Baincéireacht
A ndéanann an tAontas chun córas baincéireachta slán athléimneach a chothú ó cheann ceann hEorpa.
Is éard atá san aontas baincéireachta ollstruchtúr rialacha agus institiúidí an Aontais a ceapadh chun an earnáil baincéireachta a rialáil, a mhaoirsiú agus a athshlánú.
An chobhsaíocht a chinntiú, an athléimneacht i leith turraingí eacnamaíocha a fheabhsú, imeacht rianúil ón margadh a éascú, agus rialacháin airgeadais a chomhchuibhiú, is aidhm do na rialacha sin.
Cad chuige ar cruthaíodh an t-aontas baincéireachta?
Ba mar fhreagairt ar na géarchéimeanna airgeadais agus fiachais cheannasaigh, a bhuail an Eoraip ó 2008 ar aghaidh, a bunaíodh an t-aontas baincéireachta.
Leis na géarchéimeanna sin, nochtadh laigí in earnáil baincéireachta an Aontais, agus léiríodh go háirithe chomh fite fuaite ina chéile is a bhí córais airgeadais an limistéir euro.
Bunaíodh an t-aontas baincéireachta in 2014 chun feabhas a chur ar rialáil, ar mhaoirseacht agus ar réiteach na mbanc trí chur leis an reachtaíocht rialála baincéireachta a bhí ann cheana.
Buntáistí an aontais baincéireachta
Bainc stóinsithe a bhuí le rialáil agus maoirseacht níos déine.
Ní rachfar i muinín airgead na gcáiníocóirí chun bainc a bhfuil ag cliseadh orthu a thabhairt slán.
Laghdaítear ilroinnt an mhargaidh fud fad an limistéir euro.
Cuirtear bac ar leathadh seach-iarmhairtí ó bhanc go chéile.
Bainc a chosaint ar an gcliseadh
Tá sásra stóinsithe maoirseachta i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach chun córas baincéireachta na hEorpa a chosaint.
Lárnach sa chreat sin, tá an sásra aonair maoirseachta, comhlacht fornáisiúnta an Aontais a dhéanann maoirseacht ar gach uile bhanc sna tíortha sin atá rannpháirteach san aontas baincéireachta.
Is é is aidhm don mhaoirseacht sin féachaint chuige go mbeidh na bainc oiriúnach le bheith i mbun feidhme, go mbeidh siad dea-chaipitlithe, agus go mbeidh siad athléimneach i leith turraingí eacnamaíocha. Coinníonn sin airgead na gcáiníocóirí slán agus coinníonn sé na bainc slán ar an gcliseadh.
Bainc a chosc ar an gcliseadh
Is tríd an sásra réitigh aonair a láimhseálann an tAontas an cliseadh ar institiúidí creidmheasa a bunaíodh san aontas baincéireachta.
Córas láraithe é an sásra lena réitítear bainc agus grúpaí baincéireachta neamh-inmharthana ar bhealach ordúil chun an chobhsaíocht airgeadais i gcoitinne a chosaint agus chun fónamh do leas an phobail trí fhéachaint chuige gurb iad na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe a bheadh faoi dhliteanas i leith chaillteanais a mbanc agus, ar an gcaoi sin, nach rachfaí i muinín airgead na gcáiníocóirí.
Is tríd an mbord aonair réitigh agus tríd an gciste aonair réitigh a fheidhmíonn sé.
An bord réitigh aonair
Gníomhaireacht de chuid an Aontais atá go hiomlán neamhspleách agus atá freagrach go díreach as gach uile chás pleanála agus réitigh.
An ciste réitigh aonair
Ciste na dála deiridh, a bunaíodh ar an leibhéal fornáisiúnta, is féidir a úsáid in am an ghátair.
An scéala is déanaí
Remarks by Kyriakos Pierrakakis following the Eurogroup meeting of 4 May 2026 François-Louis Michaud ceaptha ag an gComhairle ina chathaoirleach ar an Údarás Baincéireachta Eorpach Airgeadra aonair: a seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir leis an euro digiteach agus maidir le ról an airgid thirim a neartú
Na blaisíní breise is déanaí
An t-aontas coigiltis agus infheistíochta
An tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta
Cosaint tomhaltóirí: táirgí airgeadais
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Aibreán 2026