- An Grúpa Euro
An Grúpa Euro, 11/07/2016, 11 Iúil 2016
Na príomhthorthaí
An staid eacnamaíoch agus airgeadais sa limistéar euro
Rinne an Grúpa Euro tuairimí a chíoradh maidir leis an staid eacnamaíoch agus airgeadais sa limistéar euro. Chuir an Coimisiún agus an Banc Ceannais Eorpach na hairí ar an eolas faoi na gluaiseachtaí sna margaí airgeadais de thoradh ar an reifreann sa Ríocht Aontaithe ar an 23 Meitheamh.
Tá comharthaí ann cheana go bhfuil na margaí ag cobhsú anois agus na ceartúcháin tosaigh curtha díobh acu. Mar sin féin, tharlódh go mbeadh an éiginnteacht atá ann faoi láthair ina dris chosáin do na hionchais fáis mheántéarmacha, go háirithe i measc infheisteoirí agus sa limistéar euro freisin.
“Tá ardleibhéal neamhchinnteachta ann ach ina ainneoin sin is uile táimid meáite ar luí mach orainn féin chun beartais fhónta fhioscacha lena gcothófar fás a bhunú mar aon le hathchóirithe struchtúracha agus chun earnáil na baincéireachta a dheisiú. Níor imigh aon athrú ar an glcár oibre sin ná ar a thiomanta atáimid don chlár oibre sin chomh maith céanna", arsa Uachtarán an Ghrúpa Euro, Jeroen Dijsselbloem i ndiaidh an chruinnithe.
Faireachas iarchláir in Éirinn agus sa Phortaingéil
Cuirfear an Grúpa Euro ar an eolas faoi phríomhthorthaí an cúigiú athbhreithniú ar an bhfaireachas iarchláir in Éirinn agus faoi phríomhthorthaí an ceathrú athbhreithniú ar an bhfaireachas iarchláir sa Phortaingéil, ar i Meitheamh 2016 a rinneadh an dá cheann acu.
Tháinig an dá mhisean faireachais iarchláir ar an gconclúid go bhfuil Éire agus an Phortaingéil araon in ann na hiasachtaí a fuair siad faoi na cláir ar leithligh a aisíoc.
- Ráiteas tar éis an chúigiú misean faireachais iar-chláir in Éirinn (Meitheamh 2016)
- Ráiteas tar éis an cheathrú misean faireachais iar-chláir sa Phortaingéil (Meitheamh 2016)
An Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis — cur chun feidhme i dtíortha an limistéir euro
Phléigh an Grúpa Euro an staid bhuiséadach sa Spáinn agus sa Phortaingéil. Ar an 7 Iúil ghlac an Coimisiún Eorpach moltaí maidir le cinntí ón gComhairle lena mbunaítear nach bhfuil ceachtar den dá thír tar éis gníomhú go leoréifeachtach chun easnaimh iomarcacha a cheartú laistigh den tréimhse a socraíodh sa mholadh ón gComhairle an 21 Meitheamh 2013.
Is í Comhairle an Aontais Eorpaigh a ghlacfaidh aon chinntí a bheidh bunaithe ar na moltaí sin ón gCoimisiún.
- Moladh le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena suitear nach bhfuil an Phortaingéil tar éis gníomhú go héifeachtach mar fhreagra ar an Moladh ón gComhairle an 21 Meitheamh 2013
- Moladh le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena suitear nach bhfuil an Spáinn tar éis gníomhú go héifeachtach mar fhreagra ar an Moladh ón gComhairle an 21 Meitheamh 2013
Staid fhioscach an limistéir euro
Phléigh an Grúpa Euro staid fhioscach an limistéir euro bunaithe ar na cláir chobhsaíochta náisiúnta a chuir Ballstáit an limistéir euro faoina bhráid i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh i mí Aibreáin na bliana seo.
Chomhaontaigh an Grúpa Euro go meastar go gcasfaidh an seasamh comhiomlán fioscach sa limistéar euro ó bheith mós méadaitheach in 2016 go mbeith neodrach go ginearálta in 2017.
Cuirfear an díospóireacht sin san áireamh agus a bpleananna buiséadacha á n-ullmhú ag na Ballstáit do 2017 níos déanaí i mbliana.
Plé téamach ar an bhfás agus ar an bhfost: infheistíocht sa limistéar euro
Lean an Grúpa Euro den phlé ar théama an fháis agus ar théama na fostaíochta agus é ag díriú ar chúrsaí infheistíochta, an feacht seo. Rinne na hairí tuairimí a chíoradh maidir leis an gcaoi ina bhféadfar dul i ngleic leis na bacainní rialúcháin agus struchtúracha don infheistíocht, lena ndíreofar go háirithe ar fheabhas a chur ar éifeachtúlacht an riaracháin phoiblí, an timpeallacht ghnó agus ar na scrogaill shonracha a bhíonn in earnálacha éagsúla.
Tá an plé seo mar chomhlánú ar thionscnaimh níos leithne ar fud an Aontais ina ndírítear ar an infheistíocht a spreagadh.
Tá tábhacht faoi leith le borradh a chur faoin infheistíocht chun cur leis an bhfás sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma i ngeilleagar an limistéir euro.
Leanfaidh an Grúpa Euro leis an bplé sin níos déanaí i mbliana.
Comhaid na gcruinnithe
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President
- +32 478 83 26 64
- +32 2 281 75 32
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EUROGROUP
Cruinnithe eile: An Grúpa Euro
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025