"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Tosaíochtaí agus dúshláin don limistéar euro i dtimthriall nua an bheartais Eorpaigh
Bhí plé polaitiúil straitéiseach ag na hairí faoi phríomhthosaíochtaí beartais an limistéir euro agus ról an Ghrúpa Euro maidir le haghaidh a thabhairt orthu.
Chuir an Coimisiún i láthair príomhthosaíochtaí eacnamaíocha an choláiste nua maidir leis an limistéar euro.
Dhírigh muid ar an mbealach a réiteach chun go mbeidh fás eacnamaíoch níos láidre agus athléimneacht sa limistéar euro ann, agus chun na cinntí ar leith is gá a dhéanamh in 2025 ar mhaithe leis an euro a neartú.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Nuálaíocht in íocaíochtaí mórdhíola
Phléigh na hairí an úsáid a bhaintear as teicneolaíochtaí nuálacha, mar shampla téacschomharthú agus teicneolaíocht mórleabhar dáilte, i socraíochtaí idirbheart mórdhíola.
Bhí Hyun Song Shin, comhairleoir eacnamaíoch agus ceann na roinne airgeadaíochta agus eacnamaíochta sa Bhanc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta, páirteach sa phlé.
Thug an Banc Ceannais Eorpach nuashonrú ar an obair thaiscéalaíoch atá á déanamh aige maidir le teicneolaíochtaí nua chun idirbhearta mórdhíola a shocrú.
Bhreathnaigh na hairí ar an dul chun cinn a rinne tionscadal an euro dhigitigh ó bhí an seisiún tuairimíochta deireanach acu i mí Dheireadh Fómhair, bunaithe ar nuashonruithe ón mBanc Ceannais Eorpach agus ón gCoimisiún.
In éagmais euro digiteach, tá méadú ag teacht i gcónaí ar na modhanna íocaíochta idirnáisiúnta a ghlacann tomhaltóirí. Dá fhaide a fhanfaimid gan gníomhú is ea is mó deacracht a bheidh againn breith suas.
Tosaíochtaí beartais rialtais na Fraince agus na Liotuáine
Chuir Aire nua Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais na Fraince, Éric Lombard, agus Aire Airgeadais nua na Liotuáine, Rimantas Šadžius, tosaíochtaí beartais a rialtas faoi seach i láthair.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.