Skip to content
  • An Grúpa Euro

Cruinniú den Ghrúpa Euro, 09/05/2016, 9 Bealtaine 2016

Na príomhthorthaí

Phléigh an Grúpa Euro an staid mar atá maidir leis an gcéad athbhreithniú ar chlár coigeartaithe maicreacnamaíoch na Gréige.

Ba dhíol sásaimh dó pacáiste athchóirithe beartais lena gcuimseofar an méid a leanas:

  • an córas pinsean
  • cáin ioncaim agus CBL
  • bearta maidir le bille pá na hearnála poiblí
  • an straitéis maidir le príobháidiú
  • saincheist na n-iasachtaí neamhthuillmheacha

Chinn an Grúpa Euro go gcaithfidh údaráis agus institiúidí na Gréige níos mó oibre a dhéanamh ar shásra maidir le bearta teagmhais. Ní thiocfaidh na bearta sin i bhfeidhm ach sa chás in mbeadh gá le hiarracht bhreise chun na spriocanna príomhbharrachais a comhaontaíodh a bhaint amach.

Féadfar níos mó cabhair airgeadais a thabhairt don Ghréig nuair a thabharfar an chéad athbhreithniú chun críche tar éis don Ghréig na réamhghníomhaíochtaí a chur chun feidhme agus nuair a bheidh na nósanna imeachta ábhartha náisiúnta curtha chun feidhme sna Ballstáit eile sa limistéar euro.

Na chéad chéimeanna eile

D’athdhearbhaigh an Grúpa Euro go raibh sé réidh le machnamh a dhéanamh faoi bhearta eile a d'fhéadfaí a dhéanamh le hinbhuanaitheacht riachtanais athmhaoinithe na Gréige a áirithiú nuair a bheidh an chéad athbhreithniú déanta. Chomhaontaigh sé roinnt treoirphrionsabail agus cur chuige seicheamhach i ndáil leis sin, agus chuir sé de chúram ar Mheitheal an Ghrúpa Euro na mionsonraí a réiteach.

Leanfaidh an Grúpa Euro leis an bplé ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aige ar an 24 Bealtaine 2016.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025