"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Ceathrú Comhdháil Aontachais leis an Albáin, 14 Aibreán 2025
Na príomhthorthaí
Tionóladh an ceathrú cruinniú den Chomhdháil Aontachais leis an Albáin ar leibhéal na n-airí i Lucsamburg.
Chuir an cruinniú tús leis an gcaibidlíocht leis an Albáin maidir le Braisle 2, ‘An Margadh Inmheánach’, agus na caibidlí caibidlíochta seo a leanas san áireamh:
Caibidil 1 – Saorghluaiseacht earraí,
Caibidil 2 – Saorghluaiseacht oibrithe,
Caibidil 3 – Ceart bunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar,
Caibidil 4 – Saorghluaiseacht caipitil,
Caibidil 6 – Dlí na gcuideachtaí,
Caibidil 7 – Dlí na maoine intleachtúla,
Caibidil 8 – An beartas iomaíochta,
Caibidil 9 – Seirbhísí airgeadais, agus
Caibidil 28 – Cosaint tomhaltóirí agus sláinte
Bhí toscaireacht an Aontais Eorpaigh faoi stiúir Radosław Sikorski, Aire Gnóthaí Eachtracha, thar ceann Uachtaránacht na Polainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, le rannpháirtíocht an Choimisinéara um Méadú, Marta Kos. Ba é Edi Rama, Príomh-Aire na hAlbáine, a bhí i gceannas ar thoscaireacht na hAlbáine.
Bhí an chéad Chomhdháil Idir-rialtasach againn le ceann de na tíortha is iarrthóirí faoi Uachtaránacht na Polainne. Tá méadú an Aontais fós ina thosaíocht lárnach againn. Léiríonn an dul chun cinn daingean sin ár dtiomantas láidir dár gcomhpháirtithe sna Balcáin Thiar, réigiún atá ríthábhachtach do chobhsaíocht agus slándáil an Aontais Eorpaigh.
Radosław Sikorski, Aire Gnóthaí Eachtracha, thar ceann Uachtaránacht na Polainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.