairt don mhéadú ar fhad saoil an duine.

Ghlac an Grúpa Euro ráiteas ina bhfuil roinnt prionsabal a comhaontaíodh a bhfuil d’aidhm acu inbhuanaitheacht na gcóras pinsin a mhéadú. D’iarr sé ar an gCoimisiún Eorpach na prionsabail sin a chur san áireamh ina chuid próiseas faireachais agus féachaint ar thagarmharcanna iomchuí a fhorbairt ar an mbonn sin.

An Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta - athbhreithniú Airteagal IV ar an limistéar euro

Chuir Stiúrthóir Bainistíochta an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), Christine Lagarde, an Grúpa Euro ar an eolas maidir leis an measúnú a rinne an Ciste ar ionchas eacnamaíoch an limistéir euro, ar rioscaí agus ar dhúshláin bheartais. Rinneadh an measúnú i gcomhthéacs chomhairliúchán bliantúil Airteagal IV CAI.

Dhearbhaigh CAI go bhfuil an téarnamh eacnamaíoch sa limistéar Euro ag leanúint ar aghaidh. Mhol sé go ndíreodh an limistéar euro ar athchóirithe struchtúracha, ar infheistíocht agus ar athchóirithe san earnáil airgeadais.

Bhí idirphlé cuiditheach ag an nGrúpa Euro maidir leis na moltaí sin. Beidh ráiteas scoir CAI ar fáil ar a shuíomh gréasáin in am trátha.

Aon ghnó eile

Phléigh an Grúpa Euro an boilsciú sa limistéar euro chomh maith le forbairtí i rátaí malairte an euro, bunaithe ar ar chuir an Coimisiúin agus an Banc Ceannais Eorpach i láthair. Ghlac sé a chlár oibre don dara leath de 2016 freisin.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025