- An Grúpa Euro
An Grúpa Euro, 09/09/2016, 9 Meán Fómhair 2016
Na príomhthorthaí
An Ghréig
Chuir na hinstitiúidí agus Aire Airgeadais na Gréige, Euclid Tsakalotos, an Grúpa Euro ar an eolas faoin staid ina bhfuil cur chun feidhme chlár coigeartaithe eacnamaíoch na Gréige.
Na garspriocanna a comhaontaíodh i gcomhthéacs chéad athbhreithniú an chláir, tá údaráis na Gréige meáite ar iad a chomhlíonadh ar bhealach tráthúil.
Orthu sin tá 15 bheart a bhaineann le príobháidiú, athchóiriú na hearnála fuinnimh, rialachas bainc agus an ghníomhaireacht ioncaim a bhunú. Is gá don Ghréig na garspriocanna sin a bhaint amach sula ndéanfaidh an Sásra Cobhsaíochta Eorpach eisíocaíocht de EUR 2.8 billiún
Taistealóidh ionadaithe ó na hinstitiúidií go dtí an Aithin gan mhoill chun an dul i mbun an dara hathbhreithniú den chlár a ullmhú.
Plé téamach ar an bhfás agus ar an bhfostaíocht: cáilíocht an airgeadais phoiblí
Roinn an Grúpa Euro tuairimí i ndáil le hathbhreithnithe caiteachais rialtas, bunaithe ar thaithí násiúnta. Seoltar athbhreithnithe den sórt sin chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcistí poiblí i gcatagóirí éagsúla de bhuiséad tíre.
Is é aidhm an phlé seo cabhrú leis na Ballstáit a gcuid buiséad a tharraingt suas i gcaoi go gcothófar fás níos mó.
Ghlac an Grúpa Euro ráiteas inar leagadh amach na comhphrionsabail le haghaidh leithdháileadh caiteachais a fheabhsú.
Chomhaontaigh na hairí, fairis sin, go bpléifear an t-ábhar seo ar bhonn rialta agus tá sé i gceist acu é a ardú arís sa chéad leath de 2017.
Saincheisteanna fioscacha atá ann faoi láthair
Dhearbhaigh an Grúpa Euro gur cheart do Bhallstáit an limistéir euro a ndréachtphleananna buiséadacha don bhliain 2017 a thíolacadh idir 1 agus 15 Deireadh Fómhair na bliana seo.
Trí bhíthin tráthchlár mar sin áiritheofar go ndéanfar dréachtphleananna buiséadacha a mheasúnú ar bhonn sraith inchomparáide de thoimhdí maicreacnamaíocha. Tiocfar ar réiteach réadúil do thíortha a bhfuil rialtas idirthréimhsiúil acu.
Amach san fhómhar, i gcomhréir leis an gcleachtas seanbhunaithe, tionólfaidh an Grúpa Euro a sheisiún domhainphlé bliantúil ar na pleananna sin, bunaithe ar thuairimí an Choimisiúin Eorpaigh.
Thug na hairí spléachadh ar an nós imeachta um easnamh iomarcach a bhaineann leis an Spáinn agus leis an bPortaingéil faoi láthair. Chinn an Chomhairle, i mí Iúil, nár ghlac ceachtar den dá thír sin beart éifeachtach chun an t-easnamh iomarcach atá acu a cheartú laistigh de na spriocdhátaí a leagadh síos. Sannadh spriocdhátaí nua don Spáinn agus don Phortaingéil dá éis sin agus táthar ag súil go nglacfaidh siad beart éifeachtach faoin 15 Deireadh Fómhair. Ghlac an Chomhairle tograí ón gCoimisiún freisin lena gcealófar na fíneálacha a chaithfeadh an Spáinn agus an Phortaingéil a íoc i gcás nach mbeadh na heasnaimh ceartaithe in am, i gcomhréir le rialacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis.
Thug na hairí aird ar an dul chun cinn fónta a rinneadh freisin ar an obair atá ar siúl d’fhonn cur chun feidhme an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a shimpliú.
- An nós imeachta maidir le heasnamh iomarcach: Comhaontaíonn an Chomhairle fíneáil nialasach a ghearradh ar an bPortaingéil agus ar an Spáinn araon agus spriocdhátaí nua a thabhairt dóibh
- An nós imeachta maidir le heasnamh iomarcach: Cinneann an Chomhairle nach bhfuil gníomhaíocht éifeachtach déanta ag an bPortaingéil ná ag an Spáinn
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Litir ina ndéantar achoimre ar an bplé, cruinniú den Ghrúpa Euro an 9 Meán Fómhair 2016
- Dréachtchlár oibre anótáilte an Ghrúpa Euro, 9 Meán Fómhair 2016
- Cáilíocht an airgeadais phoiblí: athbhreithnithe ar chaiteachas le go ndéanfar é a leithdháileadh ar bhealach níos cliste sa limistéar euro, Meán Fómhair 2016
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President
- +32 478 83 26 64
- +32 2 281 75 32
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EUROGROUP
Cruinnithe eile: An Grúpa Euro
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025